Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dul i ngleic leis an difreálach pá idir fir agus mná

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Dul i ngleic leis an difreálach pá idir fir agus mná

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (COIM(2007) 424 leagan deireanach) – bealaí chun dul i ngleic le difríochtaí pá bunaithe ar inscne

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Déantar imscrúdú ann ar na cúiseanna go dtarlaíonn sé i gcónaí go n-íoctar níos lú le mná ná le fir agus cuirtear bealaí féideartha chun tosaigh ina bhféadfaí dul i ngleic leis an idirdhealú sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is féidir leis an difreálach pá* difríochtaí oibiachtúla amhail aois agus taithí a léiriú. Ach tá nasc idir é agus tosca éagsúla dlí, sóisialta agus eacnamaíocha freisin, cosúil le conas a chuirtear luach ar phoist.
  • Tá an difreálach pá níos leithne ná an meán i gcuideachtaí san earnáil phríobháideach. Méadaíonn sé de réir mhéid an ghnó agus aois, leibhéal oideachais agus fhad seirbhíse an duine.
  • Tugtar ceithre bhealach le fios sa teachtaireacht ina bhféadfaí idirdhealú pá a laghdú:
    • Feabhas a chur ar chur chun feidhme reachtaíochta Eorpaí reatha agus feachtais faisnéise a úsáid chun béim a chur ar urramú a thabhairt do phrionsabal an phá chomhionainn ar luach comhionann,
    • Leas iomlán a bhaint as an Straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fáis agus post, ina n-áirítear i measc a cuid aidhmeanna an difreálach pá a laghdú,
    • Fostóirí a spreagadh sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha chun pá comhionann a chur i bhfeidhm,
    • Samplaí dea-chleachtais a mhalartú ag gach leibhéal den rialtas.
  • Foráiltear i dTreoir 2006/54/CE i gcomhair dálaí fostaíochta comhionanna d’fhir agus do mhná, lena n-áirítear pá.
  • Tugtar comhairle i Moladh 2014/124/AE do rialtais náisiúnta faoi conas is fearr prionsabal an phá chomhionainn a chur i bhfeidhm. Áirítear sa treoir:
    • an ceart atá ag fostaithe faisnéis a bheith acu ar leibhéil phá;
    • tuarascálacha rialta ar an meánleibhéal pá atá ag cuideachtaí ina bhfuil os cionn 50 fostaí;
    • iniúchtaí pá a eagraítear go náisiúnta do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí ina bhfuil os cionn 250 fostaí;
    • sonraí cothrom chun dáta maidir leis an difreálach pá ó thaobh inscne de.

CÚLRA

Téann bunphrionsabal an chaithimh chomhionann idir fir agus mná siar go dtí tús an Aontais Eorpaigh ar fad. Tá sé cumhdaithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagail 2 agus 3(3)), sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagail 8, 10 agus 157(1)), an Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha (Airteagal 23) agus é ar 1 de 5 thosaíocht i gCairt na mBan.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Difreálach pá: tomhaiseann sé seo an difríocht choibhneasta sna hollthuillimh in aghaidh na huaire ar an meán atá ag fir agus ag mná sa gheilleagar trí chéile.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Ag dul i ngleic leis an difreálach pá idir fir agus mná (COIM(2007) 424 críochnaitheach an 18.7.2007)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na gcomhdheiseanna agus an chaithimh chomhionann le fir agus le mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) (IO L 204, 26.7.2006, lgh. 23-36)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis chomhionannais idir mná agus fir 2010-2015 (COIM(2010) 491 leaganfinal an 21.9.2010)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Tuarascáil maidir cur i bhfeidhm Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na gcomhdheiseanna agus an chaithimh chomhionann le fir agus le mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) (COM(2013) 861 final an 6.12.2013)

Moladh ón gCoimisiún 2014/124/AE an 7 Márta 2014 maidir le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná trí thrédhearcacht (IO L 69, 8.3.2014, lgh. 112-116)

Nuashonraithe 27.01.2016

Top