Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Acquis

Acquis

Is éard is acquis an Aontais Eorpaigh (AE) ann ná bailiú na gceart agus na n–oibleagáidí coiteanna lena mbunaítear corpas dhlí AE, agus tá sé corpraithe i gcórais dlí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Forbraítear acquis AE go leanúnach le himeacht ama agus cuimsítear ann:

  • ábhar, prionsabail agus cuspóirí polaitíochta Chonarthaí AE;
  • aon reachtaíocht arna glacadh chun na conarthaí sin a chur i bhfeidhm agus an cásdlí arna fhorbairt ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
  • dearbhuithe agus rúin arna nglacadh ag an Aontas Eorpach;
  • bearta i réimsí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus gnóthaí dlí agus cirt agus gnóthaí baile;
  • comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach, agus comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích i measc na mBallstát féin maidir le gníomhaíochtaí AE.

Caithfidh tíortha is iarrthóirí (tíortha iarrthacha) glacadh leis an acquis sula mbeidh siad ábalta ballraíocht a ghlacadh san Aontas Eorpach. Ní cheadaítear maoluithe (eisceachtaí) ón acquis ach i gcásanna eisceachtúla amháin agus tá raon teoranta leo. Caithfidh na tíortha is iarrthóirí an acquis a chorprú ina ndlíchórais náisiúnta faoi dháta a n–aontachas leis an Aontas Eorpach agus caithfidh siad é a chur i bhfeidhm ón dáta sin ar aghaidh.

FÉACH FREISIN

Top