Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe arna mbunú ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh

Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe arna mbunú ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2022/2343 maidir leis na bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i réimse inniúlachta Choimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé d’aidhm aige rialacha iascaireachta tuinníní arna mbunú ag an gCoimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) a chur chun feidhme i ndlí an Aontais Eorpaigh (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá an tAigéan Indiach Thiar ar cheann de na príomhlimistéir iascaireachta tuinníní atá ag an Aontas.
  • Tá an tAontas ina pháirtí conarthach in IOTC ó 1995 i leith.
  • Cumhdaítear leis na rialacha bainistiú, bailiú sonraí, tuairisciú agus cosaint speiceas áirithe éisc.
  • Cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach comhchaighdeáin chun cinn maidir le rialú, cigireacht agus faireachas faoin gcomhbheartas iascaigh.
  • Le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le córas rialaithe iascaigh an Aontais (féach achoimre) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 maidir le deireadh a chur le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (féach achoimre), leagtar amach na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le rialú, cigireacht agus forfheidhmiú ag údaráis náisiúnta ar rialacha an chomhbheartais iascaigh.

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le:

  • Soithí iascaireachta an Aontais a oibríonn i réimse inniúlachta IOTC;
  • Soithí iascaireachta an Aontais i gcás trasloingsithe* agus speicis IOTC a thabhairt i dtír lasmuigh den limistéar; agus
  • soithí iascaireachta neamh-AE a úsáideann calafoirt i mBallstáit an Aontais agus speicis IOTC nó táirgí iascaigh de thionscnamh na speiceas sin á n-iompar acu.

Na príomhrialacha

Áirítear an méid seo a leanas i rialacha IOTC:

  • na ceanglais maidir le bainistiú, bailiú sonraí agus taifeadadh le haghaidh tuinníní, billéisc agus speicis siorcanna;
  • bearta cosanta le haghaidh roinnt speiceas lena n-áirítear roic, siorcanna, céiticigh agus turtair mhuirí;
  • toirmeasc ar chleachtais iascaireachta áirithe;
  • rialacha maidir le húsáid agus tuairisciú feistí um chomhbhailiú éisc;
  • rialacha maidir leis an scéim breathnóireachta eolaíochta ar bord soithí;
  • forálacha faireacháin, rialaithe agus faireachais, lena n-áirítear beart stát an chalafoirt agus trasloingsiú agus tabhairt i dtír speiceas IOTC;
  • bearta rialaithe lena n-áirítear:
    • na doiciméid ar bord soithí,
    • taifead ar shoithí údaraithe agus an nós imeachta chun údaruithe a dheonú,
    • nósanna imeachta i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.

Leasuithe

Chun go bhféadfar dlí an Aontais a chur in oiriúint go tapa do rúin IOTC amach anseo, údaraítear leis an rialachán don Choimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun athruithe teicniúla a chur san áireamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá sé i bhfeidhm ón 22 Nollaig 2022.
  • Leasaítear leis an rialachán Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 (féach achoimre), (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 (féach achoimre) i ndáil leis na rialacha a leag siad síos maidir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Trasloingsiú. Gach táirge iascaigh nó aon táirgí iascaigh ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú ar shoitheach iascaireachta eile.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2022/2343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 311, 2.12.2022, lgh. 1–53).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (códú) (IO L 83, 25.3.2019, lgh. 18–37).

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22–61).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1–50).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 1–32).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla chun stoic áirithe de speicis mhór-imirceacha a chaomhnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lgh. 3–13).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle an 8 Aibreán 2003 lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i dtuinnín gorm, i gcolgán agus i dtuinnín mórshúileach laistigh den Chomhphobal (IO L 295, 13.11.2003, lgh. 1–42).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lgh. 1–8).

Féach an leagan comhdhlúite.

Comhaontú lena mbunaítear Coimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh (IO L 236, 5.10.1995, lgh. 25–33).

Cinneadh 95/399/CE ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún maidir le Bunú Choimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh (IO L 236, 5.10.1995, lch. 24).

Nuashonraithe 09.03.2023

Top