Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Timpeallacht ionaid ilfhreastail AE maidir le custam

Timpeallacht ionaid ilfhreastail AE maidir le custam

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2022/2399 lena mbunaítear timpeallacht ionaid ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le custam

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis timpeallacht ionaid ilfhreastail an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le custam* [SWE-C an Aontais] chun feabhas a chur ar chomhar agus idir–inoibritheacht a éascú idir na limistéir chustaim agus na limistéir neamhchustaim maidir le malartú leictreonach doiciméad agus faisnéise atá riachtanach don phróiseas imréitigh earraí a chuíchóiriú.
  • Leagtar amach leis rialacha chun feabhas a chur ar chomhar poiblí digiteach agus ar chomhroinnt faisnéise idir riaracháin chustaim agus údaráis rialtais eile (rud ar a dtugtar “údaráis inniúla chomhpháirtíochta*) atá i gceannas ar fhoirmiúlachtaí neamhchustaim AE* a fhorfheidhmiú ag teorainn AE i réimsí éagsúla freagrachta AE faoi na conarthaí, amhail sláinte agus sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil, iascach, talmhaíocht agus faireachas margaidh.
  • Bunaítear leis córas láraithe, ar a dtugtar córas malartaithe deimhnithe um ionad ilfhreastail custaim AE (CSW-CERTEX an Aontais) chun feabhas a chur ar chomhroinnt agus ar phróiseáil sonraí a chuireann oibreoirí eacnamaíocha isteach chuig údaráis inniúla chustaim agus chomhpháirtíochta, rud a áirithíonn go bhfaighidh na húdaráis sin na sonraí bunaidh i bhfíor–am.
  • Ceanglaítear leis ar Bhallstáit AE sraith seirbhísí agus córas a bhunú agus a fheidhmiú ar a dtugtar na “timpeallachtaí náisiúnta ilfhreastail aonair maidir le custam” ionas go mbeifear ábalta faisnéis a mhalartú idir córais leictreonacha a n–údarás custaim, a n–údarás inniúil comhpháirtíochta agus a n–oibreoirí eacnamaíocha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhpháirteanna SWE-C an Aontais

Soláthraítear leis an rialachán creat le haghaidh comhar digiteach idir údaráis chustaim agus údaráis neamhchustaim trí thrí chomhpháirt lárnacha:

  • Córais neamhchustaim AE*
  • timpeallachtaí náisiúnta ilfhreastail aonair maidir le custam; agus
  • CSW-CERTEX an Aontais.

Leis an gcreat seo is féidir faisnéis a mhalartú idir córais náisiúnta chustaim agus córais neamhchustaim AE trí CSW-CERTEX an Aontais, chun seiceálacha riaracháin a éascú go leictreonach nuair a dhéantar na seiceálacha custaim.

Inoibritheacht idir comhpháirteanna SWE-C an Aontais

Cumasaítear inoibritheacht idir comhpháirteanna SWE-C an Aontais trí dhá shraith um chomhar digiteach agus riaracháin idir rialtais (G2G) agus idir gnólachtaí agus rialtais (B2G), chun go mbeifear ábalta faisnéis a mhalartú idir custam, údaráis inniúla chomhpháirtíochta agus oibreoirí eacnamaíocha. Is iad seo a leanas na príomhaidhmeanna leis an rialachán.

  • Scéim G2G a chur chun feidhme faoi 2025 chun comhroinnt faisnéise idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta a fheabhsú agus a chuíchóiriú chun an fhaisnéis atá riachtanach don phróiseas imréitigh custaim a mhalartú agus a fhíorú go huathoibríoch. Áireofar leis an bhfíorú sin tuilleadh go ndéanfar faireachán agus rialú mar is ceart ar na cainníochtaí earraí a allmhairítear nó a onnmhairítear ar leibhéal AE, agus ar an dóigh sin laghdófar rioscaí calaoise agus bearnaí i bhforfheidhmiú na gceanglas neamhchustaim.
  • Scéim um réiteach díospóidí a chur i bhfeidhm naoi mbliana i ndiaidh chur i bhfeidhm an rialacháin chun próisis imréitigh a chuíchóiriú d’oibreoirí eacnamaíocha agus earraí ag gluaiseacht isteach san Aontas Eorpach agus amach as. Leis an scéim sin beidh oibreoirí eacnamaíocha ábalta tairseach aonair a úsáid i mBallstát aonair chun na sonraí go léir a theastaíonn le haghaidh imréiteach earraí a chur isteach, seachas na sonraí a chur isteach ar leithligh maidir le córais náisiúnta custaim agus córais neamhchustaim AE.
  • A áirithiú go mbainfear úsáid as uimhir chlárúcháin agus uimhir aitheantais an oibreora eacnamaíoch mar aitheantóir príomha d’oibreoirí eacnamaíocha don fhaisnéis a mhalartaítear trí scéimeanna G2G agus B2G, lena n–áirítear le haghaidh na rialuithe arna ndéanamh ag údaráis inniúla chomhpháirtíochta.

Cosaint sonraí

  • Tá SWE-C an Aontais deartha ionas go mbeidh príobháideacht agus cosaint sonraí ag a chroílár
  • Ní choinnítear sonraí sna córais foinse (sonraí custaim nó neamhchustaim) agus ní úsáidtear iad ach chun na gcríoch atá bunaithe cheana féin leis an reachtaíocht custaim agus reachtaíocht neamhchustaim amháin.
  • Ní stóráiltear sonraí ar bith in CERTEX-CSW an Aontais agus oibríochtaí próiseála sonraí á bhfeidhmiú. Go deimhin, déantar na malartuithe agus na comhairliúcháin uile i bhfíor–am rud a spreagann scriosadh comhthéacsúil sonraí ar bith a luaithe is a bheidh na hoibríochtaí próiseála curtha i gcrích.
  • Ní choinnítear aon sonraí sa chóras seachas log ina léirítear go ndearnadh tarchur, mar aon le huimhir thagartha na ndoiciméad lena mbaineann.

Foirmiúlachtaí neamhchustaim a chumhdaítear faoi SWE-C an Aontais

  • Cuimsítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán foirmiúlachtaí neamhchustaim arna n–óstáil i gcórais neamhchustaim AE a úsáidtear ar bhonn éigeantach nó deonach, ag brath ar cheanglais reachtaíocht earnála AE maidir le gach réimse beartais is infheidhme.
  • Áirithítear leis an rialachán go mbainfidh na Ballstáit uile úsáid as CSW-CERTEX an Aontais chun malartuithe digiteacha a chumhdach le haghaidh iliomad foirmiúlachtaí neamhchustaim AE ó réimsí éagsúla beartais. Comhlíonfaidh gach ceann de na foirmiúlachtaí sin ceanglais shonracha dhlíthiúla agus theicniúla a chéimneofar isteach faoi SWE-C an Aontais.
  • Ó 2025 i leith, cumhdófar in CERTEX-CSW an Aontais ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta, rialacha lena rialaítear allmhairiú táirgí orgánacha, roinnt ceanglais maidir leis an gcomhshaol, agus foirmiúlachtaí a bhaineann le hallmhairiú earraí cultúrtha.

Faireachán agus tuairisciú

  • Ullmhóidh an Coimisiún Eorpach tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn chun measúnú a dhéanamh ar staid digitithe na bhfoirmiúlachtaí neamhchustam uile ag teorainn AE, lena n–áirítear forbairtí a bhfuiltear ag súil leo amach anseo agus idirghníomhaíochtaí ionchasacha le custam
  • Gach tríú bliain, cumhdófar leis na tuarascálacha bliantúla freisin faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú SWE-C an Aontais, agus díreofar go háirithe ar a thionchar ar oibreoirí eacnamaíocha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 12 Nollaig 2022, seachas cuid de na rialacha a mbeidh feidhm acu ón 13 Nollaig 2031:

  • Cainéal cumarsáide aonair d’oibreoirí eacnamaíocha (Airteagal 8 (3), pointe (a))
  • Foirmiúlachtaí neamhchustaim (Airteagal 11)
  • Comhchuibhiú agus cuíchóiriú sonraí (Airteagal 13 (1), (2) agus (3)
  • Sonraí custaim agus sonraí custaim arna gcur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha (Airteagal 14) agus
  • Faisnéis bhreise agus malartú sonraí a phróiseáiltear trí mhalartú faisnéise agus sonraí CERTEX-CSW an Aontais (Airteagal 15 (1) agus (2)).

CÚLRA

Is í an reachtaíocht an chéad ghníomh insoláthartha as na 17 ngníomh phlean gníomhaíochta custaim.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Timpeallacht ionaid ilfhreastail maidir le custam. Sraith seirbhísí leictreonacha chun go mbeifear ábalta faisnéis a mhalartú idir córais leictreonacha na n–údarás custaim, na n–údaráis inniúla comhpháirtíochta agus na n–oibreoirí eacnamaíocha.
Údarás inniúil comhpháirtíochta. Aon údarás Ballstáit, nó an Coimisiún, dá dtugtar na cumhachtaí feidhm shainithe a chomhlíonadh maidir le comhlíonadh foirmiúlachtaí ábhartha neamhchustaim AE.
Formiúlacht neamhchustaim AE. Na hoibríochtaí uile nach mór d’oibreoir eacnamaíoch nó d’údarás inniúil comhpháirtíochta a dhéanamh maidir le gluaiseacht idirnáisiúnta earraí, mar atá leagtha síos i reachtaíocht AE seachas reachtaíocht custaim.
Córais neamhchustaim AE. Córas leictreonach AE arna bhunú, a úsáidtear chun cuspóirí reachtaíocht AE a bhaint amach, nó dá dtagraítear i reachtaíocht AE, chun faisnéis a stóráil maidir le comhlíonadh fhoirmiúlacht neamhchustaim AE faoi seach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lgh. 1-23).

Nuashonraithe 07.12.2022

Top