An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (2021-2027)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Bunaítear leis an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bhfuil sé mar aidhm leis cur le bainistíocht éifeachtach sreafaí imirce agus cuidiú le comhbheartais tearmainn agus inimirce an Aontais Eorpaigh (AE) a chur chun feidhme, a neartú agus a fhorbairt.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá an rialachán lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) 2021-2027 ar cheann de roinnt cistí a chuir an tAontas Eorpach ar bun sa limistéar saoirse, ceartais agus slándála. Áirítear iad seo a leanas orthu sin:
- Rialachán (AE) 2021/1148 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (féach an achoimre);
- Rialachán (AE) 2021/1149 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (féach an achoimre).
Cuspóirí
Tá 4 chuspóir shonracha leis an gciste:
- an Comhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, gné sheachtrach an chomhchórais san áireamh;
- imirce dhlíthiúil chuig Ballstáit AE a neartú agus a fhorbairt, lena n–áirítear lánpháirtíocht agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn;
- cur le hiarrachtaí an imirce neamhdhleathach a chomhrac agus filleadh agus athligean isteach sábháilte agus maorga a threisiú;
- an dlúthpháirtíocht a fheabhsú agus an fhreagracht a roinnt idir na Ballstáit.
Buiséad agus leithdháileadh cistí
- Tá buiséad €9.882 billiún leis an gciste don tréimhse an 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, fad an chreata airgeadais ilbhliantúil.
- Leithdháiltear €6.270 billiún ar chláir na mBallstát agus €3.612 billiún ar an “tsaoráid théamach”, ina bhfuil roinnt comhpháirteanna lena n–áirítear
- gníomhaíochtaí sonracha
- gníomhaíochtaí bainistíochta dírí ar leibhéal AE
- cúnamh éigeandála, athlonnú agus athshocrú
- Gréasán Imirce na hEorpa.
- Faigheann gach Ballstát suim sheasta de €8 milliún ag tús na tréimhse clársceidealaithe, seachas an Chipir, an Ghréig agus Málta a fhaigheann €28 milliún an tír.
- Roinntear an leithdháileadh eile mar seo a leanas
- 35 % maidir le tearmann
- 30 % maidir le himirce dhlíthiúil agus lánpháirtíocht
- 35 % maidir le himirce neamhdhleathach agus filleadh.
- Ní mór do na Ballstáit 15 % ar a laghad dá leithdháileadh a leithdháileadh ar na cuspóirí i ndáil le tearmann agus imirce dhlíthiúil agus lánpháirtíocht.
- ba cheart 20 % ar a laghad den tsaoráid théamach a shannadh do chuspóir na dlúthpháirtíochta.
Athshocrú, ligean isteach daonnúil agus athlonnú
Deonaítear ón gciste cnapshuimeanna do Bhallstáit sna cásanna seo a leanas:
- €10,000 do gach duine a ligtear isteach trí athlonnú, lena n–áirítear baill teaghlaigh;
- €6,000 do gach duine a ligtear isteach trí ligean isteach daonnúil, agus méadaítear an tsuim go €8,000 do dhaoine leochaileacha — d’fhéadfadh sé go mbeadh baill teaghlaigh incháilithe chomh maith;
- €10,000 do gach iarratasóir / tairbhí cosanta idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát amháin go ceann eile, lena n–áirítear baill teaghlaigh.
Tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad
- Féadfaidh an ciste tacú le gníomhaíochtaí i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad nó i ndáil leo má bhaineann an méid seo a leanas leo:
- cuireann siad le cuspóirí an chiste;
- níl siad dírithe ar fhorbairt;
- déantar iad a chomhordú le gníomhaíochtaí eile AE; agus
- tá siad comhsheasmhach le tosaíochtaí agus beartas seachtrach AE.
- Féadfar tacú le gníomhaíochtaí sonracha a bhaineann le comhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus le cúnamh um ath–imeasacadh tríd an tsaoráid théamach.
- Féadfaidh tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a bheith bainteach leis an gclár chomh maith, faoi réir ráthaíochtaí agus comhaontuithe ar leith.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 1-47)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 48-93)
Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 94-131)
Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh ó thíortha neamh–AE atá ag fanacht go mídhleathach a sheoladh ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lgh. 98-107)
Cinneadh 2008/381/CE ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lgh. 7-12)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2008/381/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 27.09.2021