Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ciste um Aistriú Cóir

An Ciste um Aistriú Cóir

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/1056 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le daoine, geilleagair agus comhshaol na gcríoch a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha le sárú acu de bharr an aistrithe i dtreo Aontas Eorpach (AE) a bheidh aeráidneodrach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá sé mar aidhm leis an CUAC cur leis an gcuspóir sonrach aonair, a chur ar chumas réigiún agus daoine aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil aistriú an Aontais Eorpaigh i dtreo a spriocanna 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráidneodrach an Aontais faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras (féach an achoimre).
  • Is é an chéad cholún den Sásra um Aistriú Cóir é, mar aon leis an scéim InvestEU agus an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí.
  • Is príomhghné í de den Chomhaontú Glas don Eoraip (féach an achoimre).

Raon feidhme

Tacaíonn an CUAC le hinfheistíochtaí inbhuanaithe iontu seo a leanas:

  • fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n–áirítear micrifhiontair agus gnólachtaí nuathionscanta;
  • gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n–áirítear na cinn a dhéanann ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde poiblí;
  • fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh;
  • soghluaisteacht áitiúil chliste agus inbhuanaithe, lena n–áirítear dícharbónú na hearnála iompair áitiúil agus a bonneagair;
  • nuachóiriú líonraí teasa ceantair;
  • nuálaíocht agus nascacht dhigiteach;
  • athshlánú láithreán athfhorbraíochta agus bonneagar glas;
  • athoiliúint ar oibrithe agus ar chuardaitheoirí poist;
  • oideachas agus cuimsiú sóisialta, lena n–áirítear infheistíochtaí i mbonneagar d’ionaid oiliúna, agus saoráidí cúraim do leanaí agus do dhaoine scothaosta.

Tá maoiniú don mhéid seo a leanas eisiata:

  • díchoimisiúnú nó tógáil gléasraí cumhachta núicléiche;
  • gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí tobac;
  • infheistíochtaí a bhaineann le breoslaí iontaise;
  • cuideachtaí atá i gcruachás, mura bhfuil siad údaraithe faoi rialacha sealadacha um Státchabhair a nunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar chúinsí eisceachtúla.

Acmhainní

Rochtain ar mhaoiniú

  • Braitheann rochtain ar mhaoiniú CUAC go ngeallfaidh Ballstáit AE go mbainfidh siad aeráidneodracht amach faoi 2050.
  • Ní bheidh ach 50 % den leithdháileadh náisiúnta ar fáil do na Ballstáit sin nach bhfuil tiomanta don sprioc go fóill.

Sásra um luach saothair glas

  • Má mhéadaítear acmhainní an CUAC i ndiaidh an 31 Nollaig 2024, bronnfar na hacmhainní breise ar na Ballstáit bunaithe ar shásra um “luach saothair glas”.
  • Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh na Ballstáit a laghdóidh a n–astaíochtaí gás ceaptha teasa ar ráta níos gasta leithdháiltí breise.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Iúil 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 1–20).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/1056 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Airgeadais um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 159–706).

Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lgh. 17–75).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1129 lena leagtar amach an miondealú bliantúil ar na leithdháiltí atá ar fáil faoin gCiste um Aistriú Cóir in aghaidh an Bhallstáit (IO L 244, 9.7.2021, lgh. 4–9).

Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (OJ L 433I, 22.12.2020, lgh. 23–27).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe — Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (COM(2020) 21 críochnaitheach, 14.1.2020).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 críochnaitheach, 11.12.2019).

Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lgh. 4–18).

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32–46).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.10.2021

Top