Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaíocht dhaonnúil AE

Gníomhaíocht dhaonnúil AE

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gníomhaíocht dhaonnúil AE: dúshláin nua, na prionsabail chéanna

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gníomhaíocht dhaonnúil AE: dúshláin nua, na prionsabail chéanna

CÉN AIDHM ATÁ LEIS AN TEACHTAIREACHT AGUS LEIS NA CONCLÚIDÍ?

  • Trí bhíthin na teachtaireachta, molann an Coimisiún Eorpach sraith tionscnamh chun gníomhaíocht dhaonnúil dhomhanda an Aontais Eorpaigh (AE) a neartú d’fhonn freastal ar na riachtanais dhaonnúla a bhfuil méadú suntasach tagtha orthu agus a ghéaraigh mar gheall ar phaindéim COVID-19.
  • Leagadh amach sna conclúidí seasamh Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le gníomhaíocht dhaonnúil AE mar fhreagra ar an teachtaireacht.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Leagtar amach sa teachtaireacht roinnt príomhchuspóirí maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla atá ag méadú agus chun tacú le timpeallacht cumasúcháin níos fearr chun cabhair dhaonnúil phrionsabálta a sholáthar:

  • cúnamh a sholáthar de réir phrionsabail seanbhuanaithe na cabhrach daonnúla;
  • a áirithiú gur féidir cabhair dhaonnúil AE a sholáthar go tapa agus go héifeachtúil dóibh siúd atá i ngátar, trí nuálaíocht agus cumais a treisiú;
  • sásraí gníomhaíochta daonnúla agus maoinithe atá solúbtha agus éifeachtach a chur chun cinn, trí úsáid chúnaimh bunaithe ar airgead tirim agus uirlisí digiteacha a leathnú chomh maith le dlús a chur leis an tacaíocht do fhreagróirí áitiúla.
  • Dul i ngleic leis na bunchúiseanna le géarchéimeanna trí iarrachtaí daonnúla, forbartha agus síochána a nascadh ar bhealach níos fearr, go háirithe i réimsí tosaíochta amhail oideachas, sláinte, slándáil bia, ullmhacht maidir le tubaiste agus athléimneacht ó thaobh na haeráide;
  • an bonn acmhainní le haghaidh gníomhaíocht dhaonnúil a leathnú, trí rannpháirtíocht AE a neartú agus trí chomhghuaillíochtaí le deontóirí traidisiúnta agus deontóirí atá ag teacht chun cinn a neartú;
  • rannpháirtíocht agus ceannaireacht AE a fheabhsú chun tionchar ghníomhaíocht dhaonnúil an Aontais Eorpaigh a uasmhéadú;
  • cur chun cinn an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta agus meas air a threisiú agus é a chur i gcroílár ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais Eorpaigh.

Príomhghníomhaíochtaí

Moltar sa teachtaireacht roinnt gníomhaíochtaí tábhachtacha chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí agus na spriocanna atá socraithe a bhaint amach. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:

  • Cumas Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil a fhorbairt lena gcomhlánófaí an Sásra um Chosaint Shibhialta AE agus a bheadh ag brath ar ullmhacht oibríochtúil an Lárionaid um Chomhordú Práinnfhreagartha;
  • tabhairt faoi anailísí comhpháirteacha córasacha ar ghéarchéimeanna, agus nuair is iomchuí, clárú agus pleanáil chomhoibríoch bheartais AE a fhorbairt;
  • comhordú daonnúil míleata sibhialta éifeachtach a chur chun cinn chun an spás daonnúil a chosaint;
  • socruithe maoinithe ilbhliantúla, solúbtha agus comhchuibhithe a mhéadú;
  • cur le tiomantais um maoiniú daonnúil leis na Ballstáit a chur chun cinn agus comhroinnt freagrachta níos fearr a spreagadh idir deontóirí traidisiúnta agus deontóirí atá ag teacht chun cinn chun aghaidh a thabhairt riachtanais dhaonnúla atá ag méadú;
  • sciar na gcistí a bhaineann leis an aeráid a mhéadú chun réigiúin atá i mbaol tubáistí a dhéanamh níos athléimní;
  • sásra faireacháin agus comhordúcháin ar leibhéal AE maidir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur ar bun;
  • feabhas a chur ar chomhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta mar choinníoll le haghaidh chúnamh AE;
  • a áirithiú go dtagann an dlí daonnúil idirnáisiúnta go hiomlán le beartas smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh, lena n–áirítear trí eisceachtaí daonnúla a chuimsiú go comhsheasmhach i gcórais smachtbhannaí AE;
  • Fóram Eorpach um Chabhair Dhaonnúil a eagrú chun idirphlé maidir le beartas daonnúil a spreagadh;
  • cur chuige um Fhoireann na hEorpa a chur chun cinn i measc institiúidí agus Bhallstáit AE.

Conclúidí ón gComhairle

Ina conclúidí maidir leis an teachtaireacht, rinne an Chomhairle roinnt pointí tábhachtacha, lena n–áirítear:

  • an imní thromchúiseach atá uirthi maidir le scála gan choinne na riachtanas daonnúil, laghdú an spáis dhaonnúil agus an méadú ar an easnamh cistiúcháin;
  • a thábhachtaí atá sé urramú agus comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur i gcroílár ghníomhaíochtaí seachtracha AE go comhsheasmhach, chomh maith le cosaint sibhialtach agus an bonneagair shibhialta a áirithiú, tacú le gníomhaíocht dhaonnúil phrionsabálta agus í a chur chun cinn agus an spás daonnúil a chosaint;
  • an gá práinneach atá le hiarrachtaí domhanda chun méadú suntasacha a dhéanamh ar an mbonn acmhainní le haghaidh gníomhaíocht dhaonnúil, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le cabhair dhaonnúil a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla leis na hacmhainní atá ar fáil;
  • ról comhordúcháin riachtanach na Náisiún Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna daonnúla, agus an gá atá ann le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe áitiúla agus náisiúnta, ag aithint a gcuid eolais agus a dtaithí mar fhreagróirí ar an líne thosaigh a bhíonn ansin roimh éigeandálaí, lena linn agus ina ndiaidh;
  • a tacaíocht do phlean an Choimisiúin chun Fóram Eorpach Daonnúil a eagrú.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le gníomhaíocht dhaonnúil AE: dúshláin nua, na prionsabail chéanna (COM(2021) 110 final, 10.3.2021)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le gníomhaíocht dhaonnúil AE: dúshláin nua, na prionsabail chéanna, 20.5.2021

Nuashonraithe 18.06.2021

Top