This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Citizens, equality, rights and values programme (2021–2027)
Clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna (2021–2027)
Clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna (2021–2027)
Rialachán (AE) 2021/692 lena mbunaítear an clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna
Cuspóir ginearálta
Is é an cuspóir ginearálta ná na luachanna agus na cearta atá cumhdaithe i gconarthaí an Aontais Eorpaigh (AE), sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus sna coinbhinsiúin gaolmhara idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chosaint, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
Déantar é seo ar mhaithe le sochaithe oscailte, cearta–bhunaithe, daonlathacha, cothroma agus cuimsitheacha atá bunaithe ar an smacht reachta a bhuanú agus a fhorbairt tuilleadh.
Cuspóirí sonracha
Comhfhreagraíonn gach cuspóir do shnáithe cláir:
Cé ar féidir leo a bheith rannpháirteach?
Tá an clár ar oscailt d’eagraíochtaí atá bunaithe go dleathach in AE nó i dtír eachtrach nó i gcríoch atá nasctha léi, agus d’aon eagraíocht idirnáisiúnta.
D’fhéadfadh sé a bheith ar oscailt freisin d’eagraíochtaí atá bunaithe go dleathach sna háiteanna seo a leanas:
D’fhéadfaí deontas oibriúcháin a bhronnadh gan aon ghairm ar thograí ar Líonra Eorpach na gcomhlachtaí comhionannais náisiúnta.
Cláir oibre
Cuirtear an clár chun feidhme trí bhíthin chláir oibre a ghlacann an Coimisiún Eorpach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Tá an clár oibre do na saoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna don tréimhse 2021-2022 foilsithe ag an gCoimisiún.
Buiséad
Le linn na caibidlíochta, fuair clár CERV breisiú mór, níos mó ná an figiúr €642 milliún a moladh ar dtús a dhúbailt go breis agus €1,55 billiún don tréimhse 2021-2027.
Grúpa idirphlé shibhialta
Cuirfidh an Coimisiún grúpa idirphlé shibhialta ar bun. Déanfar sin chun idirphlé rialta, oscailte agus trédhearcach a áirithiú le tairbhithe an chláir agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, ionas gur féidir leo taithí agus dea-chleachtas a mhalartú agus forbairtí beartais laistigh de na réimsí agus de na cuspóirí a chumhdaítear leis an gclár agus réimsí gaolmhara eile a phlé.
Aisghairm
Le Rialachán (AE) 2021/692 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 (an clár um shaoránaigh, comhionannas agus cearta a bhí ann roimhe) agus Rialachán (AE) Uimh 390/2014 (An clár Eoraip ar son na Saoránach) agus cuirtear in ionad na Rialachán sin é.
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.
Tacaíonn an clár le raon leathan eagraíochtaí a dhíríonn go mór ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasteorann, chomh maith le líonraí Eorpacha, údaráis phoiblí, comhlachtaí comhionannais agus institiúidí náisiúnta um chearta an duine, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, institiúidí acadúla/taighde, meithleacha machnaimh agus iad siúd go léir a bhfuil baint acu le luachanna agus cearta an Aontais a chur chun cinn. Tacaíonn an clár le hacmhainn líonraí tábhachtacha agus brateagraíochtaí ar leibhéal an AE trí dheontais oibriúcháin (e.g. líonra Eorpach na n-institiúidí náisiúnta um chearta an duine).
Ar na tionscadail a dtacaítear leo tá oiliúint, forbairt acmhainní, malartú dea-chleachtas idir údaráis agus comhlachtaí na mBallstát, agus nascadh bailte.
Áirítear orthu freisin tacú le heagraíochtaí pobail agus leis an tsochaí shibhialta, feasacht daoine a ardú maidir lena gcearta agus na tairbhí a bhaineann le beartais an Aontais ina saol laethúil, agus tacú le beartais agus reachtaíocht eolasbhunaithe de chuid an Aontais a fhorbairt trí shuirbhéanna, staidéir agus anailísí.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (IO L 156, 5.5.2021, lgh. 1-20).
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 11-22).
Nuashonraithe 14.01.2022