Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Clár InvestEU (2021-2027)

An Clár InvestEU (2021-2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 2021/523 lena mbunaítear an clár InvestEU

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an gclár InvestEU ina gcuimsítear trí chuid:

  • an Ciste InvestEU, trína soláthraítear ráthaíocht AE chun tacú le maoiniú agus infheistíocht bheartais inmheánacha AE;
  • an Mol Comhairleach InvestEU, a thacaíonn le forbairt tionscadal, rochtain ar mhaoiniú agus cúnamh d’fhothú acmhainneachta;
  • an Tairseach InvestEU, trína dtugtar infheictheacht do thionscadail lena lorgaítear maoiniú agus faisnéise faoi dheiseanna infheistíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é an aidhm ghinearálta leis an gclár InvestEU tacú le maoiniú a chuireann leis an méid seo a leanas:

  • iomaíochas, lena n-áirítear taighde, nuálaíocht, digitiú agus dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch;
  • fás eacnamaíoch, inbhuanaitheacht agus fostaíocht;
  • tacú leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach;
  • cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta;
  • cultúr, oideachas agus oiliúint;
  • comhtháthú na margaí inmheánacha agus margadh inmheánachníos láidre;
  • comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;
  • téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach gheilleagar an Aontais Eorpaigh, lena n–áirítear tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), i ndiaidh ghéarchéim Covid-19.
  • tacú le hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), tionscnamh arna bhunú faoi leasú Rialachán (AE) 2024/795 lena bhféachtar le ceannasacht agus slándáil an Aontais a neartú, a iomaíochas a fheabhsú agus a spleáchais straitéiseacha a laghdú i dtrí réimse teicneolaíochta straitéiseacha: teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíocht domhainteicneolaíochta, teicneolaíochtaí agus biteicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní.

Cumhdaíonn InvestEU roinnt réimsí beartais (trí cheithre “ionú” thiomnaithe) chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha:

  • bonneagar inbhuanaithe ó iompar, fuinneamh agus nascacht dhigiteach leis an ngeilleagar ciorclach agus teicneolaíochtaí nuálacha;
  • taighde, nuálaíocht agus digitiú, lena n–áirítear forbairt táirgí agus tacaíocht do chumasóirí an mhargaidh;
  • maoiniú do FBManna, lena n–áirítear cuideachtaí nuálacha agus iad siúd san earnáil chultúrtha agus san earnáil chruthaitheach;
  • infheistíocht agus scileanna sóisialta ina gcumhdaítear micreamhaoiniú, fiontair shóisialta, sláinte, comhionannas inscne, oideachas, oiliúint agus seirbhísí sóisialta eile.

Tá ráthaíocht bhuiséadach €26.2 billiún (i bpraghsanna reatha) ag dul le InvestEU, atá maoinithe ag acmhainní NextGenerationEU agus ag an gcreat airgeadais ilbhliantúil (2021-2027). Tagann an méid sin le hábhair ar bith a d’fhéadfadh a bheith san Aontas Eorpach.

Féadfar an ráthaíocht a mhéadú trí ranníocaíochtaí ó Bhallstáit AE, trí urranna na mBallstát, agus tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Déantar é a roinnt mar a leanas:

  • €14.8 billiún ar fáil chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch tar éis COVID-19 faoin amlíne a bunaíodh chun acmhainní NextGenerationEU a úsáid;
  • EUR 11.3 billiún don tréimhse réime airgeadais ilbhliantúil (2021-2027).

Is comhpháirtíocht é an Coimisiún Eorpach agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Grúpa BEI) faoina gcuireann an Ciste Eorpach Infheistíochta 75% de ráthaíocht AE chun feidhme agus faoina bhfuil tascanna sonracha aige maidir le riosca airgeadais an chláir. Féadfaidh bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais páirt a ghlacadh sa chlár.

Déanfaidh an Coimisiún:

  • comhpháirtithe cur chun feidhme* a roghnú sa bhreis ar an BEI;
  • comhaontú ráthaíochta a chur i gcrích le gach comhpháirtí.

Le bheith incháilithe i gcomhair tacaíocht ón gCiste InvestEU, caithfidh oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta:

  • cloí le coinníollacha éagsúla atá leagtha amach i Rialachán Airgeadais AE (Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 — féach an achoimre);
  • cur le cuspóirí beartais AE agus bheith incháilithe faoi Iarscríbhinn II (fuinneamh, bonneagar iompair, an comhshaol agus acmhainní, nascacht dhigiteach, taighde, forbairt agus nuálaíocht, teicneolaíochtaí digiteacha, FBManna, an earnáil chultúrtha agus an earnáil chruthaitheach, turasóireacht, athshlánú láithreán tionsclaíoch, úsáid inbhuanaithe talún agus uisce, an bithgheilleagar, infheistíocht shóisialta, cosaint, spás, farraigí agus aigéin);
  • gan bheith ar liosta na ngníomhaíochtaí eisiata in Iarscríbhinn V(B), amhail cearrbhachas, tobac, eastát réadach, ola, olaí iontaise nó sáruithe ar chearta an duine;
  • bheith comhsheasmhach leis na treoirlínte infheistíochta.

D’fhéadfadh an Ciste InvestEU tacú freisin le tionscadail agus oibríochtaí i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad faoi réir coinníollacha áirithe.

Maidir le ráthaíocht AE:

  • féadfar í a úsáid i gcomhair clúdach riosca le haghaidh cineálacha éagsúla maoinithe (iasachtaí, ráthaíochtaí, ionstraimí ar an margadh caipitil nó cineálacha eile creidmheasa) nó cothromais nó cuasachothromais a sholáthraíonn na comhpháirtithe cur chun feidhme go díreach nó go hindíreach, trí idirghabhálaithe airgeadais;
  • ba cheart go gclúdófaí iontu:
    • fiachas: gach príomhshuim agus ús atá dlite don chomhpháirtí cur chun feidhme, caillteanais maidir le hathstruchtúrú agus faoi choinníollacha ar leith, caillteanais ó luaineacht airgeadraí, seachas an euro,
    • infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais: méideanna a infheistíodh agus costais mhaoinithe ghaolmhara agus caillteanas ó luaineacht airgeadraí, seachas an euro,
    • maoiniú nó ráthaíochtaí a thugann comhpháirtí cur chun feidhme d’institiúid airgeadais eile: méideanna a úsáideadh agus costais ghaolmhara.

Bunaítear leis an rialachán struchtúr rialachais ina gcuimsítear an méid seo a leanas.

  • Tagann an Bord Comhairleach le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus tugann sé comhairle don Choimisiún agus don Bhord Stiúrtha maidir le dearadh táirgí airgeadais, forbairtí margaidh, coinníollacha agus teipeanna agus infheistíochtaí fo–optamacha.
  • Soláthraíonn an Bord Stiúrtha treoir straitéiseach agus oibríochtúil do na comhpháirtithe cur chun feidhme, glacann sé creat modheolaíochta riosca an Choimisiúin agus déanann sé maoirseacht ar chur chun feidhme an chláir InvestEU.
  • Tá táscairí éasgúla sa Scórchlár a sholáthraíonn na comhpháirtithe cur chun feidhme, amhail cur síos ar an maoiniú atá beartaithe agus tionchar na hinfheistíochta, mar sin is féidir leis an gCoiste Infheistíochta measúnú neamhspleách, trédhearcach agus comhchuibhithe a dhéanamh ar iarratais ar úsáid ráthaíocht AE.
  • Comhlacht saineolaithe atá go hiomlán neamhspleách is ea an Coiste Infheistíochta a dhéanann scrúdú ar na tograí um maoiniú agus infheistíocht a chuirtear isteach faoi na 4 “ionú” agus seiceálann siad an gcomhlíonann siad coinníollacha an rialacháin agus an mbainfeadh siad leas as tacaíocht faoi ráthaíocht AE.
  • Déanann an Coimisiún seiceálacha beartais lena dhearbhú go gcomhlíonann oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta ó chomhpháirtithe cur chun feidhme, seachas ó BEI, dlí agus beartais AE.

Arna bhunú ag an gCoimisiún, Mol Comhairleach InvestEU:

  • soláthraíonn sé tacaíocht chomhairleach chun tionscadail infheistíochta a shainaithint, a ullmhú, a fhorbairt, a dhearadh, a fháil agus a chur chun feidhme;
  • cuidíonn sé le tionscnóirí agus idirghabhálaithe tionscadail tionscadail a fhorbairt agus a thionscnamh;
  • feidhmíonn sé mar phointe lárnach iontrála, a bhainistíonn an Coimisiún, le haghaidh cúnamh forbartha tionscadal d’údaráis phoiblí agus do thionscnóirí tionscadal;
  • tá sé ar fáil do thionscnóirí tionscadal poiblí agus príobháideacha, lena n–áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, údaráis phoiblí, bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus idirghabhálaithe neamhairgeadais.

Arna bhunú ag an gCoimisiún, an Mol InvestEU:

  • is bunachar sonraí áisiúil a bhfuil teacht éasca air é a sholáthraíonn faisnéis ábhartha maidir le gach tionscadal;
  • soláthraíonn sé bealach do thionscnóirí a dteastaíonn maoiniú uathu a dtionscadail a dhéanamh infheicthe d’infheisteoirí ionchasacha.

Bunaítear leis an rialachán ceanglais maidir le cuntasacht, faireachán agus trédhearcacht faoi mar a leanas.

  • Cuntasacht. Féadfaidh Parlaimint na hEorpaComhairle an Aontais Eorpaigh a iarraidh ar chathaoirleach an bhoird stiúrtha tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chiste InvestEU agus freagra a thabhairt ó bhéal nó i scríbhinn ar cheisteanna.
  • Faireachán agus tuairisciú. Cuimsítear liosta de na príomhtháscairí feidhmíochta agus faireacháin in Iarscríbhinn III. Úsáideann na comhpháirtithe cur chun feidhme iad sin ina dtuarascálacha chuig an gCoimisiún, a thuairiscíonn feidhmíocht an chláir InvestEU gach bliain ansin. Tuairiscíonn BEI bacainní infheistíochtaí ar bhonn bliantúil.
  • Meastóireacht. Maidir leis an gCoimisiún:
    • cuirfidh sé tuarascáil um measúnú eatramhach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meán Fómhair 2024;
    • cuirfidh sé a thuarascáil meastóireachta deiridh i láthair an dá institiúid, go háirithe maidir le húsáid ráthaíocht AE, faoin 31 Nollaig 2031 ar a dhéanaí.
    • Seolfaidh sé a chonclúidí chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún chomh maith.
  • Trédhearcacht. Ní mór do chomhpháirtithe cur chun feidhme agus comhairleacha maoiniú AE a admháil dá n-idirghabhálaithe agus d’fhaighteoirí deiridh agus agus a ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo le ráthaíocht AE á gcur chun cinn.

Maidir leis an rialachán:

  • tugtar cumhacht leis don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh;
  • leasaítear leis Rialachán leasaitheach (AE) 2015/1017 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

  • Leis an gclár InvestEU tagann a lán cineálacha éagsúla mhaoiniú AE faoin scáth amháin. Leis sin déantar maoiniú i gcomhair tionscadail infheistíochta níos simplí, níos éifeachtaí agus níos solúbtha agus cuidíonn sé le dhá chuspóir AE maidir le haistriú glas agus aistriú digiteach a bhaint amach.
  • Úsáidtear ráthaíocht AE chun cistí suntasacha fadtéarmacha príobháideacha agus poiblí a ghiaráil chun cur le téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa trí infheisteoirí a ailíniú le tosaíochtaí beartais an Aontais Eorpaigh.
  • Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an gclár InvestEU lena bpleananna náisiúnta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme.
  • Tá sé measta go bhféadfaí infheistíocht iomlán sa bhreis ar EUR372 bhilliún a shlógadh faoi 2027 ar fud an Aontais Eorpaigh leis an ráthaíocht, agus rachaidh 30% de i gcomhair beartais aeráide.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhpháirtí cur chun feidhme. Comhpháirtíocht incháilithe, amhail BEI, an Ciste Eorpach Infheistíochta, institiúid airgeadais idirnáisiúnta eile nó institiúid airgeadais náisiúnta nó banc le haghaidh cur chun cinn a bhfuil comhaontú ráthaíochta tugtha i gcrích ag an gCoimisiún leis.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lgh. 30–89).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/523 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lgh. 17–75).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na treoirlínte infheistíochta maidir le Ciste InvestEU (IO L 234, 2.7.2021, lgh. 18–66).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final, 11.12.2019).

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lgh. 1–38).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.05.2024

Top