Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sásra maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh don fhuinneamh in–athnuaite

Sásra maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh don fhuinneamh in–athnuaite

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh don fhuinneamh in–athnuaite

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis an rialachán cur chun feidhme seo na rialacha maidir le feidhmiú shásra maoiniúcháin úr an Aontais Eorpaigh don fhuinneamh in–athnuaite i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le rialachas an aontais fuinnimh.

Leis an sásra úr tacaítear le tionscadail úra um fhuinneamh in–athnuaite ar fud an Aontais Eorpaigh agus cuireann sé le húsáid fuinnimh in–athnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 maidir le fuinneamh in–athnuaite.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tagann an maoiniú ó thrí fhoinse:

  • Féadfaidh rialtais thíortha AE íocaíochtaí deonacha a sholáthar;
  • féadfaidh cláir agus cistí eile AE ranníocaíochtaí a dhéanamh, go háirithe chun an costas caipitil ar thionscadail um fhuinnimh in–athnuaite a laghdú nó chun tacú le comhar réigiúnach laistigh den Aontas Eorpach nó le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
  • féadfaidh an earnáil phríobháideach maoiniú a thairg, agus tá an rogha aici an tionscadal, an teicneolaíocht nó an úsáid deiridh ar mian léi tacú leis a chur in iúl.

Ní foláir nó go gcloífidh an maoiniú ar fad le rialacha airgeadais AE arna leagan amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (féach an achoimre).

Fiafraíonn an Coimisiún Eorpach de rialtais AE gach bliain cé acu ar mian leo íocaíocht dheonach a sholáthar (tír is ranníocóir) nó cead a thabhairt go ndéanfaí fuinneamh in–athnuaite a shuiteáil ina gcríoch (tír óstach).

Ní mór do thíortha óstacha faisnéis áirithe a cur ar fáil, amhail:

  • an uasacmhainn iomlán nó an fuinneamh in–athnuaite atá ar fáil i gcomhair tionscadal arna maoiniú tríd an sásra;
  • teicneolaíochtaí roghnaithe nó earnálacha úsáide deiridh;
  • srianta suímh nó geografacha ar bith.

Ní mór do na tíortha is ranníocóirí faisnéis áirithe a cur ar fáil, amhail:

  • méid an fhuinnimh in–athnuaite a bhfuil sé beartaithe acu tacú leis agus leas a bhaint as i leithdháiltí staidrimh;
  • anuas–ranníocaíocht airgeadais;
  • a rogha le haghaidh nósanna imeachta um dhámhachtain deontas atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, ar cinn ilteicneolaíochta iad, ar cinn a bhaineann go sonrach leis an teicneolaíocht iad, ar cinn a bhaineann go sonrach le tionscadal iad nó ar cinn a bhaineann go sonrach le húsáid deiridh iad.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • ceapann sé tairiscintí (ar a dtugtar gairmeacha ar thograí), ar bhonn na dtairiscintí agus na n–iarratas a fhaightear, ina sonraítear, mar shamplaí:
    • na cuspóirí leis an ngairm,
    • cineálacha na ndeontas (infheistíocht nó tacaíocht oibriúcháin) agus na critéir dhámhachtana,
    • buaicphraghas na dtograí,
    • teicneolaíochtaí incháilithe;
  • cuireann sé tíortha AE ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige gairm ar thograí a sheoladh;
  • seolann sé an ghairm nó na gairmeacha, lena n–áirítear na critear incháilitheachta agus roghnúcháin, i ndiaidh dó gealltanais cheangailteacha a fháil ó na tíortha óstacha, trína gceadóidh siad suiteálacha ar a tír chun an tacaíocht airgeadais a fháil, agus ó na tíortha is ranníocóirí, trína soláthróidh siad an t–airgead a thairg siad.

Má theipeann ar thionscnóir tionscadail a ghealltanas nó a gealltanas a chomhlíonadh, beidh na rialacha maidir le fionraí, foirceannadh agus laghdú i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i bhfeidhm.

Maidir leis an gcóras dámhachtana deontas:

  • tá prionsabail ann chun próiseas iomaíoch a áirithiú, riosca airgeadais a mhaolú agus costais ar idirbhearta a theorannú;
  • soláthraítear scóip leis le haghaidh nósanna imeachta éagsúla ag brath ar an teicneolaíocht nó na tionscadail atá i gceist;
  • leithdháiltear deontais as chun:
    • acmhainn táirgthe foinsí in–athnuaite a mhéadú (tacaíocht infheistíochta),
    • soláthraítear dreasachtaí leis chun suiteálacha fuinnimh in–athnuaite a oibriú trí phréimheanna a sholáthar sa bhreis ar ioncam margaidh (tacaíocht oibriúcháin).

Léiríonn tréimhsí cur chun feidhme tréimhsí réalaíocha seachadta agus baineann siad go sonrach leis an teicneolaíocht agus tá siad aonfhoirmeach ar fud an Aontais Eorpaigh, mura gcinnfidh an Coimisiún a mhalairt.

Féadfar maoiniú a fháil ó chláir eile AE, náisiúnta, phoiblí nó phríobháideacha i gcomhair tionscadal arna maoiniú tríd an scéim um fhuinneamh in–athnuaite ar an gcoinníoll go gcloífidh siad leis na rialacha maidir le Státchabhair agus ní mhaoinítear na costais chéanna faoi dhó faoi bhuiséad AE.

Roinntear na sochair staitistiúla a bhaineann le fuinneamh in–athnuaite ó shuiteálacha arna maoiniú trí scéimeanna 80:20 go ginearálta idir tíortha is ranníocóirí agus tíortha óstacha — féadfaidh an Coimisiún an cóimheas sin a athrú, áfach — le linn na tréimhse cur chun feidhm nó na tréimhse tacaíochta. Ina dhiaidh sin, coinníonn an t-óstach go hiomlán iad. Cuirtear na sochair staitistiúla sin san áireamh mar an sciar náisiúnta den fhuinneamh in–athnuaite beag beann ar an áit agus ar an dóigh a n–ídítear an fuinneamh in–athnuaite iarbhír ó na suiteálacha.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • ríomhann sé, ar bhonn bliantúil, na sochair staitistiúla iarbhír a fhaigheann na tíortha rannpháirteacha ar bhonn na sonraí táirgthe fuinnimh atá ar fáil ó thíortha rannpháirteacha AE agus ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
  • tugann sé tuarascáil faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain dóibh seo a leanas:
    • An Coiste maidir leis an Aontas Fuinnimh, agus cuireann sé eolas ar fáil don phobal faoin dóigh a bhfuil an sásra airgeadais ag cuidiú le spriocanna ceangailteacha 2030 AE maidir le fuinneamh in–athnuaite agus na cuspóirí leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach (féach an achoimre),
    • An Coiste maidir leis an Aontas Fuinnimh agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le hairgead an tsásra, lena n–áirítear suimeanna a fhaightear, a leithdháiltear agus a bheidh fágtha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 7 Deireadh Fómhair 2020 agus níl spriocdháta ar bith leis.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in–athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lgh. 1-17)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 críochnaitheach, 11.12.2019)

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1-77)

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 82-209)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2018/2001 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

Nuashonraithe 25.11.2020

Top