Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nósanna imeachta um iomaíocht — Ról an oifigigh éisteachta

Nósanna imeachta um iomaíocht — Ról an oifigigh éisteachta

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2011/695/AE — maidir le feidhmiú agus téarmaí tagartha don oifigeach éisteachta in imeachtaí iomaíochta ar leith

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Leagtar amach leis ról an oifigigh éisteachta (OÉ) in imeachtaí AE um iomaíocht.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leagtar amach leis an gcinneadh na cumhachtaí agus na feidhmeanna atá ag oifigigh éisteachta.
  • Ceapann an Coimisiún Eorpach oifigigh éisteachta agus iad nasctha, chun críocha riaracháin, leis an gCoimisinéir atá freagrach as an mbeartas iomaíochta.
  • Ní mór dóibh gníomhú go neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a róil.

Ról

  • Eagraíonn agus stiúrann OÉanna éisteachtaí ó bhéal in imeachtaí in aghaidh trustaí agus cumaisc.
  • Féadfaidh siad gníomhú mar eadránaí neamhspleách nuair a thagann díospóid faoi chearta nós imeachta chun cinn idir páirtithe agus Ard-Stiúrthóireacht (AS) Iomaíochta an Choimisiúin.
  • Déanann siad cinntí faoi na hiarratais a dhéanann tríú páirtithe go n-éistfear leo in imeachtaí iomaíochta.

Is iad seo a leanas na príomhchúraimí atá ar an OÉ:

  • feidhmiú éifeachtach ceart nós imeachta a áirithiú i rith imeachtaí lena n–áirítear tiomantais agus nósanna imeachta socraíochta cairtéil*;
  • an ceart go n–éistfí le gach duine a áirithiú;
  • dul i ngleic le saincheisteanna sonracha a thagann chun cinn le linn thréimhse imscrúdaithe imeachtaí an Choimisiúin, lena n–áirítear:
    • éilimh ar phribhléid ghairmiúil dlíthiúil
    • an phribhléid i gcoinne féin-ionchoirithe
    • spriocdhátaí chun freagairt ar chinntí ina n–iarrtar faisnéis
    • an ceart atá ag comhlachtaí agus ag comhlachais chomhlachtaí go gcuirfí ar an eolas iad faoina stádas nós imeachta;
  • an ceart chun rochtain ar an gcomhad a fháil a áirithiú agus a áirithiú go n–urramófar leasanna dlisteanacha comhlachtaí sa rúndacht;
  • tuairisciú ar thoradh na héisteachta agus ar urraim d’fheidhmiú éifeachtach nós imeachta; agus
  • breithnithe ar aon ábhar a thagann chun cinn in imeachtaí iomaíochta a chur i láthair, nuair is cuí, an Choimisinéara um Iomaíocht.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 21 Deireadh Fómhair 2011.

CÚLRA

Le haghaidh tuileadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cairtéal: grúpa de 2 ghnóthas nó níos mó a thugann iarraidh iomaíocht a shrianadh trí shocrú praghsanna, trí sholáthar a theorannú, nó trí chleachtais shriantacha eile chun praghsanna díola a rialú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhmiú agus téarmaí tagartha don oifigeach éisteachta in imeachtaí iomaíochta ar leith (IO L 275, 20.10.2011, lgh. 29-37)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 102 (iar-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 89)

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán CE um Chumaisc) (IO L 24, 29.1.2004, lgh. 1-22)

Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 133, 30.4.2004, lgh. 1-39)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le seoladh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lgh. 18-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin (IO L 308, 8.12.2000, lgh. 26-34)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.05.2020

Top