Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éicidhearthóireacht agus ceanglais lipéadaithe fuinnimh — meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí tí

Éicidhearthóireacht agus ceanglais lipéadaithe fuinnimh — meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí tí

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus niteoir-triomadóirí tí

Rialachán Tairmligthe (AE) 2019/2014 maidir le lipéadú fuinnimh meaisíní níocháin tí agus niteoir-triomadóirí tí

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Tá meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí tí faoi réir éicidhearthóireachta nua agus athbhreithnithe1 agus ceanglais lipéadaithe fuinnimh2 . Tá dlúthbhaint ag éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le heolas luachmhar a chur ar fáil do thomhaltóirí Eorpacha chun iad a chur ar a gcumas rogha eolasach a dhéanamh agus faoi dheireadh an margadh a mhéadú do tháirgí atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.

Rialachán (AE) 2019/2023 lena leagtar amach ceanglais éicidhearthóireachta, de bhun Treoir 2009/125/CE, chun meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí tí a fheidhmíonn trí na príomhlínte a dhíol nó a chur i seirbhís. Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón .

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 lena leagtar amach rialacha maidir le lipéadú na bhfearas sin agus soláthar faisnéise breise táirge maidir leis na fearais sin. Forlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 agus aisghairtear Rialachán Tairmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 agus Treoir 96/60/EC ón gCoimisiún.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán (AE) Uimh. 2019/2023

  • Ní bhaineann sé le meaisíní níocháin tí le toilleadh níos lú ná 2 kg ná le niteoir-triomadóirí tí le toilleadh 2 kg ná níos lú.
  • Leagtar amach na ceanglais éicidhearthóireachta in Iarscríbhinn II, lena gcumhdaítear:
    • ceanglais chláir, lena n-áirítear rialacha maidir le soláthar clár “éiceolaíochta 40-60” agus timthriall nigh & triomaigh (do niteoir-triomadóirí). Ní mór don chlár éiceolaíochta 40-60 a bheith leagtha amach mar an clár réamhshocraithe nuair is féidir, nó a bheith ar fáil mar rogha dhíreach gan aon ghá rogha eile amhail teocht ar leith nó ualach a dhéanamh. Ní féidir na sonraí “gnáth”, “laethúil”, “rialta” agus “caighdeánach” a úsáid in ainmneacha na gclár leo féin nó in éineacht le heolas eile;
    • timthriall nigh agus triomaigh;
    • éifeachtúlacht fuinnimh;
    • ceanglais feidhmeanna (éifeachtúlacht níocháin agus éifeachtacht rinseála);
    • ceanglais maidir le fad ama;
    • ídiú uisce;
    • mód ísealchumhachta (mód múchta agus mód neamhfheidhmiúil);
    • éifeachtúlacht acmhainní, lena n-áirítear infhaighteacht páirteanna spártha, rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil, aisghabháil ábhair agus athchúrsáil;
    • faisnéis le haghaidh suiteálaithe agus úsáideoirí deiridh;
  • Leagtar amach an nós imeachta um measúnú comhréireachta: ní mór d’údaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh, agus na modhanna tomhais agus ríomhaireachtaí, in Iarscríbhinn III, a caithfear a leanúint.
  • Leagtar amach in Iarscríbhinn V tagarmharcanna táscacha bunaithe ar na táirgí agus ar na teicneolaíochtaí is fearr a fheidhmíonn atá ar fáil le haghaidh fearais mar sin i gcomhthéacs a n-ídiú uisce agus fuinnimh, éifeachtúlacht níocháin agus astaíochtaí torainn aeriompartha.
  • Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déanta agus measúnú a dhéanamh ar roinnt gnéithe, amhail ceanglais chun micreaphlaistigh a laghdú, 6 bliana ó tháinig sé i bhfeidhm.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014

  • Leagtar amach san acht tairmligthe aicme éifeachtúlachta fuinnimh, an aicme éifeachtúlachta castriomaithe agus an aicme astaíochtaí torainn aeriompartha atá bunaithe ar innéacs in Iarscríbhinn II.
  • Leagtar amach an sin oibleagáidí na soláthraithe, lena n-áirítear a áirithiú go mbíonn:
    • lipéad clóite san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III curtha le gach meaisín níocháin tí agus niteoir-triomadóir tí agus, maidir le meaisín níocháin tí il-druma nó niteoir-triomadóir tí il-druma, faoi réir Iarscríbhinn X;
    • paraiméadair bhileog faisnéise an táirge (Iarscríbhinn V) agus na ndoiciméad teicniúil (Iarscríbhinn VI) curtha isteach i mbunachar sonraí an táirge;
    • lipéad leictreonach san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, agus an fhaisnéis arna leagan amach san Iarscríbhinn sin, ar fáil do dhéileálaithe do gach cineál meaisín níocháin tí agus niteoir-triomadóir tí.
  • Leagtar amach oibleagáidí na soláthraithe, lena n-áirítear a áirithiú go mbeidh:
    • lipéad soiléir a sholáthróidh na soláthraithe ar gach fearas a bheidh ar díol i gcomhréir le hIarscríbhinn III;
    • i gcás ciandíola, an lipéad agus bileog faisnéise an táirge ag cloí le hIarscríbhinní VII agus VIII
  • Caithfidh ardáin óstála idirlín a áirithiú go bhfuil an lipéad leictreonach agus an bhileog faisnéise táirge leictreonach a sholáthróidh an déileálaí taispeánta go soiléir, de réir Iarscríbhinn VIII, ar gach fearas den chineál sin a dhíolfar go díreach ar fud an tsuímh.
  • Go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.
  • Ní mór don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán tarmligthe sin i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déanta 6 bliana ó tháinig siad i bhfeidhm lena n-áirítear an fhéidearthacht tabhairt faoi chuspóirí geilleagair chiorclaigh.

Cén uair atá tosach feidhme na rialachán?

Tá an dá cheann i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Treoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Cuirtear ar chúram an Choimisiúin léi iad sin a leagan síos le haghaidh táirgí a dhíoltar agus a thrádáiltear go forleathan in AE agus a mbaineann tionchar suntasach comhshaoil leo.

Le Rialachán (AE) 2017/1369 bunaítear creat chun ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos lena mbeidh tomhaltóirí ábalta táirgí níos éifeachtaí a roghnú lena n-ídiú fuinnimh a laghdú.

Leag Treoir DTLL amach ceanglais maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) a aisghabháil agus a athchúrsáil e.g. chun laghdú a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha comhshaoil ó ghiniúint agus bainistiú DTLL, agus ó húsáid acmhainní.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Éicidhearthóireacht: Beartas maidir le feabhas, trí dhearadh níos fearr, a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí le linn a saolré, go háirithe a n–éifeachtúlacht fuinnimh.
  2. Lipéadú fuinnimh: Cuireann lipéadú fuinnimh tomhaltóirí ar a gcumas roghanna eolasacha a dhéanamh bunaithe ar ídiú fuinnimh na dtáirgí a bhaineann le fuinneamh trí scála A-G/dearg-go-glas.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus niteoir-triomadóirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 285-312)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar mheaisíní níocháin tí agus niteoir-triomadóirí tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh.1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 29-67)

nuashonrú is deireanaí

Top