EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta AE rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú

Cearta AE rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 654/2014 — cearta AE rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú — lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 lena leagtar síos nósanna imeachta chun cearta AE faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú

CÉN AIDHM ATÁ LEIS AN RIALACHÁN?

Áirithítear leis go bhfuil AE ábalta a chearta faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhorghníomhú agus a fheidhmiú trí bhearta beartais trádála a ghlacadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach leis an rialachán na rialacha agus na nósanna imeachta do AE maidir leis na hoibleagáidí atá air faoi chomhaontú trádála náisiúnta a chur ar fionraí nó a aistarraingt chun:

  • aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar rialacha trádála idirnáisiúnta arna ndéanamh ag tíortha neamh-AE agus rialú breithiúnach a fhorghníomhú i bhfabhar AE, chun réiteach sásúil a fháil lena dtabharfar tairbhí ar ais do ghnólachtaí AE;
  • oibleagáidí a athchothromú faoi chomhaontú trádála agus i gcomhréir leis, nuair a athraíonn tíortha nach tíortha den Aontas Eorpaigh iad an chóireáil a dhéantar ar earraí ón Aontas, go sealadach trí bheart cosanta nó trí mheán fadtéarmach trí lamháltais taraife a mhodhnú.

Gníomh

Chun leasanna AE a chosaint, féadfaidh an Coimisiún Eorpach gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a bheartas trádála a oiriúnú mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na tíre lena mbaineann nach tír de AE í. I gcásanna práinneacha féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme cuí a ghlacadh láithreach. Téann an Coimisiún, le cúnamh ó Bhallstáit AE, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann sula nglacfaidh sé na gníomhartha sin.

Beartais trádála atá ar fáil

Is éard atá iontu sin:

  • lamháltais taraife agus dleachtanna custaim nua nó méadaithe a fhorchur;
  • srianta cainníochtúla (cuótaí) ar allmhairí nó onnmhairí earraí a thabhairt isteach nó a mhéadú;
  • lamháltais a chur ar fionraí agus srianta áirithe a thabhairt isteach i réimse an tsoláthair phoiblí.

Beart iomchuí a chinneadh

Cinntear bearta beartais trádála ar bhonn an mhéid seo a leanas:

  • éifeachtúlacht na mbeart maidir leis an tír nach tír de AE í a spreagadh chun cloí leis na rialacha trádála idirnáisiúnta;
  • acmhainn na mbeart chun faoiseamh do ghnólachtaí laistigh de AE a mbaineann bearta na tíre neamh-AE leo a sholáthar;
  • infhaighteacht na bhfoinsí malartacha soláthair le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí lena mbaineann;
  • castacht agus costais riaracháin atá díréireach a sheachaint agus na bearta á gcur i bhfeidhm;
  • ní mór do na bearta sin a bheith i gcomhréir leis an díobháil a bhfuil siad ag feidhmiú ina haghaidh agus níor cheart go sáróidís í.

Athbhreithniú ar an rialachán

De bharr easpa ceapacháin nua i gComhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) níl an dara sraith dá córas don réiteach díospóidí in ann feidhmiú, le leasú ar Rialachán (AE) 2021/167 tugadh isteach roinnt athruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 654/2014.

Rialachán leasaitheach (AE) 2021/167:

  • ceadaítear forfheidhmiúcháin i gcásanna:
    • go bhfaighidh an tAontas rialú fabhrach ó phainéal um réiteach díospóidí EDT,
    • cuirtear bac ar an bpróiseas ansin toisc go ndéanann an tír nach tír de AE í achomharc chuig Comhlacht Achomhairc an EDT neamhfheidhmiúil agus ní aontaíonn sé le headráin eatramhach achomhairc faoi Airteagal 25 den Tuiscint ar Réiteach Díospóidí an EDT;
  • forfheidhmiúcháin nuair:
    • a chuireann comhpháirtí trádála faoi chomhaontú trádála déthaobhach nó réigiúnach bearta trádála neamhdhleathaí i bhfeidhm,
    • ina dhiaidh sin ní ghlacann siad na céimeanna riachtanacha chun go bhfeidhmeodh an próiseas um réiteach díospóidí faoin gcomhaontú sin;
  • leathnaítear raon feidhme na bhfrithbheart féideartha chun trádáil a dhéanamh i dtaca le seirbhísí agus agus roinnt gnéithe a bhaineann le cearta maoine intleachtúla. Tá coimircí ag gabháil leis an síneadh sin chun a áirithiú go n-úsáidfear na frithbhearta is éifeachtúla agus is comhréirí agus go rachfar i gcomhairle le húdaráis agus le geallsealbhóirí Bhallstáit AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ón 17 Iúil 2014.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2021/167 ón 13 Feabhra 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lgh. 50-58)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2018 maidir le bearta beartais tráchtála áirithe i ndáil le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/724 (AE) (IO L 158, 21.6.2018, lgh. 5-18)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2018 maidir le bearta beartais tráchtála áirithe i ndáil le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 122, 17.5.2018, lgh. 14-28)

Féach an leagan comhdhlúite.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Athbreithniú Tosaigh ar raon feidhme an Rialacháin maidir le Forghníomhú (COM(2017) 373 final, 11.7.2017)

Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (téacs códaithe) (IO L 272, 16.10.2015, lgh. 1-13)

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1-101)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.03.2021

Top