Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialachán lena gcuirtear chun feidhme Conradh Marrakech in AE

Rialachán lena gcuirtear chun feidhme Conradh Marrakech in AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1563 maidir leis an malartú trasteorann idir AE agus tíortha neamh-AE de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann na rialacha maidir leis an dóigh a ndéantar saothair agus ábhar eile* i gcóipeanna i bhformáid inrochtana* a chomhroinnt idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE atá ina bpáirtí i gConradh Marrakech, chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile, agus gan gá dóibh cead a fháil ón úinéir cóipchirt.

PRÍOMHPHOINTÍ

Conradh Marrakech

Ceanglaítear le Conradh Marrakech ar thíortha a chláraíonn leis dlíthe náisiúnta a ghlacadh lena spreagtar leabhair a chur ar fáil i bhformáidí inrochtana, amhail braille, r-théacs, fuaim nó cló mór, a dhíríonn ar dhaoine dalla, ar dhaoine lagamhairc nó ar dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile. Ba cheart go mbeadh sé níos fusa de dheasca na ndlíthe sin chomh maith na nithe sin a chomhroinnt ar fud teorainneacha gan údarú an úinéara cóipchirt a bheith de dhíth. Síníodh an conradh in 2013 agus dhaingnigh AE é an 1 Deireadh Fómhair 2018. Rinneadh páirtí de AE sa chonradh an 1 Eanáir 2019.

An rialachán seo

Tá cead ag eintiteas údaraithe* thír AE leaganacha inrochtana de leabhair nó d’ábhair scríofa eile a chur ar fáil do dhaoine is tairbhithe*, nó d’eintitis údaraithe ar bith i dtíortha neamh-AE atá ina bpáirtí sa chonradh, a cheadaítear le Treoir (AE) 2017/1564, an treoir lena gcuirtear chun feidhme Conradh Marrakech in AE, agus féadfaidh na daoine sin nó na heintitis sin na nithe sin a iompórtáil agus a úsáid chomh maith.

Ní mór d’eintiteas údaraithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • macasamhlú agus dáileadh cóipeanna i bhformáid inrochtana don phobal ar shlí neamhúdaraithe a dhíspreagadh;
  • taifid a choinneáil dá láimhseáil saothar agus cóipeanna i bhformáid inrochtana;
  • faisnéis faoin dóigh a chomhlíon sé na hoibleagáidí sin a fhoilsiú;
  • cloí le rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta daoine is tairbhithe;
  • an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ar mhodh inrochtana, arna iarraidh sin, do dhaoine is tairbhithe, eintitis údaraithe eile nó úinéirí cóipchirt
    • liosta de na saothair a bhfuil cóipeanna i bhformáid inrochtana aige ina leith agus na formáidí atá ar fáil agus
    • sonraí teagmhála na n–eintiteas údaraithe atá bainteach le malartú cóipeanna i bhformáid inrochtana.

Athbhreithniú

Faoin 11 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú ar fheidhmiú an rialacháin agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, le tograí maidir leis an rialachán a leasú, más cuí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 12 Deireadh Fómhair 2018.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Saothar agus ábhar eile: leabhar, irisleabhar, nuachtán, iris nó cineál eile scríbhneoireachta, nodaireachta, lena n–áirítear bileog cheoil, agus léaráidí gaolmhara, i meáin ar bith, lena n–áirítear i bhfoirm fuaime amhail closleabhair agus i bhformáid dhigiteach, atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara agus a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil go poiblí.
Cóip i bhformáid inrochtana: cóip de shaothar i bhfoirm lena dtugtar rochtain do dhuine is tairbhí ar bhealach atá chomh indéanta agus chomh áisiúil céanna le duine nach bhfuil faoi lagú nó faoi mhíchumas ar bith de na cineálacha atá cumhdaithe sa rialachán seo.
Eintiteas údaraithe: eintiteas a údaraíonn ná a aithníonn tír maidir le hoideachas, oiliúint, léitheoireacht oiriúnaitheach nó rochtain ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine is tairbhithe ar bhonn neamhbhrabúsach.
Duine is tairbhí: duine dall, duine lagamhairc nó duine atá faoi mhíchumas aireachtála nó léitheoireachta agus nach bhfuil ábalta saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna le duine nach bhfuil faoi lagú den sórt sin, nó nach bhfuil ábalta breith ar leabhar nó leabhar a láimhseáil nó nach bhfuil ábalta a súile a fhócasú nó a bhogadh a mhéid a bheadh inghlactha de ghnáth don léitheoireacht.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir leis an malartú trasteorann idir an tAontas agus tríú tíortha de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 242, 20.9.2017, lgh. 1-5)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2018/254 ón gComhairle an 15 Feabhra 2018 maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar aon bhealach eile (IO L 48, 21.2.2018, lgh. 1-2)

Conradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 48, 21.2.2018, lgh. 3-11)

Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lgh. 6-13)

Cinneadh 2014/221/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar aon bhealach eile (IO L 115, 17.4.2014, lgh. 1-2)

Nuashonraithe 21.03.2019

Top