Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Eurojust

Eurojust

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/1727 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ról Eurojust

  • Bunaithe ar oibríochtaí arna ndéanamh agus ar fhaisnéis arna soláthar ag údaráis na mBallstát agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), OIPE agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), tacaíonn Eurojust leis an gcomhordú agus an leis an gcomhar idir údaráis náisiúnta imscrúduithe agus ionchúisimh agus neartaíonn sé an comhordú agus comhar sin i ndáil le coireacht thromchúiseach a thagann faoina dhlínse (féach thíos), sna cásanna seo a leanas nuair is coir í:
    • a théann i gcion ar Bhallstát amháin nó níos mó;
    • a théann i gcion ar Bhallstát amháin agus ar thír nach tír den Aontas Eorpach í nó ar Bhallstát amháin agus ar eagraíocht idirnáisiúnta, ar an gcoinníoll go bhfuil comhaontú comhair nó socrú comhair tugtha i gcrích leis an tír nó leis an eagraíocht sin, nó i gcás ar leith go bhfuil leas riachtanach ann maidir le cúnamh den sórt sin a sholáthar (dá bhforáiltear in rialachán leasaitheach (AE) 2023/2131); nó
    • lena dteastaíonn ionchúiseamh ina leith ar bhoinn chomhchoiteanna.
  • Déanann Eurojust a shainchúraimí ar iarratas ó údaráis inniúla na mBallstát, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ón OIPE laistigh de theorainneacha inniúlacht OIPE.

Áirítear an méid a leanas ar shainchúraimí oibriúcháin Eurojust:

  • comhoibriú go dlúth le OIPE ar cheisteanna dlínse;
  • comhoibriú leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach i gcúrsaí coiriúla agus dul i gcomhairle leis maidir leo;
  • comhoibriú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE agus le gréasáin atá bunaithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais;
  • tacú le gníomhaíocht na mBallstát maidir le cineálacha coireachta tromchúisí a bhfuil údarás dlíthiúil aige ina leith a chosc (e.g. sceimhlitheoireacht, gníomhaíochtaí sciúrtha airgid, gáinneáil ar dhaoine; gáinneáil ar orgáin, drugaí agus airm thine);
  • tacaíocht oibriúcháin, theicniúil agus airgeadais a sholáthar d’oibríochtaí agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, lena n–áirítear d’fhoirne comhpháirtíochta imscrúdaithe;
  • tacú le gníomhaíocht na mBallstát maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chomhrac, lena n–áirítear trí fhianaise a bhaineann leis na coireanna sin agus le cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil, mar aon le malartú fianaise den sórt sin a éascú, nó seachas sin, í a chur ar fáil go díreach do na húdaráis náisiúnta ábhartha agus d’údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, go háirithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

Inniúlacht

  • Leagtar amach in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2018/1727 na cineálacha coireachta tromchúisí atá faoi dhlínse Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 3(1) den rialachán.
  • Nuair a ghlacann OIPE a shainchúraimí imscrúdaitheacha agus ionchúisimh, ní fheidhmeoidh Eurojust a údarás dlíthiúil maidir le coireanna a bhfeidhmíonn OIPE a údarás ina leith, ach amháin:
    • i gcásanna a bhaineann leis na Ballstáit sin nach nglacann páirt i gcomhar feabhsaithe ar bhunú OIPE; agus
    • ar iarratas ó na Ballstáit sin nó ar iarratas ón OIPE.
  • Feidhmeoidh Eurojust a údarás dlíthiúil maidir le coireanna a bhaineann le leasanna airgeadais AE i gcásanna a bhaineann leis na Ballstáit a ghlacann páirt i gcomhar feabhsaithe ar bhunú OIPE, ach nach bhfuil an t–údarás dlíthiúil ag OIPE ina leith nó i gcás go gcinnfeadh sé nach bhfeidhmeoidh sé é.
  • Bunóidh agus coimeádfaidh Eurojust dlúthchaidreamh le OIPE bunaithe ar chomhar frithpháirteach laistigh dá shainorduithe faoi seach.

Struchtúr agus eagrú

  • Cuimsítear in Eurojust:
  • Is é 5 bliana téarmaí oifige na mball náisiúnta agus a n–ionadaithe agus is féidir é a athnuachan uair amháin.
  • Déantar ionadaíocht ar son an Choimisiúin ar an gcoláiste agus ar an mBord Feidhmiúcháin araon.
  • Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cinntí riaracháin a dhéanamh chun dea–fheidhmiú Eurojust a áirithiú.

Próiseáil sonraí pearsanta

  • Leis na rialacha cuirtear na rialacha úra cosanta le haghaidh institiúidí agus ghníomhaireachtaí AE san áireamh.
  • Tá na Ballstáit freagrach as cruinneas na sonraí a aistríonn siad chuig Eurojust, as na sonraí sin a choinneáil cothrom le dáta agus as dlíthiúlacht na sonraí sin a tharchur chuig Eurojust.
  • Tá Eurojust freagrach as cruinneas na sonraí a sholáthraíonn soláthraithe sonraí eile nó a bhíonn mar thoradh ar a anailísí nó ar a bhailiú sonraí féin agus as iad sin a choinneáil cothrom le dáta.
  • Ba cheart do Eurojust a áirithiú go ndéanfar na sonraí a phróiseáil go cóir agus go dleathach, agus go ndéanfar iad a bhailiú agus a phróiseáil le haghaidh críoch shonrach.
  • Ba cheart go mbeadh ceart rochtana ag ábhar sonraí (aon duine sainaitheanta nó inaitheanta) ar shonraí oibriúcháin faoi féin nó fúithi féin a phróiseálann Eurojust.

Saoráid stórála lárnach

  • Ós rud é nach féidir fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a stóráil go sábháilte sa chríoch ina bhfuil an chogaíocht ag tarlú, amhail san Úcráin i gcás fhogha míleata leanúnach na Rúise, bunaítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/838 saoráid uathoibrithe bainistíochta sonraí agus stórála lárnach d’fhianaise den sórt sin.
  • I bhfianaise chineál íogair na sonraí pearsanta atá i gceist, ní mór go gcloífidh a bpróiseáil, lena n–áirítear bailiú, caomhnú, anailísiú agus malartú, leis na caighdeáin is airde cibearshlándála.

Malartú faisnéise maidir le cásanna sceimhlitheoireachta

Ceanglaítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2023/2131 ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar do Eurojust maidir le himscrúduithe coiriúla ar bith a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a luaithe is a chuirtear cásanna den sórt sin ar aghaidh chuig a gcuid údarás breithiúnach.

  • Cruthaítear leis bealach slán cumarsáide digití idir na Ballstáit agus Eurojust.
  • Leasaítear leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí laistigh de chóras bainistíochta sonraí Eurojust, ina ndéantar na sonraí oibríochtúla pearsanta uile a stóráil agus a chros-seiceáil, chun go mbeifear ábalta bonneagar teicniúil úrscothach atá éasca le húsáid a chur ar bun.
  • Treisítear leis cumais Eurojust chun naisc idir imscrúduithe agus ionchúisimh thrasteorann i réimse na sceimhlitheoireachta a aimsiú agus chun na Ballstáit a chur ar an eolas faoi na naisc sin.
  • Simplítear leis an comhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad trí rochtain ar an gcóras bainistíochta riosca a dheonú d’ionchúisitheoirí idirchaidrimh atá ar iasacht do Eurojust.

Rialú daonlathais

  • Chun trédhearcacht agus maoirseacht dhaonlathach Eurojust a mhéadú, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus parlaimintí náisiúnta measúnú comhpháirteach ar a ghníomhaíochtaí.

Aisghairm

Cuirtear Rialachán (AE) 2018/1727 in ionad Chinneadh 2002/187/CGB agus aisghairtear leis an Rialachán sin é.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1727 ón 12 Nollaig 2019.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2023/2131 ón 31 Deireadh Fómhair 2023.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus a ghabhann in ionad an Chinnidh sin (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 138–183).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1727 a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39–98).

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1–71).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.02.2024

Top