Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta bainistíochta an Aontais Eorpaigh don Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

Bearta bainistíochta an Aontais Eorpaigh don Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/975 — bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

SPRFMO

  • Is eagraíocht idir–rialtasach é SPRFMO atá tiomanta d’acmhainní iascaigh an Aigéin Chiúin Theas a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar bhonn fadtéarmach.
  • Is páirtí conarthach é an tAontas Eorpach.

Raon feidhme agus feidhm

  • Tá feidhm ag an rialachán maidir leis an méid seo a leanas:
    • soithí iascaireachta AE a oibríonn i limistéar choinbhinsiún SPRFMO;
    • soithí iascaireachta de chuid an Aontais a thrasloingsíonn* táirgí iascaigh a ghabhtar i limistéar choinbhinsiún SPRFMO;
    • soithí iascaireachta tíre neamh–AE a iarrann cead isteach i gcalafoirt de chuid an Aontais Eorpaigh, nó atá ina n–ábhar do chigireacht i gcalafort den sórt sin agus a bhfuil táirgí iascaigh a ghabhtar i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO á n-iompar acu.
  • Tá feidhm aige gan dochar do:

Rialacha

  • ceanglaítear ar thíortha de chuid an Aontais Eorpaigh clúdach breathnóra eolaíoch a áirithiú i leith 10 % ar a laghad san iascach bolmán sileach agus stop a chur leis an iascaireacht nuair a bheidh 100 % dá theorainn gabhála bainte amach acu;
  • ceanglaítear ar shoithí de chuid an Aontais Eorpaigh rialacha a urramú chun éin mhara a chosaint lena n–áirítear línte scanraithe éan a úsáid;
  • éiceachórais mhuirí leochaileacha a chosaint*, cuirtear cosc ar shoithí de chuid an Aontais Eorpaigh dul i mbun iascaireacht grinnill* nó iascach taiscéalaíoch* gan údarú a fháil ó SPRFMO agus ar bhonn measúnú iascaireachta bun a ndearna Coiste Eolaíoch SPRFMO meastóireacht air;
  • ceanglaítear 10 % ar a laghad den chlúdach breathnóra le haghaidh iascaireachta bád spiléar do speicis iascaireachta grinnill agus go scoirfidh siad de ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill laistigh de chúig mhuirmhíle ón limistéar ina sáraíonn aon teagmháil le héiceachórais mhuirí leochaileacha na leibhéil tairsí;
  • cuirtear cosc ar shruthlíonta peiligeacha ar mhórscála a úsáid (eangacha geolbhaigh nó teaglaim líonta atá níos mó ná 2.5 ciliméadar ar fhad), agus ar úsáid gach eangaí geolbhaigh domhainmhara* ar fud limistéar choinbhinsiún SPRFMO;
  • ceanglaítear go dtabharfar fógra faoi thrasloingsiú bolmán Sileach agus speiceas grinnill agus go ndéanfar faireachán air nuair a bhíonn breathnóir ar bord;
  • ceanglaítear soithí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil sé beartaithe acu idirthuras a dhéanamh i limistéar an choinbhinsiúin agus eangacha geolbhaigh á n–iompar acu fógra a thabhairt do Rúnaíocht SPRFMO 36 huaire ar a laghad sula dtéann siad isteach sa limistéar agus chun a áirithiú go bhfeidhmíonn na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu córas um fhaireachán soithí a thuairisceoidh uair amháin gach 2 uair an chloig fad is atá siad laistigh de limistéar choinbhinsiún SPRFMO;
  • ceanglaítear ar thíortha AE, faoin 15 Samhain gach bliain, liosta a chur faoi bhráid an Choimisiúin de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar coinbhinsiúin SPRFMO an bhliain dar gcionn, lena n–áirítear an fhaisnéis atá in Iarscríbhinn V. Cuireann an Coimisiún an liosta sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO;
  • Ní mór do thíortha AE a bhfuil a gcuid soithí ag iascaireacht san SPRFMO cláir bhreathnóra a chur ar bun chun na sonraí a bhailiú maidir le héisc a ghabhtar le cur faoi bhráid an Choimisiúin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 19 Iúil 2018.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Trasloingsiú: aistriú gabhála ó bhád iascaireachta níos lú go ceann níos mó a chuireann isteach i mbaisc níos mó ansin í lena loingsiú.
Éiceachórais mhuirí leochaileacha: aon éiceachóras muirí a bhfuil a shláine (i.e. struchtúr nó feidhm an éiceachórais) faoi bhagairt, de réir na faisnéise eolaíochta is fearr dá bhfuil ar fáil agus de réir phrionsabal an réamhchúraim, tionchair dhochracha shuntasacha atá ann mar thoradh ar theagmháil fhisiciúil le trealamh grinnill i ngnáthchúrsa oibríochtaí iascaireachta, lena n–áirítear rífeanna, tuláin ghrinnill, coiréalaigh uisce fhuair nó leapacha spúinse uisce fhuair.
Iascaireacht ghrinnill: iascaireacht ag aon soitheach iascaireachta a úsáideann aon trealamh ar dócha go dtiocfaidh sé i dteagmháil le grinneall na farraige nó le horgánaigh bheantacha (i.e. iad siúd atá le fáil sa réigiún éiceolaíoch ag an leibhéal is ísle den aigéan) le linn ghnáthchúrsa oibríochtaí.
Iascach taiscéalaíoch: iascaireacht i limistéar nach ndearnadh iascaireacht ann nó nach ndearnadh iascaireacht ann le cineál áirithe trealaimh nó le teicníocht áirithe i rith na 10 mbliana roimhe sin.
Eangacha geolbhaigh domhainmhara: líontáin shingile, dhúbailte nó thriaracha a bhíonn crochta le chéile ar na rópaí fráma céanna. Is féidir roinnt cineálacha éagsúla eangach a chur le chéile in aon trealamh amháin. Is féidir na heangacha sin a úsáid ina n–aonar nó, mar a dhéantar de ghnáth, go leor eangach a chur le chéile i líne (“scuainí” eangach). Is féidir an trealamh a shocrú, a chur ar ancaire ar an ngrinneall nó é a fhágáil le sruth, go saor nó ceangailte den soitheach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2018/975 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) (IO L 179, 16.7.2018, lgh. 30-75)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistíocht inbhuanaithe cabhlach iascaireachta seachtracha, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lgh. 81-104)

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22-61)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 1-32)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 23.04.2020

Top