Vælg de eksperimentelle funktioner, som du ønsker at prøve

Dette dokument er et uddrag fra EUR-Lex

Bearta AE um cheadú mótarfheithiclí agus a leantóirí agus faireachas margaidh orthu

Bearta AE um cheadú mótarfheithiclí agus a leantóirí agus faireachas margaidh orthu

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/858 — ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

  • Leagtar amach leis an rialachán rialacha ar fud AE maidir le ceanglais teicniúla agus nósanna imeachta lena áirithiú go gcloífidh cineálacha úra mótarfheithiclí agus a leantóirí le ceanglais arna gceadú ag AE maidir le sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil.
  • Tá sé mar aidhm leis:
    • leibhéal cáilíochta agus neamhspleáchais cineálcheadaithe* feithicle agus tástála a ardú;
    • méadú a dhéanamh ar sheiceálacha feithiclí atá ar mhargadh AE cheana;
    • an córas foriomlán a neartú trí mhaoirseacht AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le:

  • mótarfheithiclí ar a bhfuil ceithre bhonn ar a laghad, a úsáidtear chun paisinéirí a iompar (catagóir M);
  • mótarfheithiclí ar a bhfuil ceithre bhonn ar a laghad, atá beartaithe le haghaidh earraí a iompar (catagóir N);
  • leantóirí (catagóir O).

Cineálcheadú agus tástáil sula gcuirfear carr ar an margadh

  • Déanfar seirbhísí teicniúla a iniúchadh go rialta agus go neamhspleách ar bhonn critéir dhochta feidhmíochta chun an t–údarás a thugann Ballstáit AE maidir le tástáil agus iniúchadh leaganacha úra feithiclí a fháil agus a choimeád. Beidh an Coimisiún Eorpach agus Ballstáit AE eile ábalta cur i gcoinne an údaráis sin i gcás go mbeidh rud éigin mícheart.
  • Beidh údaráis náisiúnta cineálcheadaithe faoi réir iniúchtaí an Choimisiúin lena áirithiú go gcuirfear na rialacha ábhartha chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar go docht iad ar fud AE.
  • Ní dhearnadh an togra ón gCoimisiún maidir leis an gcóras luach saothair a mhionathrú ionas nach n–íocfadh an monaróir na seirbhísí teicniúla go díreach a choimeád.

Seiceálacha ar charranna ar an margadh

  • Déileáiltear i rialacha cineálcheadaithe atá ann cheana go príomha le seiceálacha ar fhréamhshamhlacha a glacadh ón líne tháirgthe; leis an rialachán seo tugtar isteach faireachas margaidh agus ceanglaítear leis chomh maith ar Bhallstáit AE seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar fheithiclí atá ar a margadh cheana agus na torthaí sin a chur ar fáil don phobal.
  • Féadfaidh gach Ballstát AE bearta cosanta a dhéanamh láithreach anois i gcoinne feithiclí neamhchomhlíontacha ar a gcríoch gan a bheith orthu fanacht leis údarás cineálcheadaithe chun beart a dhéanamh.

Maoirseacht

  • Féadfaidh an Coimisiún seiceálacha margaidh a dhéanamh go neamhspleách ar Bhallstáit AE agus féadfaidh sé athghairmeacha ar fud AE a thionscnamh.
  • Féadfaidh sé ainmniú seirbhísí teicniúla a cheistiú agus pionós riaracháin a ghearradh ar mhonaróirí nó ar sheirbhísí teicniúla suas le EUR 30 000 in aghaidh na feithicle neamhchomhlíontaí.
  • Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar fhóram úr forfheidhmiúcháin chun léirmhíniú níos aonfhoirmí ar reachtaíocht ábhartha AE, trédhearcacht iomlán maidir le cásanna neamhchomhlíontacha, agus gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh níos fearr agus níos comhtháite ag Ballstáit AE a áirithiú.

Monaróirí

  • Chomh maith leis an gcosc atá ann cheana ar fheistí sáraithe lena n–athraítear an fheidhmíocht le linn tástála, nó mór do mhonaróirí rochtain ar phrótacail bhogearraí an chairr a sholáthar ionas go mbeifear ábalta seiceálacha seachtracha a dhéanamh.

Ceanglais sábháilteachta agus cosaint úsáideoirí soghonta bóithre

  • Le Rialachán (AE) 2019/2144 leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 agus déantar ceanglais chineálcheadaithe AE a nuashonrú le sábháilteacht ghinearálta feithiclí agus cosaint úsáideoirí soghonta bóithre, amhail coisithe agus rothaithe a áirithiú (féach achoimre). Leasaítear leis Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ina bhfuil na ceanglais chun críche cineálcheadaithe AE feithiclí, córas, comhábhar nó aonad teicniúil ar leithligh.

Malartú sonraí ar líne agus fógra cineálcheaduithe AE

  • Ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1812 ina leagtar síos na rialacha maidir le malartú sonraí ar líne agus fógra cineálcheaduithe AE faoi Rialachán (AE) 2018/858.

Malartú sonraí an teastais chomhréireachta i bhformáid leictreonach

  • Leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/133 na sonraíochtaí don bhunfhormáid, struchtúr agus modh malartaithe sonraí an teastais chomhréireachta i bhformáid leictreonach. Déantar é sin le háirithiú go ndéantar teastais chomhréireachta a mhalartú idir monaróirí agus údaráis cheadaithe ar bhealach aonfhoirmeach agus go bhfuil na gnéithe sonraí agus teachtaireachtaí iontu comhoiriúnaithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/858 ón 1 Meán Fómhair 2020.
  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 ón 6 Iúil 2022.
  • Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1812 i bhfeidhm ón 22 Nollaig 2020.
  • Tá feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/133 ón 1 Eanáir 2023.

CÚLRA

  • Athraíodh an treoir AE maidir le cineálcheadú go rialachán atá infheidhme go díreach agus a neartaíodh nuair a fuarthas amach gur chuimsigh monaróirí áirithe córais chun feidhmíocht a bhfeithiclí a athrú le linn tástála (feistí sáraithe).
  • Tá an t–athchóiriú sin ina chuid d’obair níos leithne an Choimisiúin ar earnáil na gcarranna atá leagtha amach sa teachtaireacht “An Eoraip ag feabhsú”.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cineálcheadú: nós imeachta lena ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann cineál feithicle, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leith rialacha riaracháin agus ceanglais dhlíthiúla ábhartha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lgh. 1-218)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/133 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunfhormáid, struchtúr agus modh malartaithe sonraí an teastais chomhréireachta i bhformáid leictreonach (OJ L 42, 5.2.2021, lgh. 1-3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1812 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2020 lena leagtar rialacha maidir le malartú sonraí ar líne agus fógra cineálcheaduathe AE faoi Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (OJ L 404, 2.12.2020, lgh. 5-8)

Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lgh. 1-40)

Féach an leagan comhdhlúite.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Eoraip ag feabhsú – Soghluaisteachta inbhuanaithe don Eoraip: sábháilte, nasctha, agus glan (COM(2018) 293 final, 17.5.2018)

Nuashonraithe 30.07.2023

Op