Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus na hOileáin Fhilipíneacha

Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus na hOileáin Fhilipíneacha

 

ACHOIMRE AR:

Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus na hOileáin Fhilipíneacha

Cinneadh 2012/272/AE ón gComhairle maidir le síniú an chomhaontaithe

Cinneadh (AE) 2017/2414 ón gComhairle maidir leis an gcomhaontú a thabhairt i gcrích

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Bunaítear bunús dlí nua feabhsaithe leis an gcomhaontú, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais Eorpaigh (AE) agus na nOileán Filipíneach a gcaidreamh a neartú, go háirithe maidir le hábhair pholaitiúla, shóisialta agus eacnamaíocha, lena n-áirítear cearta an duine.
  • Formheasann Cinneadh 2012/272/AE ón gComhairle síniú an chomhaontaithe comhpháirtíochta ag an Aontas.
  • Formheastar le Cinneadh (AE) 2017/2414 ón gComhairle an comhaontú féin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an gcomhaontú gabhann na páirtithe orthu féin idirphlé agus comhar cuimsitheach a dhéanamh ar roinnt saincheisteanna lena n–áirítear an méid seo a leanas:

  • cúrsaí polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha i ngach fóram agus eagraíocht ábhartha réigiúnach agus idirnáisiúnta;
  • sceimhlitheoireacht agus coireanna trasnáisiúnta a chomhrac;
  • cearta an duine agus an t–idirphlé maidir leis an gcomhrac in aghaidh coireanna tromchúiseacha is cúram idirnáisiúnta;
  • leathadh arm ollscriosta, mionarm agus arm éadrom a chomhrac, agus próisis síochána agus cosc coinbhleachtaí a chur chun cinn;
  • gach réimse trádála agus infheistíochta comhleasa;
  • réimse an cheartais agus na slándála, lena n-áirítear:
  • na réimsí imirce agus oibreachais mhuirí;
  • earnálacha eile comhleasa, lena n–áirítear:
  • feabhas a chur ar rannpháirtíocht an dá pháirtí i gcláir um chomhar foréigiúnach agus réigiúnach atá oscailte do rannpháirtíocht an pháirtí eile;
  • róil agus próifílí na nOileán Filipíneach agus AE a ardú;
  • tuiscint idir dhaoine agus idirphlé agus idirghníomhaíocht éifeachtach le sochaí shibhialta eagraithe a chur chun cinn.

Modh comhair

  • Cuirfidh gach páirtí na hacmhainní cuí ar fáil, lena n–áirítear na hacmhainní airgeadais, a mhéid is féidir de réir a n–acmhainní agus a rialachán faoi seach, chun na cuspóirí um chomhar a chomhlíonadh.
  • Spreagfaidh na páirtithe an Banc Eorpach Infheistíochta chun leanúint lena oibríochtaí sna hOileáin Fhilipíneacha, i gcomhréir lena nósanna imeachta agus lena chritéir um mhaoiniú.

Comhchoiste

Déanfaidh comhchoiste a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ón dá pháirtí an méid seo a leanas:

  • feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an chomhaontaithe a áirithiú;
  • tosaíochtaí a leagan síos i ndáil le haidhmeanna an chomhaontaithe;
  • moltaí a dhéanamh chun cuspóirí an chomhaontaithe a chur chun cinn.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig sí i bhfeidhm an 1 Márta 2018.

CÚLRA

  • Tá na hOileáin Fhilipíneacha ina gcuid de Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, ar príomh-chomhpháirtí de chuid an Aontais é.
  • Ó mhí na Nollag 2014 i leith, tá fabhair thrádála fheabhsaithe ag na hOileáin Fhilipíneacha leis an Aontas Eorpach faoi scéim ghinearálaithe fabhar an Aontais.
  • Tá an chaibidlíocht maidir le comhaontú saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus na hOileáin Fhilipíneacha ar siúl ó bhí mí na Nollag 2015 ann.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile (IO L 343, 22.12.2017, lgh. 3–32).

Ionchorpraíodh sa téacs dlíthiúil leasuithe i ndiaidh a chéile ar an gcreat-chomhaontú. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2012/272/EU ón gComhairle an 14 Bealtaine 2012 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chreat-Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht agus um Chomhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile (IO L 134, 24.5.2012, lch. 3).

Cinneadh (AE) 2017/2414 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile (IO L 343, 22.12.2017, lgh. 1–2).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na nOileán Filipíneach, den pháirt eile (IO L 78, 21.3.2018, lch. 1).

Nuashonraithe 16.01.2023

Top