Buanchomhar struchtúrtha maidir le cosaint agus slándáil (PESCO)
ACHOIMRE AR:
Cinneadh (CBES) 2017/2315 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach
Cinneadh (CBES) 2018/340 lena bunaítear liosta na dtionscadal a fhorbrófar faoi PESCO
CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ?
- Le Cinneadh (CBES) 2017/2315 bunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), agus é mar aidhm leis sin a n–éifeachtacht a mhéadú maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus oibriú i dtreo comhar cosanta a chomhtháthú agus a neartú tuilleadh laistigh den Aontas. Leagtar amach ann freisin an liosta de na Ballstáit rannpháirteacha.
- Liostaítear i gCinneadh (CBES) 2018/340 na tionscadail chomhoibritheacha tosaigh a comhaontaíodh, lena gcumhdaítear réimsí amhail oiliúint, forbairt cumais agus ullmhacht oibríochtúil.
- Tugadh achoimre ar PESCO den chéad uair sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), in Airteagal 42(6) agus in Airteagal 46, agus i bPrótacal 10.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ballstáit Rannpháirteacha
Ar an iomlán, roghnaigh 26 de na 27 mBallstát a bheith páirteach in PESCO: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ísiltír, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.
Cuspóirí
Oibríonn na Ballstáit rannpháirteacha le chéile chun tionscadail a fhorbairt, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- feabhas a chur ar oiliúint mhíleata agus ar chleachtaí míleata;
- a gcumais a neartú, lena n–áirítear sa chibearspás.
Cé gur ar bhonn deonach atá an rannpháirtíocht, is faoi chúram na mBallstát aonair atá sé cinntí a dhéanamh agus cuirtear saintréith a mbeartas slándála agus cosanta san áireamh.
Comhaontaíonn na Ballstáit rannpháirteacha comhoibriú chun cuspóirí formheasta a bhaint amach maidir le slándáil agus cosaint, agus geallann siad go dtabharfaidh siad gealltanais chomhchoiteanna níos ceangailtí sna cúig réimse seo a leanas, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Phrótacal 10 le CAE.
- Infheistiú i dtrealamh cosanta:
- buiséid i gcomhair na cosanta a mhéadú go rialta;
- caiteachas na hinfheistíochta sa chosaint a mhéadú go dtí 20 % d’iomlán an chaiteachais ar chosaint;
- comhthionscadail agus tionscadail chomhoibritheacha um chumas cosanta straitéisí a mhéadú;
- an caiteachas ar thaighde agus ar theicneolaíocht na cosanta a mhéadú go dtí 2 % d’iomlán an chaiteachais ar chosaint.
- Acmhainn a chomhchuibhiú agus a chomhthiomsú, agus dúbláil a laghdú:
- ról substainteach a imirt i bhforbairt cumais i gcomhréir le huaillmhian an Aontais;
- tacú leis an athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint (CARD);
- an Ciste Eorpach Cosanta, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/697 (féach achoimre), a thabhairt isteach go dian sa soláthar ilnáisiúnta;
- ceanglais chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na dtionscadal forbartha cumais uile;
- breathnú ar chomhúsáid a bhaint as na cumais atá ann cheana;
- comhar maidir leis an gcibearchosaint a mhéadú.
- Infhaighteacht agus in-imscarthacht a fheabhsú:
- foirmíochtaí a bheidh in-imscartha go straitéiseach a chur ar fáil;
- bunachar sonraí a fhorbairt ina mbeidh na hacmhainní a bheidh réidh lena n-imscaradh go gasta;
- a bheith mar aidhm tiomantas náisiúnta polaitiúil a bhogadh go mear, lena n-áirítear go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta náisiúnta um chinnteoireacht;
- tacaíocht a sholáthar do phearsanra, trealamh agus oiliúint d’oibríochtaí agus do mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta;
- rannchuidiú go substaintiúil le cathghrúpaí AE;
- iompar míleata trasteorann a shimpliú agus a chaighdeánú le haghaidh imscaradh mear;
- teacht ar chomhaontú maidir leis na critéir chomhchoiteanna um measúnú agus um bailíochtú le haghaidh chathghrúpaí AE le ECAT (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh);
- comhchaighdeáin theicniúla agus oibríochtúla d’fhórsaí a chomhaontú, chun idir-inoibritheacht le ECAT a áirithiú;
- ról gníomhach a imirt sna príomhstruchtúir mhíleata atá ag an AE faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, amhail Eurocorps, Lárionad Comhordaithe Gluaiseachtaí don Eoraip (MCCE) agus Aeriompar, Athbhreoslú san Aer agus Malartú Eile Seirbhísí (Atares);
- teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige uaillmhianach maidir le cómhaoiniú oibríochtaí agus misean míleata faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta.
- Easnaimh chumais a shárú:
- cuidiú chun na heasnaimh cumais arna sainaithint sa phlean forbartha cumais agus san athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint a shárú, d’fhonn bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa a neartú;
- tús áite a thabhairt do chur chuige comhoibritheach chun easnaimh náisiúnta a shárú;
- páirt a ghlacadh i dtionscadal amháin ar a laghad lena mbaineann cumais straitéiseacha faoi PESCO.
- Leas a bhaint as an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus an tionscal cosanta:
- leas a bhaint as an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint mar fhóram chun cumas a fhorbairt i gcomhpháirt agus machnamh a dhéanamh ar an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála (OCCAR) chun cláir a bhainistiú;
- a áirithiú go ndéanfar tionscal cosanta Eorpach níos iomaíche leis na tionscadail trí bheartas tionsclaíoch cuí;
- a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag na cláir chomhair ar bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na cosanta Eorpaí.
Ní mór do na Ballstáit pleananna náisiúnta cur chun feidhme a thíolacadh ina leagfar amach a gcumais agus a dtoilteanas na gealltanais a chomhlíonadh.
I mí an Mhárta 2018, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh moladh maidir le treochlár cur chun feidhme PESCO, lena gcuirfí stiúradh straitéiseach agus treoir ar fáil do na Ballstáit. Leagtar amach amlíne ann chomh maith chun teacht ar chomhaontú ar thionscadail fhéideartha amach anseo, agus na príomhphrionsabail maidir le tionscadal a ghlacfaidh an Chomhairle faoi dheireadh mí an Mheithimh 2018.
Leasuithe ar Chinneadh (CBES) 2018/340
Leasaíodh Cinneadh (CBES) 2018/340 cúig huaire.
- Le Cinneadh (CBES) 2018/1797 nuashonraíodh liosta na dtionscadal, ag fágáil go raibh 34 tionscadal ar an iomlán ann.
- Le Cinneadh (CBES) 2019/1909 nuashonraíodh liosta na dtionscadal, ag fágáil go raibh 47 tionscadal ar an iomlán ann.
- Le Cinneadh (CBES) 2020/1746 nuashonraíodh liosta na dtionscadal ag fágáil go raibh 46 tionscadal ann ar an iomlán, rud a léiríonn go raibh cinneadh déanta ag comhaltaí Lárionad Inniúlachta Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh an tionscadal a dhúnadh.
- Le Cinneadh (CBES) 2021/2008 nuashonraíodh liosta na dtionscadal, ag fágáil go raibh 60 tionscadal ar an iomlán ann.
- Le Cinneadh (CBES) 2023/995 nuashonraíodh liosta na dtionscadal, ag fágáil go raibh 72 tionscadal ar an iomlán ann.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ?
- Tá feidhm le Cinneadh (CBES) 2017/2315 lena gcuirtear PESCO ar bun ón 11 Nollaig 2017.
- Tá feidhm le Cinneadh (CBES) 2018/340 ón 6 Márta 2018.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (IO L 331, 14.12.2017, lgh. 57–77).
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (CBES) 2017/2315. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal a fhorbrófar faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24–27).
Féach an leagan comhdhlúite.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Moladh ón gComhairle an 6 Márta 2018 maidir le treochlár do chur chun feidhme PESCO (IO C 88, 8.3.2018, lgh. 1–4).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 2 — Forálacha maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta — Airteagal 42 (sean-Airteagal 17 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh 38–39).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus forálacha sainiúla maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha sainiúla maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Alt 2 — Forálacha maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta — Airteagal 46 (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 40–41).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Prótacal (Uimh. 10) maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha arna bhunú le hAirteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 275–277).
Cinneadh (CBES) 2015/1835 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar amach reacht, suíomh agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (athmhúnlú) (IO L 266, 13.10.2015, lgh. 55–74).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 08.09.2023