Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Geobhlocáil: aghaidh a thabhairt ar chóireáil idirdhealaitheach custaiméirí

Geobhlocáil: aghaidh a thabhairt ar chóireáil idirdhealaitheach custaiméirí

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/302 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Is é is aidhm leis feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh in AE a áirithiú trí chosc a chur ar gheobhlocáil1 nach bhfuil údar léi agus cineálacha eile idirdhealaithe bunaithe, go díreach nó go hindíreach, ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí, in idirbhearta ar líne agus seachlíne laistigh de AE.
  • Ní bheidh sé d’oibleagáid ar thrádálaithe seachadadh thar theorainneacha (mura gcuireann an trádála an tseirbhís sin ar fáil cheana) nó chun praghsanna a chomhchuibhiú.
  • Déanfar leis, áfach, idirdhealú a thoirmeasc idir chustaiméirí AE maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí ar bhonn náisiúntachta, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméara, nuair a ghlacann an custaiméir coigríche leis na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm sa bhaile (i.e. an ceart chun bheith ag siopadóireacht cosúil le duine áitiúil).

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Níl feidhm ag an rialachán maidir le:

  • cásanna inmheánacha amháin i dtíortha AE;
  • seirbhísí eile amhail seirbhísí airgeadais, closamhairc, iompair, cúram sláinte agus sóisialta, i gcomhréir le raon feidhme Threoir um Sheirbhísí an Aontais Eorpaigh.

Níl feidhm ag an rialachán maidir le seirbhísí ábhair faoi chosaint cóipchirt — amhail seirbhísí sruthaithe ceoil, r-leabhair, bogearraí agus físeáin — ach déanfar athbhreithniú air sin nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an rialachán.

Rochtain ar chomhéadain ar líne

Leis an rialachán cuirtear cosc ar bhlocáil a dhéanamh ar rochtain ar láithreáin ghréasáin agus ar athródú gan réamhthoiliú an chustaiméara.

Fiú má thugann an custaiméir a thoiliú don athródú, ní mór rochtain ar an leagan bunaidh a bheith fós ar fáil.

I gcás go bhfuil bonn cirt de réir dhlí AE leis an mblocáil, le rochtain a theorannú nó le hathródú, nó sa dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí AE, ní mór do thrádálaithe míniú soiléir a sholáthar do chustaiméirí.

Coinníollacha maidir le rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí

3 chás ar leith i gcás nach bhféadfaidh trádálaithe coinníollacha ginearálta difriúla a chur i bhfeidhm maidir le rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméara, ach amháin má tá sé le dlí AE a chomhlíonadh nó le dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí AE a chomhlíonadh:

  • díol earraí a sheachadfar chuig limistéar ar a bhfreastalaíonn an trádálaí (nó a roghnaíonn an custaiméir);
  • díol seirbhísí arna soláthar go leictreonach;
  • díol seirbhísí a sholáthraítear i suíomh fisiciúil ar leith.

Modhanna íocaíochta

Ceadaítear do thrádálaithe glacadh le cibé bealaí íocaíochta agus brandaí cárta is mian leo. Mar sin féin, ní cheadaítear dóibh idirdhealú a dhéanamh laistigh de na modhanna céanna íocaíochta nó branda ar chúiseanna a bhaineann le:

  • náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaíochta an chustaiméara;
  • suíomh an chuntais íocaíochta;
  • suíomh an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta;
  • áit eisiúna an mhodha íocaíochta.

Measfar go bhfuil trádálaithe ag idirdhealú nuair a dhiúltóidh siad íocaíocht, sna cásanna a leanas:

  • rinneadh é trí idirbhearta leictreonacha trí íocaíocht aistrithe creidmheasa, dochair dhírigh nó cártaí laistigh den bhranda agus den chatagóir chéanna;
  • rinneadh é in airgeadra a nglacann an trádálaí leis; agus
  • comhlíonadh na ceanglais fhíordheimhnithe.

Féadfaidh trádálaithe, áfach, muirir a iarraidh as íocaíocht cártabhunaithe a úsáid i leith táillí idirmhalartaithe2 nach bhfuil clúdaithe le rialacha AE maidir le táillí ar idirbhearta íocaíochta cártabunaithe.

Gaol le dlí na hiomaíochta agus díolacháin éighníomhacha

Go ginearálta, ní dhéantar difear leis an rialachán do na rialacha iomaíochta, go háirithe Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá comhaontuithe maidir le díolacháin ghníomhacha3 á rialú fós le rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le díolúintí i ndáil le comhaontuithe ingearacha soláthair ingearach agus dáileacháin. Mar sin féin, tá feidhm ag an rialachán geobhlocála maidir le díolacháin éighníomhacha4: ní cheadaítear comhaontú sriantach le soláthraí ina n-éilítear ar thrádálaí déileáil le custaiméirí ó thíortha eile AE go difriúil le haghaidh díolachán den sórt sin, ar bhealach a thoirmisctear leis an rialachán, agus ní mór neamhaird a thabhairt air.

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach tuarascáil a chur i láthair ina mbeidh measúnú ar chur i bhfeidhm an rialacháin faoi Mhárta 2020 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Sa chéad tuarascáil déanfar imscrúdú ar cibé acu an bhféadfaí a raon feidhme a leathnú nó nach bhféadfaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Geobhlocáil: cleachtas idirdhealaitheach trádálaí lena gcuirtear cosc ar chustaiméirí ar líne rochtain a bheith acu ar tháirgí nó ar sheirbhísí a thairgtear ar láithreán gréasáin atá bunaithe i dtír eile agus na táirgí nó na seirbhísí sin a cheannach, mar shampla trí rochtain ar láithreáin ghréasáin thar theorainneacha a bhlocáil; ag séanadh na féidearthachta ordú a chomhlánú, earraí nó seirbhísí a cheannach agus láithreán gréasáin ón gcoigrích á rochtain.
  2. Táillí idirmhalartaithe: táillí a ghearrann banc shealbhóir an chárta ar bhanc miondíoltóra gach uair a dhéanann tomhaltóir ceannach le cárta.
  3. Díolacháin ghníomhacha: i gcomhthéacs comhaontuithe eisiacha dáilte, díolacháin a dhéanfaidh custaiméirí aonair a thiocfaidh go gníomhach laistigh de chríoch eisiach an dáileora eile.
  4. Díolacháin éighníomhacha: díolachán mar fhreagra ar iarrataí gan iarraidh ó chustaiméirí atá lonnaithe i gcríoch nach bhfuil an trádálaí gníomhach inti.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60I, , lgh. 1-15)

nuashonrú is deireanaí

Top