EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sásraí réitigh díospóidí maidir le cáin

Sásraí réitigh díospóidí maidir le cáin

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2017/1852 — córas AE um réiteach díospóidí maidir le cáin

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi feabhas a chur ar an gcóras le haghaidh díospóidí a réiteach maidir le comhaontuithe cánacha idir tíortha AE, agus mar sin níos mó cinnteachta agus cinntí níos tráthúla a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnóthais.

Baineann sé go sonrach le díospóidí faoi cháin dhúbailte agus ilchánacha — i gcás go n–éilíonn 2 thír nó níos mó an ceart céanna chun cáin a ghearradh ar an ioncam céanna nó ar na brabúis chéanna.

Forbraítear í ar choinbhinsiún 1990 maidir le cánachas dúbailte a dhíchur atá teoranta do dhíospóidí maidir le haistriú praghsála agus leithdháileadh brabús ar bhuanfhorais (ar a dtugtar Coinbhinsiún Eadrána an Aontais — (CEA) chomh maith).

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir maidir le gach cáiníocóir atá faoi réir cánacha ar ioncam agus ar chaipiteal arna gcumhdach faoi chonarthaí déthaobhacha cánach agus faoi Choinbhinsiún Eadrána an Aontais.

Nós imeachta um réiteach

Nós imeachta um chomhaontú frithpháirteach

Mar chéad chéim, cuireann an t–éilitheoir gearán isteach chuig údaráis chánach thíortha AE lena mbaineann. Ba cheart do na húdaráis iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú frithpháirteach maidir leis an ngearán laistigh de 2 bhliain i ndiaidh don údarás cánach an gearán a ghlacadh.

Nós imeachta um eadráin díospóidí

Cuirtear Coimisiún Comhairleach ar bun chun díospóid a réiteach sna cásanna seo a leanas:

  • nuair a dhiúltaíonn ceann de thíortha AE lena mbaineann gearán:

Féadfaidh an gearánaí Coimisiún Comhairleach a iarraidh má dhiúltaíonn ceann de thíortha AE a bhaineann leis an díospóid an gearán. Ní mór don Choimisiún Comhairleach cinneadh a glacadh maidir le hinghlacthacht agus glacadh an ghearáin, laistigh de 6 mhí ó dhiúltú an ghearáin, a bheidh ceangailteach ar na tíortha lena mbaineann.

  • i gcás nach réitítear an gearán laistigh de 2 bhliain i ndiaidh é a ghlacadh:

Ní mór Coimisiún Comhairleach a chur ar bun má thagann údaráis chánach thíortha AE lena mbaineann ar chomhaontú chun an cháin dhúbailte a dhíchur laistigh de 2 bhliain i ndiaidh an gearán a ghlacadh. Ní mór don Choimisiún Comhairleach a thuairim a thabhairt ar conas an díospóid a réiteach tráth nach déanaí ná 6 mhí i ndiaidh do na tíortha lena mbaineann é a chur ar bun.

Féadfaidh na tíortha lena mbaineann a chomhaontú go mbunófar Coimisiún um Réiteach Malartach Díospóidí in aonad Coimisiún Comhairleach, a bhféadfadh a chomhdhéanamh agus a fhoirm a bheith difriúil ón gCoimisiún Comhairleach. Tá an ceart ag na tíortha lena mbaineann cinneadh a ghlacadh nach leanann tuairim an Choimisiúin Chomhairligh nó, más cuí, tuairim an Choimisiúin um Réiteach Malartach Díospóidí. Mura dtagann siad ar chomhaontú faoi conas an díospóid a réiteach, áfach, beidh siad ceangailte leis an tuairim sin.

Tuarascáil

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú ar chur i bhfeidhm na treorach agus tabharfaidh sé tuairisc don Chomhairle faoin 30 Meitheamh 2024.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá an treoir i bhfeidhm ón 3 Samhain 2017. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 30 Meitheamh 2019.

CÚLRA

Tagann cánachas dúbailte trasteorann chun cinn nuair a ghearrann 2 thír éagsúla cáin ar an ioncam nó ar an gcaipiteal céanna ar ghnólacht. Cuireann sé bac tromchúiseach ar ghnó a dhéanamh thar theorainneacha, bíonn suaitheadh eacnamaíoch mar thoradh air agus tá tionchar diúltach aige ar infheistíocht trasteorann.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 maidir le sásraí réitigh díospóidí maidir le cáin (IO L 265, 14.10.2017, lgh. 1-14)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Coinbhinsiún 90/436/CEE maidir le cánachas dúbailte a dhíchur maidir le brabúis de chuid gnóthas comhlachaithe a choigeartú — Gníomh Deiridh — Dearbhuithe Comhpháirteacha — Dearbhuithe Aonfhoirmeacha (IO L 225, 20.8.1990, lgh. 10-24)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gCoinbhinsiún a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 06.02.2018

Top