Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun fiacha a aisghabháil idir tíortha AE

Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun fiacha a aisghabháil idir tíortha AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 — Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is é is aidhm leis fiacha a aisghabháil idir tíortha AE in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Bunaítear leis nós imeachta nua trína gceadaítear do chúirt i dtír AE amháin cistí a reo i gcuntas bainc féichiúnaí i dtír AE eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear nós imeachta Eorpach trínar féidir le creidiúnaí Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas (EAPO) a bhaint amach lena gcuirtear bac ar chistí atá i sealbh an fhéichiúnaí i gcuntas bainc nó i gcuntais bhainc i dtír (tíortha) AE eile.

Raon feidhme

Tá an EAPO ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí:

  • i gcásanna idir tíortha AE. i.e. i gcás go bhfuil an cuntas, ag dáta an iarratais ar EAPO, sealbhaithe i dtír AE eile seachas an áit ina bhfuil an creidiúnaí ina shainchónaí nó ina sainchónaí nó an áit ina bhfuil an chúirt ar cuireadh an t–iarratas faoina bráid bunaithe;
  • mar mhalairt ar nósanna imeachta náisiúnta, ach ní chuirtear ina n–ionad é.

Tá feidhm aige maidir le héilimh airgeadais in ábhair shibhialta agus thráchtála, seachas na hábhair a leanas:

  • cúrsaí ioncaim, custaim nó riaracháin nó slándáil shóisialta;
  • cearta i réadmhaoin a éiríonn as pósadh nó caidreamh coibhéiseach, agus uachtanna agus comharbais;
  • éilimh i gcoinne féichiúnaí atá ina ábhar in imeachtaí féimheachta nó dócmhainneachta, socruithe breithiúnacha, comhdhéanaimh nó imeachtaí comhchosúla eile.

Eisiaitear roinnt catagóirí cuntas bainc atá faoi chosaint speisialta chomh maith.

Níl an EAPO ar fáil do chreidiúnaithe nó do chuntais bainc atá bunaithe sa Danmhairg nó sa Ríocht Aontaithe (1).

Nós imeachta maidir le EAPO a fháil

  • Osclaítear an nós imeachta roimh imeachtaí a thionscnamh ar shubstaint an ábhair i gcoinne an fhéichiúnaí, le linn na n–imeachtaí nó i ndiaidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil a fháil lena n–éilítear ar an bhféichiúnaí íocaíocht a dhéanamh.
  • Is í an chúirt is inniúil chun EAPO a eisiúint, cúirt atá inniúil le rialú a dhéanamh ar shubstaint an ábhair de ghnáth. I gcás gur tomhaltóir é/í an féichiúnaí, is í an chúirt is inniúil chun EAPO a eisiúint chun éileamh a fháil a bhaineann le conradh an tomhaltóra cúirt na tíre AE ina bhfuil an féichiúnaí ina shainchónaí/ina sainchónaí.
  • I ngach cás, ní mór don chreidiúnaí fianaise a chur ar fáil lena chur ina luí ar an gcúirt go bhfuil fíor-riosca ann lena dtugtar údar leis an ngá le cuntas an fhéichiúnaí a reo. Má iarrann an creidiúnaí EAPO roimh bhreithiúnas a fháil ar shubstaint an ábhair, ba cheart fianaise dhóthanach a thabhairt chomh maith i leith rath dóchúil shubstaint an éilimh.
  • Ní mór foirm shonrach a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar EAPO, mar aon leis na doiciméid tacaíochta.
  • Socraítear teorainneacha ama gairide faoina gcaithfear na céimeanna éagsúla sa nós imeachta a chur i gcrích; bíonn siad éagsúil ag brath ar cibé an bhfuair an creidiúnaí breithiúnas cheana nó nach bhfuair.
  • Tá an ceart ag an gcreidiúnaí achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltaithe chun EAPO a eisiúint.
  • Chun an éifeacht ghanfhiosaíochta agus úsáideacht an EAPO a áirithiú, ní chuirtear an féichiúnaí ar an eolas sula gcuirtear chun feidhme é.
  • Féadfaidh an creidiúnaí nach bhfuil a fhios aige faisnéis chuntais an fhéichiúnaí, faoi choinníollacha áirithe, a iarraidh ar an gcúirt faisnéis chuntais a fháil ó údaráis ainmnithe sa tír fhorfheidhmithe AE.

Aitheantas, in-fhorfheidhmitheacht agus forfheidhmiú an EAPO

  • Ní foláir nó gur féidir EAPO a eisítear i dtír AE de réir an rialacháin a aithint nó a fhorfheidhmiú i dtír AE eile gan nós imeachta speisialta nó dearbhú in-fhorfheidhmitheachta ar bith.
  • Tá sé d’oibleagáid ar an mbanc a dhearbhú, trí fhoirm shonrach, cibé an raibh caomhnú aon chiste de chuid an fhéichiúnaí mar thoradh ar an EAPO nó nach raibh.
  • Tá sé de dhualgas ar an gcreidiúnaí go scaoilfear aon chistí a chaomhnófar ar mó iad ná an méid atá sainithe san EAPO.
  • D’fhéadfadh cuid de na méideanna bheith díolmhaithe ó urghabháil faoi dhlí na tíre forfheidhmithe, .i. méideanna a bheidh riachtanach le slí bheatha an fhéichiúnaí agus a dteaghlach a chinntiú.

Coimircí don fhéichiúnaí

Chun easnamh éisteachta roimh ré a fhrithchothromú, tá na coimircí seo a leanas ann don fhéichiúnaí i gcoinne mhí-úsáid an EAPO:

  • leigheasanna — lena n–áirítear ceart achomhairc — a bheith ábalta cur i gcoinne an EAPO a luaithe is a chuirtear an féichiúnaí ar an eolas faoin mbac ar a chuntais no ar a cuntais; agus
  • rialacha maidir le soláthar slándála ag an gcreidiúnaí — lena chinntiú gur féidir an féichiúnaí a chúiteamh as damáiste ar bith de dheasca an EAPO;
  • rialacha maidir le dliteanas an chreidiúnaí maidir le damáiste ar bith don fhéichiúnú de dheasca an EAPO mar gheall ar earráid ó thaobh an chreidiúnaí de.

Foirmeacha

Tá naoi bhfoirm thiomanta EAPO ann ar fad. Tá a n–ábhair leagtha amach i Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1823.

Rialacha ginearálta

  • Pléitear ábhair ghaolmhara éagsúla sa rialachán chomh maith, lena n–áirítear ionadaíocht dhlíthiúil, táillí cúirte, costais atá tacaithe ag an mbanc, táillí a ghearrann na húdaráis, cosaint sonraí agus teanga na ndoiciméad.
  • Níl tionchar ag an rialachán ar chur i bhfeidhm líon gníomhartha lena mbaineann, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 (maidir le doiciméid a sheirbheáil) agus Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 (maidir le fianaise a thógáil).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá an rialachán i bhfeidhm ón 18 Eanáir 2017 seachas Airteagal 50, atá i bhfeidhm ón 18 Iúil 2016. Baineann Airteagal 50 leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag tíortha AE, amhail na cúirteanna a ainmníonn siad chun EAPOnna a eisiúint (Airteagal 6(4)) agus na húdaráis a ainmníonn siad chun EAPOnna a fhorfheidhmiú.

CÚLRA

Leanann an rialachán Páipéar Uaine maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht na mbreithiúnas forfheidhmiúcháin in AE. Sa Pháipéar Uaine, chuir an Coimisiún Eorpach síos ar an dóigh a raibh tionchar diúltach ag ilroinnt na rialacha náisiúnta maidir le forfheidhmiú ar bhailiú fiach laistigh de AE, agus breathnaíodh ann, maidir le creidiúnaí a fhéachann le héileamh airgeadaíochta a aisghabháil san Eoraip, gurb é an dóigh is coitianta a ndéanfaidh sé nó sí iarracht é sin a dhéanamh, i ngníomh, trí bhearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcoinne chuntas bainc an fhéichiúnaí, agus go bhfuil nósanna imeachta dá leithéid i bhformhór thíortha AE.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú (IO L 189, 27.6.2014, lgh. 59-92)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/1823 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear na foirmeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú (IO L 283, 19.10.2016, lgh. 1-48)

Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324, 10.12.2007, lgh. 79-120)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

An Páipéar Uaine maidir le héifeachtúlacht forfheidhmithe breithiúnas san Aontas Eorpach a fheabhsú: astú cuntas bainc (COM(2006) 618 críochnaitheach, 24.10.2006)

Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 04.12.2017



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top