This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Stability and Growth Pact enforcement
An Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis a fhorfheidhmiú
An Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis a fhorfheidhmiú
An Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis a fhorfheidhmiú
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach leis córas céimneach smachtbhannaí do thíortha an limistéir euro a dteipeann orthu cloí leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Fáis nó a dhéanann a staitisticí eacnamaíocha a chúbláil.
Tá na rialacha deartha go príomha chun rialtais a spreagadh le coinneáil lena spriocanna meántéarmacha buiséid.
PRÍOMHPHOINTÍ
Maidir le tíortha de chuid an limistéir euro:
Tá na nósanna imeachta maidir leis na smachtbhannaí thuasluaite a ghlacadh go díreach mar an gcéanna. I diaidh cinneadh ón gComhairle faoin easpa gníomhaíochta éifeachtach nó gan a dhearbhú go bhfuil easnamh iomarcach ann, molann an Coimisiún an smachtbhanna ábhartha laistigh de 20 lá. Glactar leis sin mura ndiúltaíonn tromlach cáilithe de thíortha an limistéir euro é. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh go laghdódh nó go gcealódh an Chomhairle an smachtbhanna i bhfianaise cúinsí eacnamaíocha eisceachtúla nó i ndiaidh iarratas réasúnach ón tír lena mbaineann.
Féadfaidh an Chomhairle, i ndiaidh moladh a fháil ón gCoimisiún, fíneáil suas le 0.2 % dá OTI a ghearradh ar thír de chuid an limistéir euro chomh maith má thugann sí mífhaisnéis faoina heasnamh nó faoina sonraí fiachais d’aonturas nó trí mhórfhaillí.
Aistrítear ioncam a ghintear ó fhíneálacha agus ó thaiscí neamhúsmhara chuig an Sásra Cobhsaíochta Eorpach chun cuidiú le baill an limistéir euro a dteastaíonn maoiniú airgeadais uathu.
Gach 5 bliana, ag tosú ón 14 Nollaig 2014, foilsíonn an Coimisiún tuarascáil ina ndéantar measúnú orthu seo a leanas:
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 13 Nollaig 2011.
CÚLRA
Tá an rialachán seo ar cheann amháin de 6 phíosa reachtaíochta (ar an dtugtar an Sé-phaca) atá deartha chun an rialachas eacnamaíoch in AE, agus go háirithe sa limistéar euro, a neartú. Is iad seo a leanas na cinn eile:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 1-7)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 8–11)
Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 25–32)
Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh chreata buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 41-47)
Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lgh. 1-5)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le cur i bhfeidhm nós imeachta um easnamh iomarcach a bhrostú agus a shoiléiriú (IO L 209, 2.8.1997, lgh. 6-11)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 06.12.2017