This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU production system — statistical units
Córas táirgthe AE — aonaid staidrimh
Córas táirgthe AE — aonaid staidrimh
Leagtar síos leis an rialachán liosta de 8 n-aonad staidrimh:
an fiontar — aonad a tháirgeann earraí nó seirbhísí a bhfuil leibhéal áirithe neamhspleáchais aige ó thaobh na cinnteoireachta de, go háirithe maidir le leithdháileadh a acmhainní reatha, e.g. fiontar beag;
an t-aonad institiúideach — aonad a bhfuil neamhspleáchas cinnteoireachta aige maidir lena phríomhfheidhm agus a choimeádann sraith iomlán cuntas, e.g. cuideachtaí nó comharchumainn, comhpháirtíochtaí, fiontair phoiblí nó institiúidí neamhbhrabúis a aithnítear mar eintitis dhlíthiúla neamhspleácha;
an grúpa fiontar — comhlachas gnóthas ceangailte le chéile le naisc dhlíthiúla agus/nó naisc airgeadais. Féadfaidh sé níos mó ná aonad cinnteoireachta amháin a bheith aige, go háirithe maidir le beartas ar tháirgeadh, díolachán agus brabúis agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí leis gnéithe áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais agus cánachas a lárú;
an t-aonad príomhghníomhaíochta (APG) — comhthiomsaítear leis seo na codanna ar fad d’aonad institiúideach a rannchuidíonn le feidhmíocht gníomhaíochta ar leibhéal aicme (ceithre dhigit) de chuid NACE* Rev. 1 agus comhfhreagraíonn sé do cheann amháin nó níos mó d’fhorannáin oibríochtúla an fhiontair;
an t-aonad táirgthe aonchineálaigh — aonad arb é is príomhghné ann gníomhaíocht aonair a shainaithnítear ag a ionchuir aonchineálacha, próiseas táirgthe agus aschuir. Féadtar idirdhealú a dhéanamh idir na táirgí arb iad na hionchuir agus na haschuir iad óna saintréithe fisiceacha, a mhéid is a bhíonn siad próiseáilte agus an teicníc táirgthe a úsáidtear, trí thagairt a dhéanamh do aicmiú táirgí. Féadtar go gcomhfhreagraíonn an t–aonad táirgthe aonchineálaigh d’aonad institiúideach nó do chuid d’aonad; den pháirt eile, ní fhéadfaidh sé a bheith ina chuid de dhá aonad institiúideacha go brách;
an t–aonad áitiúil — fiontar nó cuid d’fhiontar (e.g. ceardlann, monarcha, teach stórais, oifig, mianach nó iosta) atá suite in áit atá sainaitheanta go geografach. Ag an nó ón áit seo déantar gníomhaíocht eacnamaíoch agus oibríonn duine amháin nó níos mó ann — cé is moite d’eisceachtaí áirithe) — don fhiontar céanna (fiú mura n–oibríonn siad ach ar bhonn páirt-aimseartha amháin);
an t-aonad príomhghníomhaíochta áitiúil (APG áitiúil) — an chuid de APG a chomhfhreagraíonn d’aonad áitiúil;
an t-aonad táirgthe aonchineálaigh áitiúil (UHP áitiúil) — an chuid de UHP a chomhfhreagraíonn d’aonad áitiúil.
Sainmhíniú ar aonaid staidrimh
Sainmhínítear aonaid staidrimh ar bhonn 3 chritéar:
An gaol idir na cineálacha éagsúla aonad staidrimh
Féadfaidh achoimre a dhéanamh ar an ngaol idir na cineálacha éagsúla aonad staidrimh mar seo a leanas:
|
Gníomhaíocht in áit amháin |
Gníomhaíocht i níos mó ná aon áit amháin |
Aon ghníomhaíocht amháin |
Níos mó ná gníomhaíocht amháin |
Aonad fiontair |
X |
X |
X |
X |
Aonad institiúideach |
X |
X |
X |
X |
Aonad áitiúil |
X |
|
X |
X |
APG |
X |
X |
X |
|
UHP |
X |
X |
X |
|
APG Áitiúil |
X |
|
X |
|
UHP Áitiúil |
X |
|
|
|
Coiste
Tá feidhm leis ón 19 Aibreán 1993.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air (IO L 76, 30.3.1993, lgh. 1-11)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 a chorprú sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 14.09.2017