Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhrialacha d’allmhairí ó thíortha neamh-AE áirithe

Comhrialacha d’allmhairí ó thíortha neamh-AE áirithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/755 — maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach ann comhrialacha maidir le bearta cosanta a chur i bhfeidhm ar allmhairí ó thíortha neamh-AE áirithe a bhféadfadh díobháil thromchúiseach nó bagairt díobhálacha tromchúisí* ar tháirgeoirí AE bheith mar thoradh orthu, agus maidir le faireachas ar na hallmhairí sin.
  • Tá na rialacha maidir le táirgí ó chúig thír éagsúil ó chomhrialacha ginearálta AE maidir le hallmhairí agus ó na rialacha atá leagtha amach le haghaidh táirgí teicstíle ó thíortha neamh-AE áirithe faoi Rialachán (AE) 2015/936.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm aige maidir le táirgí ó na tíortha seo a leanas:
    • An Asarbaiseáin,
    • An Bhealarúis,
    • An Chóiré Thuaidh,
    • An Tuircméanastáin,
    • An Úisbéiceastáin.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/749 ón gCoimisiún, baintear an Chasacstáin ón liosta i ndiaidh a haontachais leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

Nósanna imeachta imscrúdaithe AE

  • Ní mór do thíortha AE a chur in iúl don Choimisiún Eorpach má tá an chuma air de réir treochtaí in allmhairí go dteastaíonn faireachas nó bearta cosanta a dhéanamh*.
  • Féachtar in imscrúdú de chuid an Choimisiúin lena dhearbhú an bhfuil nó nach bhfuil díobháil thromchúiseach á déanamh ag allmhairí táirge (nó an bhféadfaidís díobháil thromchúiseach a dhéanamh) do tháirgeoirí AE lena mbaineann.
  • Ní mór imscrúdú a chur i gcrích i 9 mí de ghnáth ach, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí é a shíneadh go 11 mhí.
  • Déantar scrúdú ann ar an méid seo a leanas:
    • an treocht maidir le hallmhairí;
    • na dálaí ina gcuirtear i gcrích iad;
    • cibé an ndéanfar díobháil thromchúiseach nó an bhféadfadh sé go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do tháirgeoirí AE mar thoradh ar allmhairí dá leithéid.
  • Breithnítear tosca éagsúla ann , lena n-áirítear:
    • méid na n-allmhairí;
    • praghas na n-allmhairí;
    • an tionchar ina dhiaidh sin ar tháirgeoirí AE de tháirgí comhchosúla nó dír-iomaíocha.
  • Má thaispeántar san imscrúdú go bhfuil an oiread méadaithe tagtha ar tháirgí go ndéanann siad díobháil thromchúiseach (nó go bhféadfaidís díobháil thromchúiseach a dhéanamh) do tháirgeoirí AE, féadfaidh an Coimisiún bearta cosanta a fhorchur.

Bearta cosanta

  • D’fhéadfadh srian ar allmhairí an táirge lena mbaineann bheith mar thoradh ar imscrúdú AE.
  • Theastódh údarú ar allmhairiú le haghaidh allmhairí faoi réir na rialacha agus na dteorainneacha arna leagan amach ag an gCoimisiún.
  • Féadfar na bearta a theorannú do réigiún AE amháin nó níos mó ach ní mór dóibh a bheith ina mbearta sealadacha agus nach rachadh siad i gcion go míchuí ar oibriú an mhargaidh aonair.

Bearta faireachais

  • D’fhéadfadh réamhfhaireachas nó faireachas cúlghabhálach AE ar tháirge a bheith mar thoradh ar an imscrúdú.
  • Is éard is faireachas ann ceadúnú allmhairiúcháin uathoibríoch thar thréimhse ama. Ní chuirtear srian ar allmhairí go cúlghabhálach nó roimhe ré leis.
  • D’fhéadfaí táirgí ar a ndearnadh réamhfhaireachas a chur i saorchúrsaíocht, ach i ndiaidh doiciméad faireachais allmhairiúcháin arna fhormhuiniú ag údarás inniúil arna ainmniú ag tír AE agus atá bailí ar fud AE a thabhairt amháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 8 Meitheamh 2015.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Díobháil thromchúiseach: bearnú suntasach foriomlán i staid tháirgeoirí AE.
Bearta cosanta: tá siad sin beartaithe do chásanna ina ndeachaigh méadú géar agus tobann le déanaí i gcion ar thionscal de chuid AE, i ngeall ar fhorbairtí gan choinne. Ceaptar iad chun tréimhse shealadach a thabhairt do thionscal leis féin a athstruchtúrú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 33-49)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2015/755 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 16-33)

Rialachán (AE) 2015/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile an Aontais i dtaca le hallmhairiú (IO L 160, 25.6.2015, lgh. 1-54)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 24.10.2017

Top