Pasirinkite eksperimentines funkcijas, kurias norite išbandyti

Šis dokumentas gautas iš interneto svetainės „EUR-Lex“

Torann aerfoirt AE

Torann aerfoirt AE

Tá súil le méadú ar aerthrácht san Aontas Eorpach (AE) agus, mar sin, leagadh amach rialacha nua faoin chaoi a dhéanann na húdaráis cinntí maidir le srianta oibriúcháin ag aerfoirt AE, srianta a bhaineann le torann, chun an núis a bhaineann le torann aerárthaí a theorannú.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE.

ACHOIMRE

Féachtar le Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 an timpeallacht torainn thart timpeall ar aerfoirt AE a fheabhsú chun an chomhoiriúnacht níos fearr idir ghníomhaíochtaí eitlíochta agus cheantair chónaithe a chinntiú, go háirithe i gcás eitiltí oíche. Tá na rialacha bunaithe ar phrionsabail an chuir chuige chothroim um bainistíocht torainn, cur chuige arna leagadh amach ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), ar chomhlacht na Náisiún Aontaithe í a phléann le heitlíocht shibhialta idirnáisiúnta.

Tá ann do shrianta oibriúcháin éagsúla, amhail na cinn seo a leanas: teorainn torainn nó gluaiseachta a leagadh amach, riail neamh-bhreise a thabhairt isteach (gluaiseacht nó oibríocht bhreise ar bith i gcoitinne, nó ó chineál áirithe aerárthaigh), nó cuirfiú a ghlacadh le haghaidh tréimhse áirithe oíche.

Raon

Ní chuirtear na rialacha i bhfeidhm ach amháin i gcás aerfort mór, aerfoirt ina dtarlaíonn breis is 50 000 gluaiseacht aerárthaí sibhialta in aghaidh na bliana. Cuimsítear aerárthaí sibhialta iontu ach ní chuimsítear gluaiseachtaí míleata, custaim agus póilíneachta. Bíonn na húdaráis náisiúnta agus áitiúla freagrach as tairseacha sonracha torainn a leagadh amach, áfach.

Na húdaráis inniúla

Ceaptar údaráis inniúla ag gach uile Bhallstát AE agus bíonn na húdaráis seo i gceannas ar na nósanna imeachta a leantar agus srianta oibriúcháin á nglacadh. Ní mór go mbeadh na húdaráis seo neamhspleách ó pháirtí ar bith a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a bheith aige.

Ceart athbhreithnithe

Sula gcuirtear srianta oibriúcháin i bhfeidhm, bíonn ar na húdaráis inniúla fógra 6mhí a thabhairt do na Ballstáit eile, don Choimisiún Eorpach agus do na páirtithe leasmhara. Féadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar an chás laistigh de 3 mhí ón fhógra a fháil. Má mheasann an Coimisiún nach ngéilleann na nósanna imeachta do na rialacha, cuirfidh sé é seo in iúl don údarás inniúil. Ansin caithfidh an t-údarás inniúil an gníomh atá beartaithe aige a chur in iúl don Choimisiún.

Gnéithe sláinte

Ní mór an reachtaíocht AE maidir le tionchair an torainn ar shláinte an duine (Treoir 2002/49/CE) a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le cuspóirí laghdú torainn.

Faisnéis faoi fheidhmíocht torainn

Ní mór cinntí a dhéanamh maidir le srianta oibriúcháin bunaithe ar shonraí faoi fheidhmíocht torainn na n-aerárthaí aonair arna soláthar ag na hoibreoirí. Cruinneofar an fhaisnéis sin i mbunachar sonraí agus beidh fáil ar an bhunachar sonraí sin ag na húdaráis inniúla, ag aerlínte, ag soláthraithe seirbhíse aerloingseoireachta, ag aerfoirt agus ag úsáideoirí aerfoirt.

Measúnú ar thorann agus faisnéis do chónaitheoirí

Ní mór go gcinnteodh na húdaráis inniúla go ndéanfaí measúnú go rialta ar leibhéil torainnsna haerfoirt as a bhfuil siad freagrach . Más léir ón mheasúnú gur beart costéifeachtach iad srianta oibriúcháin chun torann a mhaolú, caithfear próiseas comhairliúcháin a eagrú go tapa agus tabharfar trí mhí do na páirtithe leasmhara chun a gcuid tuairimí a chur isteach sula nglacfar le srianta.

Ní mór go gcinnteodh na húdaráis chomh maith go mbeadh rochtain phras ag cónaitheoirí agus ag údaráis áitiúla ar fhaisnéis faoi na srianta oibriúcháin.

Deireadh a chur de réir a chéile le haerárthaí torannacha

Féadfar bearta um maolú torainn a chur i bhfeidhm, amhail na haerárthaí torannacha a cheadaítear faoi rialacha ICAO a bhaint de sheirbhís nó srianta breise a chur i bhfeidhm orthu. Déanfaidh na húdaráis cinneadh maidir le ráta bliantúil i ndáil le laghdú ar líon na ngluaiseachtaí ag aerárthaí dá leithéid le haghaidh gach oibreora ag aerfort áirithe, suas go dtí uasmhéid 25%.

Aisghairfear Treoir 2002/30/CE le Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 le héifeacht ón 13 Meitheamh 2016.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 598/2014

13.6.2016

-

IO L 173, 12.6.2014, lgh. 65-78

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheas agus a bhainistiú [IO L 189, 18 Iúil 2002, lgh. 12-25].

Nuashonrú is déanaí: 01.08.2014

Į viršų