This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Maritime safety: accelerated phasing-in of double-hull oil tankers
Sábháilteacht mhuirí: tancaeir ola cabhlach dúbailte a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe
Sábháilteacht mhuirí: tancaeir ola cabhlach dúbailte a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe
Sábháilteacht mhuirí: tancaeir ola cabhlach dúbailte a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe
Chun an riosca a laghdú go dtruailleofaí uiscí na hEorpa le hola, toirmisctear faoin dlí seo ola de ghrád trom a iompar le tancaeir ola aonchabhlach ó agus chuig calafoirt an Aontais Eorpaigh (AE). Chomh maith leis sin, cinntítear leis an dlí seo scéim maidir le céimniú isteach ar mhodh luathaithe chun ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha do thancaeir ola aonchabhlach a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana 2015.
ACHT
Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach (athmhúnlú).
ACHOIMRE
Cothaítear i ndlí deireanach an AE maidir le tancaeir ola cabhlach dúbailte a chéimniú isteach, a glacadh leis sa bhliain 2012, bunbhrí an dlí roimhe seo ó 2002. Cumasctar sa dlí nua, in aon téacs amháin, na leasuithe go léir a rinneadh ar an dlí roimhe seo, rud a chuireann le soiléireacht agus le so-úsáideacht an dlí.
Baineann an dlí le tancaeir ola a bhfuil meálasta5 000 tonna nó níos mó orthua bhfuil bratach ó Bhallstát an AE curtha ar foluain acu, nó, gan bacadh lena mbratach, a théann isteach i gcalafort nó i dteirminéal easchósta nó a théann ar ancaire in aon áit faoi dhlínse tíre den AE.
Ní bhaineann an dlí le long cogaidh, le long cúnta cabhlaigh ná le long eile ar bith atá faoi úinéireacht stáit nó a fheidhmítear ag stát, long a bhaintear feidhm as faoi láthair chun críocha sheirbhís neamhthráchtála rialtais amháin.
Sa rialachán seo:
Cúlra
Sa bhliain 2002, tar éis roinnt timpistí tancaer ola lenar bhain mórthruailliú, ghlac an AE le dlí ina n-éilítear tancaeir ola aonchabhlach níos leochailí (tancaeir nach bhfuil ach bunphláta agus taobhphláta idir an t-ola sna humair lastais agus uisce na farraige) a chéimniú amach agus árthaigh cabhlach dúbailte (ina bhfuil pláta inmheánach eile thart timpeall ar na humair lastais agus é suite fad go leor ón phláta seachtrach) a thabhairt isteach ina n-ionad.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
20.07.2012 |
- |
IO L 172, 30.06.2012, lch. 3 |
Nuashonrú is déanaí: 19.06.2014