This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Unlocking the economic potential of government-owned data
Acmhainneacht eacnamaíoch sonraí atá faoi úinéireacht rialtais a chur ar fáil
Acmhainneacht eacnamaíoch sonraí atá faoi úinéireacht rialtais a chur ar fáil
This summary has been archived and will not be updated. See 'Sonraí oscailte agus athúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí' for an updated information about the subject.
Acmhainneacht eacnamaíoch sonraí atá faoi úinéireacht rialtais a chur ar fáil
Baineann acmhainneacht eacnamaíoch ollmhór le hathúsáid sonraí a tháirgeann an earnáil phoiblí. Idir an dá linn, tá méid sonraí dá leithéid ag fás. Dá bhrí sin, rachaidh feabhas ar rialacha maidir le cá huair agus cá mhéid sonraí is féidir a úsáid agus a athúsáid go mór chun tairbhe gheilleagar AE. Féachtar sa treoir seo, cuid de chlár oibre digiteach na hEorpa agus dá straitéis fáis eacnamaíoch, an Eoraip 2020, leis an acmhainneacht sin a chur ar fáil.
GNÍOMH
Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le hathúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí.
ACHOIMRE
Baineann acmhainneacht eacnamaíoch ollmhór le hathúsáid sonraí a tháirgeann an earnáil phoiblí. Idir an dá linn, tá méid sonraí dá leithéid ag fás. Dá bhrí sin, rachaidh feabhas ar rialacha maidir le cá huair agus cá mhéid sonraí is féidir a úsáid agus a athúsáid go mór chun tairbhe gheilleagar AE. Féachtar sa treoir seo, cuid de chlár oibre digiteach na hEorpa agus dá straitéis fáis eacnamaíoch, an Eoraip 2020, leis an acmhainneacht sin a chur ar fáil.
CAD A DHÉANTAR LEIS AN TREOIR SEO?
Tugtar Treoir 2003/98CE maidir le hathúsáid táirgí a dhéanann agus a stórálann comhlachtaí poiblí in AE (.i. údaráis stáit, réigiúnacha agus áitiúla) chun dáta agus déantar í a leasú leis an treoir seo. Tá sé d’aidhm léi comhbhonn chun dáta a cruthú ar fud AE d’úsáid sonraí na hearnála poiblí, ag spreagadh comhlachtaí poiblí chun sonraí a chur ar fáil go leictreonach saor in aisce nó, má roghnaíonn siad gan é sin a dhéanamh, ar chostas nach mó ná na costais a bhaineann le bailiú, stóráil, próiseáil agus cur ar fáil na sonraí le chéile.
PRÍOMHPHOINTÍ
— |
Tagann sonraí atá faoi úinéireacht leabharlann, leabharlanna ollscoile, músaeim agus cartlanna nach raibh cumhdaithe i dtreoir 2003 faoi scóip na treorach seo.
|
— |
Leasaítear an prionsabal um táille a ghearradh chun sonraí a athúsáid leis an treoir seo. Cé go raibh sé ceangailte faoi threoir 2003 gur cheart nach mbeadh praghas ar shonraí ó chomhlachtaí poiblí níos mó ná an costas a bhaineann leis na sonraí a bhailiú agus a scaipeadh, déantar an riail seo a theorannú go soiléir do leabharlanna agus do chomhlachtaí poiblí a dteastaíonn an t-ioncam uathu lena bpoist a dhéanamh le treoir 2013. Ceanglaítear ar gach comhlacht eile na sonraí a chur ar fáil saor in aisce nó ar chostas nach mó ná an costas a bhaineann leis na sonraí a chur ar fáil d’úsáideoirí agus d’athúsáideoirí a bhfuil suim acu iontu, a d’fhéadfadh bheith gar do nialas sa ré um íoslódálacha leictreonacha seo.
|
— |
Cé nár cuireadh oibleagáid ar thíortha AE i dtreoir 2003 athúsáid sonraí comhlachtaí poiblí a cheadú, tugtar ceart chun athúsáide isteach sa treoir seo tríd an t-ábhar ar fad is féidir a rochtain faoi dhlíthe náisiúnta maidir le rochtain ar fhaisnéis a dhéanamh ath-inúsáidte.
|
CÚLRA
Tá sonraí na hearnála poiblí, amhail sonraí dlí, tráchta, meitéareolaíochta, eacnamaíocha agus airgeadais, ar an bhfoinse faisnéise is mó in AE. Trí athúsáid na sonraí seo a cheadú chun críocha eile (.i. seirbhísí árachais, loingseoireacht GPS, réamhaisnéis na haimsire) soláthraítear cumas ollmhór chun fás eacnamaíoch agus nuálaíocht a spreagadh.
PRÍOMHPHOINTÍ:
Déantar “athúsáid” a shainiú i dtreoir 2003 mar úsáid faisnéise poiblí do chuspóir seachas an cuspóir ar bailíodh é dó.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna tíortha AE |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Treoir 2013/37/AE |
17.7.2013 |
18.7.2015 |
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le hathúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí (IO L 345 an 31.12.2003, lgh. 90-96).
Nuashonrú is déanaí: 06.03.2015