Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe

Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2016/429 maidir le galair ainmhithe in–tarchurtha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm leis galair ainmhithe is féidir a tharchur chuig ainmhithe nó daoine eile a chosc agus a rialú.
  • Is cuid de phacáiste beart é an dlí maidir le sláinte ainmhithe a mhol an Coimisiún Eorpach i mí Bealtaine 2013 chun forfheidhmiú na gcaighdeán sláinte agus sábháilteachta a neartú le haghaidh an tslabhra agraibhia tríd is tríd.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tacaíonn an rialachán cuimsitheach seo le hearnálacha beostoic agus táirgeadh bia an Aontais Eorpaigh (AE) agus leis an margadh gaolmhar AE ar mhaithe le hinbhuanaitheacht, iomaíochas, fás agus poist. Tagann sé in ionad rialacha an Aontais Eorpaigh atá ann cheana maidir le sláinte ainmhithe agus cuireann sé leis na rialacha sin, rud a thugann an chuid is mó díobh le chéile in aon dlí níos simplí amháin agus béim níos fearr á leagan ar na príomhthosaíochtaí chun dul i ngleic le galair. Áirítear an méid seo a leanas ar na tosaíochtaí sin:

  • freagrachtaí níos soiléire d‘fheirmeoirí (feirmeacha beostoic, éisc agus sliogéisc) agus do dhaoine eile lena mbaineann (e.g. tréidlianna) maidir le luathbhrath d’fhonn mór–ráigeanna galair a chosc nó cosc a chur ar leathadh galar chun teorainn a chur leis an damáiste a dhéanann siad;
  • riarachán simplithe le haghaidh trádáil idirnáisiúnta in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe áirithe (amhail seamhan, ubháin agus suthanna);
  • bunús dlí níos follasaí agus uirlisí níos fearr d’údaráis tréidliachta galair in–tarchurtha a d’fhéadfadh a bheith tubaisteach a chomhrac, go háirithe maidir lena bhfaireachas, diagnóis agus fógra;
  • tuilleadh solúbthachta chun rialacha a choigeartú do chúinsí áitiúla agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn, amhail an t–athrú aeráid agus an t–athrú sóisialta;
  • éifeachtaí tromchúiseacha a laghdú maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte an duine agus maidir leis an gcomhshaol.

Leagtar síos ceanglais ann maidir le:

  • galair a chosc agus a ullmhú do ráigeanna a d’fhéadfadh a bheith ann (e.g. bithshlándáil* bearta) ar nós uirlisí diagnóiseacha, vacsaíniú agus cóireálacha leighis a úsáid;
  • sainaithint agus clárú ainmhithe agus táirgí áirithe ainmhithe (e.g. seamhan, ubháin, suthanna) agus deimhniúchán agus rianú a gcoinsíneachtaí;
  • iontráil ainmhithe agus táirgí ainmhithe isteach in AE, agus a ngluaiseacht laistigh de AE;
  • rialú agus díothú galar, lena n–áirítear bearta éigeandála amhail srianta ar ghluaiseacht ainmhithe, marú agus vacsaíniú.

Cumhdaítear sna rialacha galair ainmhithe i ngach ainmhí ar coimeád (lena n–áirítear peataí i roinnt cásanna), ainmhithe fiáine agus táirgí ainmhithe, idir thalún agus uisceach. Ní chumhdaítear iontu go díreach leas ainmhithe, cé go n–aithnítear an nasc idir sláinte na n–ainmhithe agus a gcuid leasa agus go gcuirtear san áireamh é nuair a bhíonn tionchar galair á bhreithniú.

Cuirtear an méid seo a leanas le dlí AE maidir le sláinte ainmhithe:

  • ceanglais maidir le hinrianaitheacht agus sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí táirgí geirmeacha (seamhan, ubháin agus suthanna) ainmnithe talún áirithe ar coimeád laistigh den Aontas Eorpach, agus faomhadh bunaíochtaí táirgí geirmeacha (bunaíochtaí ina ndéantar táirgí geirmeacha a tháirgeadh nó a phróiseáil);
  • cosc agus rialú galar áirithe;
  • ceanglais sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas Eorpach d’ainmhithe talún agus d’uibheacha goir;
  • faireachas, díothú agus stádas saor ó ghalar maidir le galair áirithe;
  • rialacha maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe agus iompróirí ainmnithe uisceacha;
  • rialacha maidir le hiontráil isteach san Aontas Eorpach, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus tairgí de bhunadh ainmhíoch i ndiaidh iontrála;
  • rialacha maidir le bunaíochtaí a choinníonn ainmhithe talún agus gorlanna, agus inrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus uibheacha goir;
  • galair atá faoi réir chláir faireachais AE, a raon feidhme geografach agus galair a bhféadfaí limistéir saor ó ghalair a bhunú ina leith;
  • ceanglais maidir le sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha laistigh den Aontas Eorpach.

Is iad seo a leanas na rialacháin lena bhforlíontar nó lena gcuirtear chun feidhme dlí AE maidir le sláinte ainmhithe:

  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1629 maidir le galair a liostú;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 maidir le catagóirí galar liostaithe (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 maidir le bunaíochtaí ina gcoinnítear ainmhithe talún agus gorlanna, agus inrianaitheacht (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ainmhithe talún áirithe ar coimeád laistigh den Aontas Eorpach (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le galair áirithe a chosc agus a rialú (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir faireachais agus díothaithe do ghalair áirithe atá ag teacht chun cinn (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/690 maidir le galair liostaithe atá faoi réir chláir fhaireachais an Aontais;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691 maidir le rialacha i ndáil lebunaíochtaí dobharshaothraithe;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 maidir le rialacha i ndáil le hiontráil isteach san Aontas Eorpach, gluaiseacht agus láimhseáil ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990 maidir le sláinte ainmhithe agus ceanglais deimhniúcháin le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh den Aontas Eorpach;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/999 maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a cheadú agus inrianaitheacht táirgí geirmeacha bó–ainmhithe, ainmhithe mucúla, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus each–ainmhithe;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 maidir le tuairisciú galar liostaithe (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154 maidir le sláinte ainmhithe, ceanglais deimhniúcháin agus fógra maidir le gluaiseachtaí laistigh den Aontas de tháirgí de bhunadh ainmhithe ó ainmhithe talún;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe chun coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a iontráil in AE agus gluaiseachtaí laistigh den Aontas (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 maidir le samhail na ndeimhnithe sláinte ainmhithe chun coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha a iontráil san Aontas agus a ngluaiseachtaí laistigh den Aontas (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 maidir le samhail na ndeimhnithe sláinte ainmhithe chun coinsíneachtaí ainmhithe talún a iontráil san Aontas agus gluaiseachtaí laistigh den Aontas (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir le liostaí tríú tíortha, críocha nó criosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a iontráil isteach san Aontas (féach an leagan comhdhlúite;
  • Rialachán Chun Feidhme (AE) 2021/520 maidir le hinrianaitheacht táirgí geirmeacha ainmhithe talún áirithe ar coimeád (féach an leagan comhdhlúite);
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/963 maidir le heach–ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus samhail na ndoiciméad aitheantais a bhunú do na hainmhithe sin;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2037 maidir le díolúintí ón oibleagáid maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú agus coinneáil taifead oibreoirí;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/139 maidir le stoic bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhainistiú, a stóráil agus a athsholáthar agus na ceanglais bhithshlándála, bhithshábháilteachta agus bhithchoimeádta maidir leis na bainc sin a fheidhmiú;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/140 maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha AE;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1345 maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis an rialachán ón 21 Aibreán 2021. Cuimsítear ann, áfach, roinnt bearta idirthréimhseacha agus aisghairtear leis reachtaíocht níos sine a raibh feidhm léi ón 21 Aibreán 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bithshlándáil. Nósanna imeachta bainistíochta, gníomhartha nó saoráidí atá ceaptha chun an riosca galair in ainmhithe a laghdú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair ainmhithe in–tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1–208).

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/429 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 22.03.2023

Top