Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

IPA II: Ionstraim AE um Chúnamh Réamhaontachais 2014–2020

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

IPA II: Ionstraim AE um Chúnamh Réamhaontachais 2014–2020

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis an dara céim den Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) le cuidiú le tíortha ar mian leo ballraíocht a ghlacadh in AE chun athchóirithe cuimsitheacha a chur chun feidhme chun ullmhú dá mballraíocht. Déantar é sin a bhaint amach go príomha trína rialacha agus trína mbeartais a ailíniú le caighdeáin agus cleachtais AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é an phríomhaidhm le IPA II tacú le tairbhithe trí athchóirithe polaitiúila, institiúideacha, dleathacha, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun ballraíocht AE a bhaint amach.

Tacaíocht

Dírítear an cúnamh go príomha ar líon roghnaithe réimsí beartais a bheadh ina gcuidiú do na tairbhithe le critéir aontachais AE a chomhlíonadh de réir a chéile.

Cuidíonn an tacaíocht le tíortha maidir leis an méid a leanas a dhéanamh:

  • institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú;
  • na breithiúna agus riarachán poiblí a athchóiriú;
  • meas a thabhairt do chearta bunúsacha agus comhionannas inscne, caoinfhulaingt agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn;
  • tacú le comhar réigiúnach, macraréigiúnach agus trasteorann chomh maith le forbairt chríochach;
  • forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a fheabhsú, agus béim ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide;
  • bainistíocht a dhéanamh ar bheartais inmheánacha AE ar aontachas a chur i gcrích.

Tairbhithe

Éascófar le IPA II tacú leanúnach le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, eadhon an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Chosaiv*, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc.

Cur chuige éifeachtúil agus solúbtha

  • Chun éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach, bíonn an cúnamh dírithe níos mó ar thorthaí, solúbtha agus saincheaptha do riachtanais ar leith. Déanfar an comhtháthú idir an cúnamh airgeadais agus an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme na straitéise réamhaontachais a threisiú.
  • Bainfear é sin amach trí:
    • dreasachtaí a áirithiú do na tíortha a dhéanann dul chun cinn maidir lena gcóirithe; agus i gcás tearcfheidhmíochta, déanfar na cistí a ath-leithdháileadh;
    • aghaidh a thabhairt ar riachtanais na dtairbhithe ar bhealach níos cruinne agus breithniú níos fearr a dhéanamh ar a gcumas teicneolaíochta agus riaracháin;
    • tuilleadh cistí a ghiaráil agus leas a bhaint as sineirgí le hinstitiúidí idirnáisiúnta maoinithe, agus cistí AE ag feidhmiú mar chatalaíoch le haghaidh infheistíochta sa bhonneagar áitiúil.

Buiséad agus cur chun feidhme

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 socraítear buiséad IPA II le haghaidh 2014-2020 ag EUR 11.699 billiún. Tá a lán de na rialacha agus nósanna imeachta maidir leis an seo a chur chun feidhme ar fáil i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 (féach an achoimre), rialachán cothrománach lena ndéantar cur chun feidhme ionstraimí seachtracha uile AE a ailíniú agus a shimpliú.

Ghlac an Coimisiún Eorpach gníomh cur chun feidhme, Rialachán (AE) Uimh. 447/2014. Leagtar amach ann coinníollacha aonfhoirmeacha chun Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 a chur chun feidhme agus rialacha mionsonraithe lena gcuirtear Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 chun feidhme maidir le:

  • modhanna cur chun feidhme,
  • bainistíocht airgeadais,
  • faireachán, measúnú agus tuairisciú,
  • trédhearcacht agus infheictheacht chúnamh IPA II, chomh maith le
  • rialacha sonracha le haghaidh comhar trasteorann sa réimse beartais um “chomhar réigiúnach agus críochach” agus le haghaidh cúnaimh faoi na cláir um fhorbairt tuaithe sa réimsí beartais “talmhaíochta agus forbartha tuaithe”.

Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 447/2014 a leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/891 chun na rialacha maidir le cláir um chomhar trasteorann arna maoiniú faoi IPA II a chur chun feidhme a ailíniú le bearta sonracha mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Éascaítear leis:

  • ar iarratas ón údarás bainistíochta, go gcuirfear ráta cómhaoinithe 100 % i bhfeidhm ar an gcaiteachas arna dhearbhú in iarratais íocaíochta le linn na bliana cuntasaíochta ag tosú ar an 1 Iúil 2020 agus ag críochnú ar an 30 Meitheamh 2021 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó;
  • ar an gcéad lá den bhliain chuntasaíochta ag tosú ar an 1 Iúil 2021 agus ag críochnú ar an 30 Meitheamh 2022, ní foláir go dtiocfaidh an ráta cómhaoinithe ar ais go huathoibríoch chuig an leibhéal ag a raibh sé an lá a cuireadh an t–iarratas ar athrú ar an ráta cómhaoinithe faoi bhráid an Choimisiúin.
  • maidir le cláir um chomhar trasteorann idir tír AE amháin nó níos mó agus tairbhí IPA II amháin nó níos mó, féadfaidh an t–údarás bainistíochta méid suas le 8 % den leithdháileadh tosaíochta a aistriú le linn thréimhse an chláir amhail an 1 Feabhra 2020 agus méid nach mó ná 4 % de bhuiséad an chláir a aistriú chuig tosaíocht eile sa chlár céanna. Ní foláir nach mbeidh tionchar ag na haistrithe sin ar bhlianta roimhe sin agus measfar nach mbeidh suntasacht leo agus nach dteastóidh cinneadh ón gCoimisiún ina leith chun an clár a leasú. Ní mór dóibh, áfach, cloí leis na ceanglais rialála uile agus ní mór don chomhchoiste faireacháin iad a fhaomhadh roimh ré. Ní mór do thír AE lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bplean airgeadais athbhreithnithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) (IO L 77, 15.3.2014, lgh. 11-26)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 447/2014 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2014 maidir leis na rialacha sonracha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena bunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) a chur chun feidhme (IO L 132, 3.5.2014, lgh. 32-52)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 447/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta comhchoiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais i ndáil le gníomhaíochtaí seachtracha a mhaoiniú (IO L 77, 15.3.2014, lgh. 95-108)

Féach an leagan comhdhlúite.


*Ní dochar an t–ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Nuashonraithe 20.08.2020

Top