Lárionad Satailíte AE (SATCEN)
ACHOIMRE AR:
Comhairle 2014/401/CBES — maidir le Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
Aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/555/CBES leis, lenar bunaíodh SATCEN, agus comhdhlúthaítear leasuithe roimh ré agus athruithe beartaithe breise isteach i gcinneadh aonair úr leis.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá ceanncheathrú SATCEN fós in Torrejón de Ardoz, an Spáinn. Bunaítear oifig idirchaidrimh sa Bhruiséil leis an gcinneadh seo, áfach.
- Athdhearbhaítear sa chinneadh seo go bhfuil oibríochtaí SATCEN i gcomhthéacs chomhbheartas eachtrach agus slándála AE (CBES) agus, go sonrach, an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC).
- Feidhmíonn Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) Chomhairle AE maoirseacht pholaitiúil thar ghníomhaíochtaí SATCEN. Tá Ardionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála freagrach as an treo oibriúcháin. Tá bord SATCEN freagrach as na cláir bhliantúla agus fhadtéarmacha agus as an mbuiséad cuí.
- Tá SATCEN freagrach as na cúraimí riaracháin iarmharacha, amhail pinsin a riar, árachas leighis, agus díospóidí fostaithe, d’fhostaithe Aontas Iarthar na hEorpa (AIE)*atá díscaoilte.
- Faoin gcinneadh seo, trí shatailítí um fhaireachán na Cruinne go príomha, tairgeann SATCEN táirgí agus seirbhísí faisnéise geospásúla d’úsáideoirí a iarrann iad, amhail an tseirbhís Eorpach gníomhaíochta seachtraí, tíortha AE aonair, an Coimisiún Eorpach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe nó ECAT.
- Gach Meán Fómhair, cuireann stiúrthóir SATCEN, a cheapann an bord ar feadh 3 bliana, clár oibre bliantúil ar bun. Ní mór don bhord an clár oibre bliantúil seo, chomh maith leis an gclár oibre fadtéarmach agus leis an mbuiséad, a fhaomhadh. Tá an bord comhdhéanta d’ionadaí a cheapann gach tír AE agus an Coimisiún Eorpach agus tá sé faoi chathaoirleacht an Ard-Ionadaí.
- Faoin 31 Iúil 2019, ní mór d’Ard-Ionadaí AE tuarascáil, agus más gá, moltaí, a chur i láthair Chomhairle AE maidir le feidhmiú SATCEN.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá sé i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 2014.
CÚLRA
Tá satailítí riachtanach chun luathrabhadh* a neartú agus feidhmeanna monatóireachta géarchéime i gcomhthéacs na slándála agus na cosanta. Anseo, déanann AE beart lena lárionad satailíte (SATCEN) a neartú chun na críocha sin.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
AIE: eagraíocht idirnáisiúnta agus comhaontas míleata ina bhfuil 10 dtír AE. D’éirigh sé díomhaoin i mí na Samhna 2000, nuair a aistríodh a chúraimí chuig BECS an Aontais Eorpaigh, ar príomhghné é de bheartas eachtrach comhaontaithe AE (CBES). Díscaoileadh AIE in 2011 agus aistríodh a chúraimí riaracháin iarmharacha chuig SATCEN.
Luathrabhadh: rianú táscairí chun fadhbanna féideartha a shainaithint ag céim luath.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh 2014/401/CBES an 26 Meitheamh 2014 maidir le lárionad satailíte an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/555/CBES maidir le bunú lárionad satailíte an Aontais Eorpaigh (IO L 188, 27.6.2014, lgh. 73–84)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2014/401/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 25.06.2018
Top