This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU security agenda
Clár oibre slándála AE
Clár oibre slándála AE
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Clár oibre slándála AE
Clár oibre Eorpach maidir le slándáil - COM(2015) 185
GNÍOMH
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Eorpach maidir le Slándáil (COM(2015) 185 final, 28.4.2015)
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA CHLÁR OIBRE?
— |
Leagtar amach na prionsabail maidir le gníomh AE chun freagairt go héifeachtach do bhagairtí slándála agus na príomhchéimeanna atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun iad sin a chur i bhfeidhm.
|
— |
Aithnítear na trí thosaíocht nach mór gníomh láithreach a ghlacadh ina leith, ag rialtais náisiúnta agus ag institiúidí AE araon, a bhfuil comhfhreagracht orthu maidir le slándáil AE.
|
PRÍOMHPHOINTÍ
Cúig phríomhphrionsabal an chláir oibre
— |
cearta bunúsacha daoine a chomhlíonadh go hiomlán
|
— |
beartais shlándála a leagan amach ar bhealach trédhearcach agus cuntasach (d’fhonn muinín an phobail a áirithiú),
|
— |
cur i bhfeidhm níos fearr ar na bearta AE reatha - trí fhaisnéis a chomhroinnt níos mó, oibriú le chéile níos fearr ar leibhéal oibríochta agus trí chláir nua maoinithe agus oiliúna,
|
— |
comhordú níos stuama ar obair na ngníomhaireachtaí AE éagsúla sa réimse slándála,
|
— |
díriú go comhpháirteach ar shlándáil inmheánach agus sheachtrach, toisc nach dtagann deireadh le bagairtí ag teorainneacha náisiúnta.
|
Trí thosaíocht nach mór gníomh láithreach a ghlacadh ina leith.
1. | Sceimhlitheoireacht agus radacú: moltar sa chlár oibre go dtógfaí Ionad nua Eorpach chun Sceimhlitheoireacht a Chomhrac laistigh de Europol, a thabharfadh saineolas fadréimseach atá ann cheana le chéile, a choinneodh súil ar mhaoiniú don sceimhlitheoireacht agus a rachadh i ngleic le bunchúiseanna an antoisceachais. |
2. | Coireacht eagraithe idirnáisiúnta: beidh baint níos dlúithe ag tíortha atá mar chomharsana ag AE le gníomhaíochtaí oibríochta. Tabharfar faoi iarrachtaí níos tréine chun dul i ngleic le maoiniú na coireachta agus sócmhainní a choigistiú, agus chun stop a chur le daoine atá ag smuigleáil agus i mbun gáinneála ar dhaoine. |
3. |
Cibearchoireacht:
|
CÚLRA
Is é an clár oibre ceann de na príomhthéacsanna ar a bhfuil Straitéis Slándála Inmheánaí 2015-20 AE bunaithe.
Ba cheart féachaint air i gcomhar le clár oibre AE maidir le himirce.
Tuilleadh faisnéise maidir leis an gclár oibre Eorpach maidir le slándáil
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Eorpach maidir le hImirce (COM(2015) 240 final, 13.5.2015)
Conclúidí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2015 maidir le Straitéis Slándála Inmheánaí AE don tréimhse 2015-2020 a bhfuil athnuachan déanta uirthi
Nuashonraithe 26.08.2015