Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar póilíneachta, imirce, tearmann agus an choireacht a chomhrac: ionstraimí airgeadais

Comhar póilíneachta, imirce, tearmann agus an choireacht a chomhrac: ionstraimí airgeadais

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos leis an rialachán rialacha comhchoiteanna maidir le cur chun feidhme na dtrí rialachán a bhaineann go sonrach leis an Aontas Eorpach (AE) thar an tréimhse 2014-2020 lena mbunaítear dhá Chiste Gnóthaí Baile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Prionsabail an chúnaimh

Leagtar síos leis an rialachán na rialacha maidir le cur chun feidhme an dhá Chiste Gnóthaí Baile sin, lena n–áirítear na prionsabail treorach, amhail dlí AE agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, agus leasanna airgeadais AE a chosaint.

Gníomhaíochtaí AE, cúnamh éigeandála agus teicniúil

Leagtar síos rialacha maidir le gníomhaíochtaí a mhaoinítear ón gCiste Gnóthaí Baile agus a chuireann an Coimisiún Eorpach chun feidhme go díreach nó go hindíreach (gníomhaíochtaí an Aontais – gníomhaíochtaí a théann chun leas an Aontais Eorpaigh ina iomláine – agus cúnamh éigeandála agus teicniúil).

Cláir náisiúnta

Tá breac–chuntas déanta ar na rialacha maidir le hullmhú agus cur chun feidhme na gclár náisiúnta, chomh maith leis na rialacha cáilitheachta maidir leis na cláir sin a chuireann Ballstáit AE chun feidhme. Tá rialacha ar conas is ceart na cistí a bhainistiú agus a rialú leagtha amach freisin. Chun bainistíocht chúramach mhaoiniú AE a áirithiú, tá rialacha leagtha síos maidir le gnéithe amhail:

  • an dóigh a gceapann na Ballstáit na comhlachtaí atá freagrach as cláir a bhainistiú agus as caiteachas a rialú;
  • iniúchadh a dhéanamh ar chláir;
  • íocaíochtaí a chur ar fionraí.

Faisnéis agus cumarsáid, faireachán agus meastóireacht

Leagtar amach sa rialachán na rialacha nach mór cloí leo maidir le faisnéis agus poiblíocht. Mar shampla, ba cheart ionchuir na dtionscadal arna maoiniú leis na Cistí Gnóthaí Baile a chur in iúl don phobal ar bhealach trédhearcach. Ina theannta sin, sainítear ann na modhanna faireacháin agus meastóireachta, agus leagtar amach ann na dátaí ar ar cheart don Choimisiún torthaí na gcistí a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa.

Rialacháin chur chun feidhme

Tá tuilleadh sonraí tugtha ar na rialacha agus na prionsabail i rialacháin cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún ina ndéileáiltear go sonrach le gnéithe teicniúla amhail:

Incháilitheacht chaiteachas na mBallstát a leathnú

Mar thoradh ar ionsaí gan chúis na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 tháinig méadú ar an mórphlódú isteach daoine easáitithe ón Úcráin go dtí roinnt Ballstát, rud a chuir brú nua ar acmhainní airgeadais na mBallstát chun déileáil le riachtanais phráinneacha imirce, bainistithe teorann agus slándála. Le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/585 cuirtear solúbthacht ar fáil i mbainistiú na gCistí Gnóthaí Baile 2014-2020 trí shíneadh 1 bhliain a chur lena dtréimhse cur chun feidhme. Chomh maith leis sin, ceadaítear leis freisin úsáid eisceachtúil a bhaint as suimeanna nár caitheadh a leithdháileadh ar na Ballstáit ó AMIF 2014-2020 chun cuidiú leo aghaidh a thabhairt ar chúinsí nua nó ar chúinsí gan choinne maidir le tearmann agus bainistiú imirce.

Dearbhaítear le Cinneadh (AE) 2022/1928 ón gCoimisiún rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/585.

Glacadh pacáiste nua cistí

Glacadh pacáiste nua Cistí Gnóthaí Baile faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2014.

CÚLRA

  • Tá méadú seasta ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le beartais AE um ghnóthaí baile le blianta beaga anuas. Is é is aidhm leo Eoraip níos oscailte agus níos sláine a chruthú. Féachtar iontu leis sin a bhaint amach trí bhainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar na sreabha imirce agus coireacht a chosc agus taisteal dlisteanach á chumasú agus bainistíocht theorainneacha seachtrach AE á háirithiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 112-142).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2022/1928 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2022 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/585 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus Rialachán (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 265, 12.10.2022, lgh. 81-82).

Rialachán (AE) 2022/585 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 112, 11.4.2022, lgh. 1-5).

Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 1-47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 48-93).

Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 94-131).

Rialachán cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/840 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2015 maidir le rialuithe arna gcur i gcrích ag na hÚdaráis Fhreagracha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 134, 30.5.2015, lgh. 1-5).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/377 ón gCoimisiún an 2 Márta 2015 lena mbunaítear na samhlacha do na doiciméid a theastaíonn chun an t–iarmhéid bliantúil a íoc de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 64, 7.3.2015, lgh. 17-29).

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2015/378 gCoimisiún an 2 Márta 2015 lena leagtar síos rialacha i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an nós imeachta maidir le himréiteach bliantúil na gcuntas agus cur chun feidhme an nós imeachta maidir le himréiteach comhréireachta (AE) Uimh. (IO L 64, 7.3.2015, lgh. 30-32).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1048/2014 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2014 lena leagtar síos bearta faisnéise agus poiblíochta le haghaidh na mbeart poiblí agus faisnéise do thairbhithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 291, 7.10.2014, lgh. 6-8).

Rialachán cur chun Feidhme (AE) Uimh. 1049/2014 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2014 maidir le saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 291, 7.10.2014, lgh. 9-13).

Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmainn, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE agus lena n–aisghairtear Cinntí Uimh. 573/2007/CE agus Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 168-194).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 143-167).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 93-111).

Nuashonraithe 14.12.2022

Top