EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Láimhseáil gearáin leis an Choimisiún a fheabhsú, gearáin maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh (AE)

Láimhseáil gearáin leis an Choimisiún a fheabhsú, gearáin maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh (AE)

Is féidir le saoránaigh an AE gearáin a thaisceadh maidir leis an tslí ina gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm i mBallstáit an AE. Leagtar amach i bpáipéar ó mhí Aibreáin 2012 nósanna imeachta feabhsaithe lena rialaítear caidreamh leis an ghearánaí sa phróiseas seo.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: An tslí in láimhseáiltear caidreamh leis an ghearánaí, maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais, a nuashonrú [COM(2012) 154 final an 2.4.2012 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Sa Teachtaireacht“An tslí ina láimhseáiltear caidreamh leis an ghearánaí, maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais, a nuashonrú” , déanann an Coimisiún Eorpach míniú ar na bearta riaracháin ar mhaithe leis an ghearánaí, bearta a gcloífear leo agus gearán an ghearánaí á láimhseáil agus sárú líomhainte á mheas.

Ag croílár an AE déantar an dlí a urramú. Ní mór an dlí seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach ag na Ballstáit le cinntiú go mbainfear amach spriocanna go léir an AE atá leagtha amach i gconarthaí agus sa reachtaíocht. Má mheasann saoránach nach bhfuil dlí an Aontais á chur i bhfeidhm i gceart ag Ballstát, is féidir leis nó léi gearán a thaisceadh leis an Choimisiún Eorpach.

Glactar leis sa Choimisiún go gcabhraíonn gearánaithe go mór le sáruithe ar dhlí an Aontais a aimsiú. Chun an próiseas sin a dhéanamh níos éasca agus níos éifeachtúla arís, tá athruithe éagsúla curtha i bhfeidhm ag an Choimisiún ó 2002 ar aghaidh (2002/C 244/03).

Cuireadh feabhas go háirithe ar CHAP (Láimhseáil gearán/Accueil des plaintes). Cruthaíodh an uirlis TF seo i mí Mheán Fómhair 2009 agus cuireann sí ar chumas an Choimisiúin freagairt ar bhealach níos dírí do leasanna na saoránach, na ngnóthas agus na sochaí sibhialta.

Deirtear sa teachtaireacht gur cheart do ghearánaithe smaoineamh ar dtús ar ghearáin a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta chun a gcearta a dhearbhú go pearsanta agus ar shlí níos dírí.

Sainmhínítear sa teachtaireacht cad is brí le “gearán”, le “gearánaí” agus le “himeachtaí sáraithe”'. Tugtar faoi deara inti chomh maith nach mbaineann an cur chuige seo ach amháin le gearáin a bhaineann le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: Institiúidí an AE agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Rangaítear an t-eolas sa teachtaireacht mar seo a leanas:

  • prionsabail ghinearálta;
  • glacadh gearán a thaifeadadh agus a aithint;
  • an gearánaí agus na sonraí a chosaint;
  • cumarsáid le gearánaithe;
  • teorainn ama le haghaidh imscrúdaithe;
  • toradh ar imscrúdú na ngearán;
  • an cás a dhúnadh;
  • cinntí a bhaineann le sárú a fhoilsiú;
  • rochtain ar dhoiciméid maidir le cásanna a bhaineann le sárú;
  • gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.

Is iad seo a leanas cuid de phríomhphointí na teachtaireachta:

  • Is féidir le duine ar bith gearán a thaisceadhsaor in aisce leis an Choimisiún , i gcoinne Ballstáit, maidir le beart, le heaspa birt nó le cleachtas Ballstáit a mheasann an duine sin a bheith neamh-chomhoiriúnach le dlí an Aontais.
  • Is féidir gearáin a chur isteach tríd an bpost, trí fhacs nó trí ríomhphost i dteanga oifigiúil ar bith den AE.
  • Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh faoi cibé an ceart nó nár cheart beart breise a dhéanamh maidir le gearán.
  • Taifeadtar gearáin agus seoltar uimhir chláraithe chuig an ngearánaí laistigh de 15 lá ón “iarratas” a ghlacadh.
  • Mar riail ghinearálta, déantar gearáin a imscrúdú laistigh de bhliain amháin ón dáta cláraithe.
  • Toradh ar imscrúdú na ngearán: seoltar fógra foirmiúil chuig na Ballstáit nó dúntar an cás go buan. Cuirtear an gearánaí ar an eolas i scríbhinn.

ACHTANNA GAOLMHARA

An Conradh ar Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE): Airteagal 258

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an Ombudsman Eorpach maidir le caidreamh leis an ghearánaí i leith sáruithe ar dhlí an Chomhphobail (COM(2002) 141 final) (Cealaítear an téacs arna fhoilsiú in IO C 166 an 12.07.2002, lch. 3 agus cuirtear an téacs seo ina ionad)

Féach freisin: Cuir do chearta AE i bhfeidhm

Nuashonraithe 11.03.2014

Top