Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh breithiúnach

An dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh breithiúnach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1259/2010 lena gcuirtear comhar feabhsaithe i bhfeidhm sa réimse um dhlí is infheidhme i leith colscaradh agus idirscaradh dleathach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis sraith aonair rialacha lena chinneadh cén dlí náisiúnta is ceart a bheith infheidhme maidir le himeachtaí i gcomhair colscartha nó idirscaradh breithiúnach a bhaineann le céilí ag a bhfuil náisiúntacht éagsúil, a bhfuil cónaí orthu i dtír seachas a dtír náisiúntachta nó nach bhfuil cónaí orthu a thuilleadh sa Bhallstát céanna den Aontas Eorpach (AE).
  • Comhlánaítear leis Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 (féach an achoimre), ina leagtar síos rialacha lena chinneadh cén chúirt nach mór iarratas ar cholscaradh nó ar idirscaradh breithiúnach a thabhairt di.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tíortha rannpháirteacha

Tá feidhm ag an rialachán maidir leis na 17 mBallstát a ghlacann páirt sa chomhar feabhsaithe maidir leis an gceist sin: An Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSlóivéin.

Is féidir le Ballstáit eile páirt a ghlacadh am ar bith.

Cén uair atá tosach feidhme an rialacháin?

Tá feidhm aige i gcás dlíthe náisiúnta a thagann salach ar a chéile i gcás colscartha agus i gcás idirscaradh bhreithiúnach, i.e. nuair a d’fhéadfadh dlíthe náisiúnta éagsúla a bheith infheidhme maidir leis an gcolscaradh céanna nó an idirscaradh breithiúnach céanna (mar shampla, dlí náisiúnta thír náisiúntacht na gcéilí, nó dlí náisiúnta na tíre ina bhfuil a bpríomháit chónaithe).

Níl feidhm aige maidir leis na ceisteanna seo a leanas:

  • inniúlacht dhlíthiúil na ndaoine nádúrtha;
  • pósadh a bheith ann, a bheith bailí nó a bheith aitheanta;
  • neamhniú pósta;
  • ainm na gcéilí;
  • iarmhairtí an phósta i dtaobh maoine;
  • freagracht tuismitheoirí;
  • oibleagáidí cothabhála;
  • iontaobhais nó comharbais.

Rogha an dlí

Féadfaidh céilí comhaontú foirmiúil a dhéanamh le roghnú cén dlí náisiúnta a mbeidh feidhm aige maidir lena gcolscaradh nó lena n–idirscaradh breithiúnach ar choinníoll gur dlí ceann de na tíortha seo a leanas é:

  • an tír ina bhfuil príomháit chónaithe na gcéilí an tráth a chuirtear an comhaontú i gcrích; nó
  • an tír ina raibh príomháit chónaithe ba dhéanaí na gcéilí, sa mhéid is go bhfuil cónaí ar dhuine acu ansin fós an tráth a chuirtear an comhaontú i gcrích; nó
  • tír náisiúntachta ceachtar den dá chéile an tráth a chuirtear an comhaontú i gcrích; nó
  • an tír ina ndéantar an cás a thionscnamh.

Féadfar comhaontú idir na céilí a dhéanamh agus a athrú tráth ar bith go dtí go dtiocfaidh an cás os comhair na cúirte.

Sa chás nach roghnaítear an dlí is infheidhme

Mura roghnóidh na céilí an dlí ar chóir feidhm a bheith aige maidir lena gcolscaradh nó lena n–idirscaradh breithiúnach, beidh an cás faoi réir dhlí na tíre:

  • 1.

    ina bhfuil príomháit chónaithe na gcéilí an tráth a thiocfaidh an cás os comhair na cúirte; nó, mura bhfuil sé sin amhlaidh

  • 2.

    ina raibh príomháit chónaithe ba dhéanaí na gcéilí, murar chríochnaigh an tréimhse chónaithe níos mó ná 1 bhliain sular tháinig an cás os comhair na cúirte, sa mhéid is go bhfuil cónaí ar dhuine de na céilí sa tír sin fós an tráth a thiocfaidh an cás os comhair na cúirte; nó, mura bhfuil sé sin amhlaidh

  • 3.

    dá bhfuil an bheirt chéilí ina náisiúnaigh an tráth a thiocfaidh an cás os comhair na cúirte; nó, mura bhfuil sé sin amhlaidh

  • 4.

    ina ndéantar an cás a thionscnamh.

Más amhlaidh nach bhfuil dlí colscartha san áireamh sa dlí náisiúnta is infheidhme sa chás, nó mura ndeonaítear faoin dlí sin cothroime rochtana ar cholscaradh nó idirscaradh breithiúnach do dhuine de na céilí ar fhoras a n–inscne, beidh feidhm ag dlí na tíre ina ndéantar an cás a thionscnamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 21 Meitheamh 2012.

CÚLRA

Is ann do dhá rialachán eile ina leagtar síos rialacha chun an dlí is infheidhme a chinneadh sa chás ina bhfuil dlíthe náisiúnta ag teacht salach ar a chéile. Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 (féach an achoimre) maidir le hoibleagáidí conarthacha, agus clúdaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 (féach an achoimre) oibleagáidí neamhchonarthacha seachas gaoil teaghlaigh agus dliteanas stáit.

Glacadh Rialachán Uimh. 1259/2010, ina bhfuil rialacha ar an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh breithiúnach, trí chomhar feabhsaithe chun comhlánú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003, ina bhfuil rialacha ar dhlínse agus ar aithint agus forghníomhú in ábhair maidir le colscaradh agus idirscaradh breithiúnach (mar aon le hábhair a bhaineann le freagracht tuismitheora).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1259/2010 ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh breithiúnach (IO L 343, 29.12.2010, lgh. 10-16)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2019/1111 an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú cinntí in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (IO L 178, 2.7.2019, lgh. 1-115)

Cinneadh (AE) 2016/1366 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2016 lena ndaingnítear rannpháirtíocht na hEastóine i gcomhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh breithiúnach (IO L 216, 11.8.2016, lgh. 23-25)

Cinneadh 2014/39/AE ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2014 lena ndaingnítear rannpháirtíocht na Gréige i gcomhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh breithiúnach (IO L 23, 28.1.2014, lgh. 41-42)

Cinneadh 2012/714/AE ón gCoimisiún an 21 Samhain 2012 lena ndaingnítear rannpháirtíocht na Liotuáine i gcomhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh breithiúnach (IO L 323, 22.11.2012, lgh. 18-19)

Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lgh. 1-29)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo chun críocha tagartha amháin.

Nuashonraithe 03.06.2021

Top