EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pleanáil ionsaitheach chánach

Pleanáil ionsaitheach chánach

Tá bealaí á moladh ag an Choimisiún chun dul i ngleic le mionsonraí teicniúla agus le lúba ar lár dlíthiúla a mbaineann cuideachtaí áirithe leas astu chun a riar cothrom cánach a sheachaint.

ACHT

Moladh 2012/772/AE ón gCoimisiún maidir le pleanáil ionsaitheach chánach.

ACHOIMRE

Is gné amháin de phlean gníomhaíochta mionsonraithe coimpléascach an Choimisiúin é dul i ngleic le pleanáil ionsaitheach chánach. Dearadh an plean gníomhaíochta seo chun an imghabháil chánach agus an chalaois chánach a chomhrac.

Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta bealaí praiticiúla chun an comhar riaracháin idir tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a fheabhsú, chun troid in aghaidh na mí-úsáide agus an neamhchánachais dhúbailte, agus chun dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le tearmainn chánach agus le coireanna a bhaineann le cáin.

I láthair na huaire, féadfaidh cáiníocóirí áirithe feidhm a bhaint as socruithe coimpléascacha, ar socruithe saorga iad uaireanta, chun a mbonn cánach a bhogadh go dtí dlínsí eile san Aontas Eorpach (AE) nó lasmuigh de. Sa chás seo baineann siad leas as neamhréireachtaí dlíthe náisiúnta le cinntiú nach ngearrtar cáin ar mhíreanna áirithe ioncaim áit ar bith nó le feidhm a bhaint as rátaí éagsúla cánach. Tugtar pleanáil ionsaitheach chánach ar an fhadhb seo.

Is í an phríomhdheacracht nuair a chuirtear le sofaisticiúlacht an phleanáil chánach ná go n-aistrítear brabúis incháinithe chuig tíortha a mbaineann leas níos mó lena gcórais chánach don cháiníocóir. Leis an chleachtas seo, laghdaítear dliteanas cánach trí bhíthin socruithe a chloíonn le fuarlitir an dlí ach a sháraíonn spiorad an dlí - lúba dlíthiúla ar lár.

Tá iomaí foirmeacha ar an phleanáil ionsaitheach chánach, agus i measc a cuid torthaí tá asbhaintí dúbailte (m.sh. asbhaintear an caillteanas céanna sa tír fhoinseach agus sa tír chónaithe araon) agus neamhchánachas dúbailte (m.sh. ioncam nach ngearrtar cáin air sa tír ina dtuilltear é agus nach gá cáin a ghearradh air sa tír chónaithe).

Tá spreagadh á thabhairt, dá bhrí sin, ag an Choimisiún do Bhallstáit an AE clásal a chur i gcoinbhinsiúin um chánachas dúbailte a chuirtear i gcrích le Ballstáit an AE agus le tíortha nach tíortha an AE iad, clásal a réiteoidh cineál cánachais dhúbailte a aithnítear go sonrach.

Chomh maith leis sin, molann an Coimisiún go n-úsáidfí comhriail ginearálta frithmhí-úsáide chun cabhrú le comhréireacht agus le héifeachtúlacht a chinntiú sa réimse seo, réimse ina bhfuil éagsúlachtaí an-mhóra ó thaobh cleachtais de idir Ballstáit an AE.

Tá a lán tograí eile á gcur ar aghaidh sa réimse seo. Mar shampla, aithníodh go bhfuil leochaileacht ag an chóras cáin bhreisluacha reatha (CBL) do chalaois. Mar sin, chinn an Coimisiún fóram CBL an AE a chruthú. Is féidir le hionadaithe gnó agus le húdaráis chánach an fóram seo a úsáid chun tuairimí a roinnt maidir le gnéithe praiticiúla an riarachán CBL a bhaineann le hidirbhearta idir Ballstáit an AE. Chomh maith leis sin, tugtar deis dóibh dea-chleachtais a aithint agus a phlé a d’fhéadfadh bainistiú an chóras CBL a shimpliú agus costais chomhlíonta a laghdú, agus ioncam CBL á chinntiú san am céanna.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Moladh 2012/772/AE ón gCoimisiún

-

-

Iris Oifigiúil L 338 de 12.12.2012.

DOICIMÉID TAGARTHA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Plean Gníomhaíochta chun an troid in aghaidh an chalaois chánach agus an imghabháil chánach a neartú. [COM(2012)722 críochnaitheach - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Togra le haghaidh Treorach ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/96/AE maidir leis an gcomhchóras cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí i mBallstáit éagsúla. [COM(2013)814 críochnaitheach - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Ceapadh an Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí (Treoir 2011/96/AE) i gcéaduair ionas nach ngearrfaí cáin dhá uair (cánachas dúbailte) ar an ioncam céanna de chuid cuideachtaí sa ghrúpa céanna atá bunaithe i mBallstáit éagsúla an AE. Bhain cuideachtaí áirithe feidhm as forálacha na Treorach, áfach, agus as neamhréireachtaí i rialacha náisiúnta cánach chun cáin a sheachaint i mBallstáit uile an AE (neamhchánachas dúbailte).

Leis an leasú molta, géarófar an Treoir ionas nach mbeifear in ann leas a bhaint as díolúintí cánach le socruithe sonraithe um pleanáil chánach (socruithe hibridreacha iasachta). Faoin togra seo, má tá íocaíocht hibrideach iasachta in-asbhainteach sa Bhallstát den AE ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe, ní mór go ngearrfaí cáin uirthi sa Bhallstát den AE ina bhfuil an mháthairchuideachta bunaithe. Cuirfidh sé seo stad le cuideachtaí, a bhfuil craobhacha acu i mbreis is Ballstát amháin den AE, íocaíochtaí idir craobhacha i dtíortha éagsúla a phleanáil chun leas a bhaint as neamhchánachas dúbailte.

Nuashonraithe 21.02.2014

Top