Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid: 7ú CGC (2014-20)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid: 7ú CGC (2014-20)

Beidh an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaoil (CGC) mar threoir i mBeartas comhshaoil na hEorpa go dtí 2020. Déantar 9 sprioc tosaíochta a shainaithint sa Phlean Nua agus leagtar amach fís fadtéarmach ar mian leis a bheith san AE faoi 2050.

ACHT

Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid”.

ACHOIMRE

Agus an fhís fadtéarmach “Sa bhliain 2050, táimid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta éiceolaíocha ár bpláinéid”, mar threoir déantar 3 réimse gníomhaíochta tosaíochta don AE a shainaithint sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC):

1.

Caipiteal nádúrtha

Anseo, tá an fócas dírithe ar ithir mhéiniúil, ar thalamh agus muirí táirgiúla. ar uisce úr agus ar aer glan, chomh maith leis an mbitheolaíocht atá ag tacú leis an gcaipiteal nádúrtha seo, a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú. Cuireann an CGC ceangaltas ar AE agus ar na Ballstáit soláthar Straitéis um Bhitheolaíocht 2020 agus Treoirphlean chun Uiscí na hEorpa a Chosaint a bhrostú.

2.

Geilleagar atá tíosach ar acmhainní

Chun AE a athrú ina gheilleagar ísealcharbóin, atá tíosach ar acmhainní, éilítear sa CGC:

seachadadh iomlán an phacáiste um fhuinneamh agus aeráid le spriocanna 20-20-20 a bhaint amach agus comhaontú ar na chéad chéimeanna eile um beartas aeráide thar 2020;

feabhsuithe suntasacha ar fheidhmíocht gheilleagrach na dtáirgí thar a saolré;

laghduithe ar thionchar geilleagrach tomhaltais, lena n-áirítear saincheisteanna amhail scaipeacht bhia a laghdú agus úsáid inbhuanaithe bithmhaise.

Tá fócas ar leith ann freisin ar dhramhaíl a thiontú ina hacmhainn agus ar bhogadh i dtreo úsáid níos éifeachtaí ár n-acmhainní uisce.

3.

Comhshaol sláintiúil do dhaoine sláintiúla

Clúdaítear sa tosaíocht sin dúshláin maidir le sláinte agus folláine daoine, amhail truailliú aeir agus uisce, iomarca torann, agus ceimiceáin. Sa CGC comhaontaíonn gach rannpháirtí:

reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir agus torann a thabhairt suas chun dáta;

feabhas a chur ar chur i bhfeidhm reachtaíochta maidir le huisce inólta agus uisce snámha;

dul i ngleic le ceimiceáin ghuaiseacha, lena n-áirítear nana-ábhair, ceimiceáin a chuireann isteach ar an gcóras inchríneach agus le ceimiceáin i gcumasc, mar chuid de chur chuige straitéiseach níos forleithne le haghaidh comhshaoil neamhthocsainigh.

CREAT-CHLÁR CUMASÚCHÁIN

Is iad aidhm spriocanna tosaíochta 4 go 7 an CGC le cuidiú leis an Eoraip na chéad thrí sprioc a bhaint amach trí:

feabhas a chur ar chur chun feidhme reachtaíochta;

faisnéis níos fearr trí fheabhas a chur ar an mbunachar eolais;

infheistíocht níos mó agus níos ciallmhaire do bheartas comhshaoil agus aeráide;

riachtanais gheilleagracha agus breithniúcháin a chomhtháthú ina n-iomláine i mbeartais eile.

Is iad an dá sprioc tosaíochta deiridh sa chlár:

cathracha inbhuanaithe;

dul i ngleic le dúshláin idirnáisiúnta (comhshaol agus aeráid).

Tháinig an 7ú CGC i bhfeidhm Eanáir 2014. Is ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit anois an fhreagracht lena chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é, agus go gcomhlíontar na spriocanna tosaíochta atá leagtar amach faoi 2020.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE

17.1.2014

-

OJ L 354 an 28.12.13

Nuashonraithe 04.07.2014

Top