This document is an excerpt from the EUR-Lex website
European satellite monitoring programme (Copernicus): climate aspects
Clár Eorpach um fhaireachán satailíte (Copernicus): gnéithe aeráide
Clár Eorpach um fhaireachán satailíte (Copernicus): gnéithe aeráide
This summary has been archived and will not be updated. See 'Clár spáis AE (2021–2027) — Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis' for an updated information about the subject.
Clár Eorpach um fhaireachán satailíte (Copernicus): gnéithe aeráide
Clár sibhialta is ea Copernicus ina n-úsáidtear teicneolaíocht satailíte chun faireachán a dhéanamh ar an gCruinne. Tugann sé faisnéis iontaofa agus cothrom le dáta maidir le staid ár gcomhshaoil trí athruithe san atmaisféar, in aigéin agus i mórchríocha a rianú go rialta. Tá na sonraí an-luachmhar chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus d’earnálacha chomh éagsúil le sláinte an duine agus turasóireacht.
GNÍOMH
Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010.
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?
Cuirtear creat dlíthiúil ar fáil ann le haghaidh clár Copernicus do 2014-20, lena leagtar síos na rialacha oibriúcháin agus lena mbunaítear a phríomhchuspóirí. Tá faireachán ar an athrú aeráide ar 1 réimse as 6 réimse dá bhfuil seirbhísí Copernicus deartha go sonrach. Is iad na réimsí eile: faireachán talún, muirí agus atmaisféir, práinnfhreagairt agus seirbhís slándála.
PRÍOMHPHOINTÍ
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Ón 1 Eanáir 2014.
CÚLRA
Baineann lucht déanta beartas agus údaráis phoiblí leas as na sonraí a sholáthraíonn Copernicus chun reachtaíocht agus beartais um chomhshaol a fhorbairt agus chun freagairt do thubaistí nádúrtha agus do ghéarchéimeanna daonnúla. Tá na torthaí ar fáil go hoscailte, rud a chuireann deiseanna gnó ar fáil do chuideachtaí Eorpacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 |
1.1.2014 |
- |
Nuashonraithe 23.04.2015