Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht beartas um chosaint shóisialta thíortha AE

Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht beartas um chosaint shóisialta thíortha AE

Tugann an Coiste um Chosaint Shóisialta (CCS) de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), a bunaíodh faoi Airteagal 160 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), comhairle d’institiúidí AE maidir le gach gné a bhaineann leis an mbeartas um chosaint shóisialta agus imríonn sé príomhról i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

GNÍOMH

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - Cuid 3 - Beartais an Aontais agus gníomhaíochtaí inmheánacha - Teideal X - Beartas sóisialta - Airteagal 160 (iar-Airteagal 144 TEC) (IO C 326, 26.10.2012, lgh. 118-119).

ACHOIMRE

Tugann an Coiste um Chosaint Shóisialta (CCS) de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), a bunaíodh faoi Airteagal 160 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), comhairle d’institiúidí AE maidir le gach gné a bhaineann leis an mbeartas um chosaint shóisialta agus imríonn sé príomhról i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH SEO?

Leis an gcinneadh seo bunaítear CCS, leagtar amach a thascanna, a bhallraíocht agus a mhodhanna oibre. Go sonrach, léirítear leis an gCinneadh forbairt an tSeimeastair Eorpaigh agus ról CCS sa phróiseas seo, agus aisghairmtear Cinneadh 2004/689/CE ón gComhairle dá réir sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Áirítear iad seo a leanas ar thascanna CCS:

  • monatóireacht a dhéanamh ar na dálaí sóisialta in AE agus ar fhorbairt beartas um chosaint shóisialta i dtíortha AE;
  • malartú faisnéise agus comhordú cineálacha cur chuige ar an mbeartas sóisialta a chur chun cinn i measc rialtais AE agus an Choimisiúin;
  • tuarascálacha, tuairimí agus obair eile a ullmhú ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ón gCoimisiúin nó ar a thionscnamh féin.

Agus na tascanna sin á ndéanamh aige, ba chóir don CCS cur le gach gné den Seimeastar Eorpach laistigh dá réimse inniúlachta agus tuairisc a thabhairt don Chomhairle maidir leo.

Ceapann gach tír AE agus an Coimisiún dhá chomhalta de CCS, agus féadfaidh siad dhá chomhaltaí mhalartacha a cheapadh.

Déantar foráil sa chinneadh i leith cathaoirleach agus leas-chathaoirligh a cheapadh i measc na gcomhaltaí agus i leith grúpaí oibre a bhunú chun staidéar a dhéanamh ar cheisteanna sainiúla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Ón 15 Bealtaine 2015.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2015/773 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2015 lena mbunaítear an Coiste um Chosaint Shóisialta agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/689/CE (IO L 121, 14.5.2015, lgh. 16-19).

Nuashonraithe 15.06.2016

Top