This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Demography statistics
Staidreamh déimeagrafach
Staidreamh déimeagrafach
Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach
Cén fáth gur staidreamh tábhachtach é seo?
Tá meastacháin daonra d’ardcháilíocht riachtanach do phróiseas daonlathach an AE, .i. tá siad tábhachtach maidir le hualú vótaí a ríomh, vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle san áireamh. Ón 1 Samhain 2014 ar aghaidh, sainítear tromlach cáilithe mar seo a leanas: 55 % ar a laghad de bhaill na Comhairle, agus 15 díobh ann ar a laghad, a dhéanann ionadaíocht do thíortha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra AE (“tromlach dúbailte”).
Déantar measúnú fadtéarmach ar inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí thíortha AE bunaithe ar réamh-mheastacháin daonra Eurostat; i measc nithe eile, réamh-mheastacháin a éilíonn amshraith thráthúil, chruinn, iontaofa agus chomhsheasmhach maidir leis an daonra, le breitheanna agus le básanna, mar aon le foshuíomhanna fónta a bhaineann le forbairt thodhchaíoch torthúlachta, ionchais saoil agus sreafaí imirce.
Déantar an dul chun cinn maidir le straitéis an AE um fhorbraíocht inbhuanaithe a mheas le tuarascáil faireacháin Eurostat, tuarascáil ina mbaintear feidhm as amshraitheanna maidir le cóimheasa scothaoise agus cleithiúnais, le rátaí torthúlachta agus le hionchas saoil in AE.
Baintear feidhm as sonraí déimeagrafacha réigiúnacha chun treochtaí a mheas a bhaineann le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche a bhaint amach.
Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 205/2014 coinníollacha aonfhoirmeacha i ndáil le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1260/2013 maidir le miondealú ar shonraí (.i. imdhealú), le spriocdhátaí agus le hathbhreithnithe ar shonraí.
Tá sé i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2013.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach:
Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lgh. 39-43)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 205/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena leagtar síos coinníollacha aonfhoirmeacha i ndáil le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach, i ndáil le miondealaithe ar shonraí, le spriocdhátaí agus le hathbhreithnithe ar shonraí (IO L 65, 5.3.2014, lch. 10-26)
Nuashonraithe 03.08.2016