Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Infheistíocht ar mhaithe le hoideachas agus le hoiliúint chun infhostaitheacht a spreagadh

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Infheistíocht ar mhaithe le hoideachas agus le hoiliúint chun infhostaitheacht a spreagadh

Fadhb thromchúiseach is ea an dífhostaíocht ina lán Ballstát den Aontas Eorpach (AE), go háirithe i measc an ógra. Le breis is dhá mhilliún folúntas ar fud an AE, áfach, is léir nach bhfuil an soláthar scileanna ag teacht le riachtanais an mhargadh saothair.

ACHT

Conclúidí na Comhairle maidir le hinfheistíocht ar mhaithe le hoideachas agus le hoiliúint - freagairt ar Athsmaoineamh ar an Oideachas: Infheistíocht ar mhaithe le scileanna le haghaidh torthaí socheacnamaíocha níos fearr agus an Suirbhé Bliantúil Fáis 2013

ACHOIMRE

I mí Feabhra 2013, ghlac Airí Oideachais Bhallstáit an AE le conclúidí mar fhreagairt ar theachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh 2012 Athsmaoineamh ar an Oideachas agus an Suirbhé Bliantúil Fáis 2013.

Cuirtear béim sna conclúidí ar réimsí tosaíochta ar gá athchóiriú a dhéanamh orthu san oideachas agus oiliúint chun scileanna agus chun leibhéil inniúlachta fhoriomlána a fheabhsú, rud a mhéadódh an infhostaitheacht agus a laghdódh an dífhostaíocht.

Ghlac Ballstátan AE leis gur gá:

  • naisc níos dlúithe a chruthú idir a gcórais oideachais agus an margadh saothair;
  • sármhaitheas a chur chun cinn sa ghairmoideachas agus san oiliúint agus é a dhíriú ar réimsí ina bhféadfadh fás a bhaint amach nó i réimsí ina bhfuil easpa scileanna iontu;
  • daoine óga a aithint a bhfuil baol ann go bhfágfadh siad an scoil go luath agus tacaíocht aonair a sholáthar dóibh;
  • cúiseanna na gnóthachtála ísle a chomhrac agus oideachas agus cúram luathóige inrochtana d’ardchaighdeán á n-úsáid;
  • próifíl ghairmiúil ghairm na múinteoireachta a athbhreithniú agus a neartú;
  • líon na ndaoine fásta ar bheagán oiliúna a laghdú trí bhíthin rochtana ar oiliúint do dhaoine fásta agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil;
  • foghlaim TFC-thacaithe agus rochtain ar acmhainní oideachasúla oscailte a bharrfheabhsú.

Tacaíocht agus cúnamh ar leibhéal an AE

Mar thoradh ar na conclúidí seo, tá na nithe seo a leanas á ndéanamh ag an Choimisiún i measc nithe eile,

  • tá tacaíocht á soláthar dó do thíortha trí bhíthin spreagadh a thabhairt dóibh chun leas iomlán a bhaint as cláir agus as cistí oideachais an AE;
  • tá scrúdú á dhéanamh aige ar roghanna chun leibhéal agus chun caighdeán an oideachais agus na hoiliúna a chuirtear ar fáil do dhaoine fásta a mhéadú chun scileanna nua a mhúineadh dóibh agus chun na scileanna atá acu cheana a fheabhsú;
  • tá obair á déanamh aige chun Limistéar Eorpach um Scileanna agus um Cháilíochtaía chruthú a chinnteodh go ndéanfaí scileanna agus cáilíochtaí a aithint go héasca i dtíortha éagsúla ;
  • tá tionscnamh nua seolta aige maidir le hOideachas a Oscailt chun tacaíocht AE a sholáthar le rochtain ar agus le húsáid Acmhainní Oideachasúla Oscailte agus TFC a mhéadú;
  • i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), chuir an Coimisiún gníomhaíochtaí i bhfeidhm a chuireann oideachas fiontraíochtachun cinn , go háirithe treoir beartais, mar aon le creataí chun an t-oideachas fiontraíochta a spreagadh ar leibhéal institiúideach.

Mar chríoch, ba chóir scéimeanna agus cláir printíseachta ar fud na hEorpa a chur chun cinn le tionscnaimh amhail an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí a seoladh le déanaí ag an Choimisiún.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Conclúidí na Comhairle

-

-

IO C 64, 5.3.2013

ACHTANNA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Athsmaoineamh ar an Oideachas: Infheistíocht ar mhaithe le scileanna le haghaidh torthaí socheacnamaíocha níos fearr [COM(2012)0669 final an 20.11.2012].

Teachtaireacht ón gCoimisiún: Suirbhé Bliantúil Fáis 2013. [COM(2012)750 final an 28.11.2012].

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíocht agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta 2020 um Fhiontraíocht - Spiorad na fiontraíochta a athlasadh san Eoraip. [COM(2012)795 final an 9.1.2013].

Nuashonrú is déanaí: 17.02.2014

Top