EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Na dúshláin atá os comhair daoine óga: comhar trasearnála beartais a fheabhsú

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Na dúshláin atá os comhair daoine óga: comhar trasearnála beartais a fheabhsú

Measann Airí an Aontais Eorpaigh (AE) go bhfuil comhar thar raon réimsí beartais ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na fadhbanna sóisialta agus eacnamaíocha atá os comhair daoine óga.

GNÍOMH

Conclúidí ón gComhairle maidir le comhar trasearnála beartais a fheabhsú chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin shocheacnamaíocha atá os comhair daoine óga (IO C 172, 27.5.2015, lgh. 3-7)

ACHOIMRE

Measann Airí an Aontais Eorpaigh (AE) go bhfuil comhar thar raon réimsí beartais ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na fadhbanna sóisialta agus eacnamaíocha atá os comhair daoine óga.

CÉARD A DHÉANANN NA CONCLÚIDÍ SEO ÓN GCOMHAIRLE?

Déantar staidéar sna conclúidí ar straitéisí chun cur leis an gcur chuige trasearnála maidir le fadhbanna an aosa óig, ionas gur féidir leis an lucht déanta beartas freagairt níos éifeachtúla agus níos tapa do na fadhbanna sin, rud a bhainfidh an úsáid is fearr as an gcistiúchán AE agus as na cláir a chuirtear ar fáil sa réimse seo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Beartas trasearnála

Chun beartas fadréimseach trasearnála don aos óg a chur i bhfeidhm, ní mór do na tíortha AE:

  • Na fadhbanna a chuireann isteach ar an aos óg a chur san áireamh agus beartais á bhforbairt i réimsí áirithe, e.g. oideachas, oiliúint, fostaíocht agus réimsí eile a bhfuil tionchar acu ar dhaoine óga. Chun go n-éireoidh leis sin, ní mór comhar a bheith ann idir institiúidí ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.
  • Straitéisí uileghabhálacha don aos óg a chur i bhfeidhm chun gníomhartha ábhartha beartais a nascadh a théann i ngleic leis na fadhbanna a chuireann isteach ar an aos óg agus a bhaineann le daoine óga agus le heagraíochtaí don aos óg.
  • Modhanna a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh arstaid na ndaoine óga , modhanna a chuireann beartais fhianaisebhunaithe agus eolasbhunaithe san áireamh.

Iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach:

  • féachaint ar conas is féidir beartas comhordaithe beartais a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir le dul i ngleic le dúshláin na ndaoine óga;
  • measúnú a dhéanamh ar conas a chuirtear fadhbanna beartais don aos óg san áireamh i réimsí beartais eile a chuireann isteach ar dhaoine óga.

Iarrtar ar na tíortha AE agus ar an gCoimisiún:

  • a mhór a dhéanamh den chlár Erasmus+ chun comhar trasearnála a neartú;
  • fianaise a bhailiú maidir le conas is féidir le comhar trasearnála torthaí dearfacha a spreagadh.

Cuir chuige shaincheaptha

Ní mór cuir chuige thrasearnála atá deartha go speisialta a chur i bhfeidhm maidir le cláir a théann i ngleic leis na dúshláin shocheacnamaíocha atá os comhair daoine óga.

Tugtar cuireadh do natíortha AE :

  • cuir chuige chomhpháirtíochta i mbearta cur chun feidhme a neartú, amhail an Ráthaíocht don Aos Óg;
  • tacaíocht a iarraidh chun gníomhaíochtaí earnála don aos óg, a mhaoinítear faoin Ráthaíocht don Aos Óg, a chur i bhfeidhm;
  • comhar idir institiúidí foirmiúla oideachais (amhail scoileanna agus coláistí) agus soláthraithe neamhfhoirmiúla foghlama (amhail clubanna spóirt agus clubanna don aos óg) a neartú, chun dul i ngleic le luathfhágáil na scoile;
  • comhar idir an obair don aos óg agus na seirbhísí sóisialta a chur chun cinn chun cuimsiú an aosa óig sa tsochaí a fheabhsú.

Iarrtar ar an gCoimisiún éascaíocht a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht ar leibhéal AE idir lucht déanta beartas don aos óg agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) a bhfuil páirt á glacadh acu i gcur i bhfeidhm na Ráthaíochta don Aos Óg.

Iarrtar ar na tíortha AE agus ar an gCoimisiún:

  • smaoineamh ar Chistí Eorpacha Struchtúrtha agus ar an gclár Erasmus+ a úsáid chun dul i ngleic leis na dúshláin atá os comhair daoine óga;
  • dul i ngleic leis na hábhair imní a luafar sa phiarfhoghlaim a reáchtálfar ag tíortha AE maidir leis an mbeartas trasearnála náisiúnta don aos óg a neartú, beartas atá sonraithe sa Phlean Oibre AE don Aos Óg.

Obair don aos óg

Iarrann an Chomhairle AE ar na tíortha AE agus ar an gCoimisiún béim a leagadh ar luach na hoibre don aos óg sa chaoi a théann sí i ngleic le dúshláin na ndaoine óga:

  • tríd an obair don aos óg agus trí uirlisí neamhfhoirmiúla foghlama amhail an deimhniú Youthpass (Pas don Aos Óg) a aithint sna hearnálacha fostaíochta, oiliúna, oideachais agus cultúrtha;
  • scrúdú a dhéanamh ar an deimhniú Youthpass a úsáid mar uirlis náisiúnta aitheantais.

Tuilleadh faisnéise:

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 20 Bealtaine 2014 maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Aos Óg 2014-2015 (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 5-11)

Nuashonraithe 24.09.2015

Top