Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Obair don óige - rannchuidiú tábhachtach don chuimsiú sóisialta

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Obair don óige - rannchuidiú tábhachtach don chuimsiú sóisialta

 

ACHOIMRE

Ar aon dul leis an gCreat Athnuaite um Chomhar Eorpach i Réimse na hÓige (2010-2018), cuireann Airí AE béim ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na hoibre don ógra agus le rannchuidiú le cuimsiú sóisialta daoine óga a chinntiú.

CAD A DHÉANTAR SNA CONCLÚIDÍ SEO?

Dírítear iontu ar an ngá atá leis an obair don ógra a neartú chun sochaithe níos comhtháite a chinntiú ar fud AE. Tá comhar sa réimse seo ar fud thíortha AE an-tábhachtach.

Tá na conclúidí curtha i láthair de réir Phlean Oibre reatha AE don Óige 2014-2015, ina bhfuil tús áite tugtha d’fhorbairt na hoibre don ógra agus na foghlama neamhfhoirmeálta (amhail i gclubanna óige nó spóirt) agus na foghlama neamhfhoirmiúla (amhail ó thuismitheoirí agus ó chairde).

Sonraithe iontu chomh maith tá conclúidí roimhe seo ón gComhairle maidir le rannchuidiú na hoibre cáilíochta don ógra le forbairt, le folláine agus le cuimsiú sóisialta na hóige in AE.

Sonraítear an ráiteas iontu chomh maith a rinne Cinn Rialtais AE an 12 Feabhra 2015, go luath i ndiaidh na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras, ina leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann leis an oideachas agus leis an gcomhtháthú maidir le radacú a chosc agus luachanna a chosaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an tábhacht a bhaineann leis an obair don ógra maidir le rannchuidiú le forbairt phearsanta agus teacht ar dhaoine óga ó chúlraí éagsúla athluaite sna conclúidí fosta. Tá gá faoi leith ann le dáimhiúlacht a bhunú leis an óige imeallaithe agus leo siúd nach bhfuil i bhfostaíocht, oideachas nó oiliúint.

Déantar tíortha AE a ghríosú chun:

  • bheith tiomanta do sheirbhísí oibre ardchaighdeáin agus gairmiúla don óige a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear trí fhoireann íoctha agus trí dheonaigh;
  • bearta tacaíochta a fhorbairt, lena n-áirítear oideachas agus oiliúint d’oibrithe don ógra;
  • for-rochtain na hoibre don ógra a mhéadú chun daoine os cionn 18 mbliana d’aois agus daoine óga ag a bhfuil níos lú deiseanna a dhéanamh páirteach inti.

Iarrtar ar thíortha AE agus ar an gCoimisiún Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • bheith páirteach i bhfoghlaim fhrithpháirteach (piarfhoghlaim) agus dea-chleachtais maidir le cáilíocht san obair don ógra a mhalartú;
  • cáilíocht na hoibre don ógra a neartú trí tháscairí, uirlisí agus córais ar féidir iad a chur i bhfeidhm ar leibhéil éagsúla ar fud AE a fhorbairt;
  • feabhas a chur ar infheictheacht thábhacht na hoibre don ógra trí a gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla agus a tionchair chainníochtúla agus cháilíochtúla ar dhaoine óga agus ar an tsochaí thart orthu a léiriú.

Iarrtar ar an gCoimisiún:

  • staidéar a dhéanamh ar bhunphrionsabail cháilíocht um obair don ógra lena n-áirítear lámhleabhar ar chur i bhfeidhm. Ba cheart torthaí an tSainghrúpa ar Chórais Cháilíochta na hOibre don Ógra a chur san áireamh sa staidéar seo;
  • breathnú ar thogra a dhéanamh maidir le Moladh ón gComhairle ar obair don ógra ina ndíreofaí ar chuimsiú daoine óga, ar shaoránacht agus ar shochaí níos comhtháite a chur chun cinn.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an obair don ógra a neartú chun sochaithe comhtháite a chinntiú (IO C 170, 23.5.2015, lgh. 2-3)

Nuashonraithe 24.09.2015

Top