Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Moltaí maidir le beartas eacnamaíoch le haghaidh limistéar an euro in 2016-2017

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Moltaí maidir le beartas eacnamaíoch le haghaidh limistéar an euro in 2016-2017

 

ACHOIMRE AR:

Moladh ón gComhairle do chomhaltaí limistéar an euro maidir le gníomhaíochtaí beartais eacnamaíocha a bheidh le glacadh go haonair agus go comhpháirteach

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

Moltar ann conas ba cheart do thíortha limistéar an euro, go comhpháirteach agus go haonair, a mbeartais eacnamaíocha a sheoladh sa 12 mhí atá le teacht.

PRÍOMHPHOINTÍ

Luaitear sna moltaí gur cheart do thíortha an euro:

  • Beartais a leanúint lena:
  • Athchóirithe a chur i bhfeidhm lena gcomhcheanglaítear:
    • conarthaí saothair atá solúbtha agus iontaofa;
    • cláir chuimsitheacha don fhoghlaim ar feadh an tsaoil;
    • beartais a chuidíonn le daoine dífhostaithe post a aimsiú;
    • scéimeanna cosanta sóisialta leordhóthanacha agus inbhuanaithe;
    • margaí oscailte agus iomaíocha le haghaidh earraí agus seirbhísí;
    • ualaí cánach níos ísle, go háirithe do dhaoine ar phá íseal.
  • Beartais fhioscacha a leanúint lena dtugtar urramú do rialacha an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Fáis, go háirithe:
    • le haghaidh 2016, díriú ar chothromaíocht neodrach tríd is tríd idir cánacha agus caiteachas rialtais (“seasamh fioscach comhiomlán atá neodrach tríd is tríd”)
    • le haghaidh 2017, an fiachas poiblí a laghdú;
    • iarrachtaí a shaincheapadh de réir an cháis i ngach tír euro aonair;
    • athbhreithniú ar an tionchar ionchais agus inmhianaithe ar gheilleagar limistéar an euro amach anseo ó chánachas agus caiteachas rialtais (“seasamh fioscach”).
  • laghdú de réir a chéile ar iasachtaí bainc a chumasú atá ar mainneachtain, nó gar dó (“iasachtaí neamhchomhlíonta”) agus na nósanna imeachta féimheachta a fheabhsú do chuideachtaí agus do theaghlaigh.
  • Leanúint ag obair ar chur i gcrích aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta.
  • Ba cheart do thíortha AE, go háirithe iad sin a bhfuil fiachas mór príobháideach agus coigríche acu, athchóirithe a chur i bhfeidhm chun táirgiúlacht, cruthú post, iomaíochas agus an timpeallacht ghnó a fheabhsú.
  • Ba cheart do thíortha AE a bhfuil barrachas mór acu i gcuntais reatha díriú ar athchóirithe struchtúracha chun éileamh agus fás intíre a neartú.

CÚLRA

Is cuid de thimthriall bliantúil AE de threoir agus faireachas ar bheartas eacnamaíoch iad na moltaí maidir le beartas eacnamaíoch, ar a dtugtar an Seimeastar Eorpach.

Den chéad uair, i mí an Mhárta 2016, glacadh leis na moltaí ar bheartas eacnamaíoch do limistéar an euro sular glacadh leo siúd a bhí saincheaptha do thíortha aonair i limistéar an euro. Tá sé sin deartha chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na dúshláin foriomlána i limistéar an euro laistigh de na tuarascálacha náisiúnta ar leith.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh ón gComhairle an 8 Márta 2016 maidir le beartas eacnamaíoch limistéar an euro (IO C 96, 11.3.2016, lgh. 1-3)

Nuashonraithe 02.08.2016

Top