EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar AE leis na tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin: an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.

Comhar AE leis na tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin: an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/322 maidir le cur i bhfeidhm an 11ú Ciste Eorpaigh Forbraíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Áirítear leis go maoinítear gníomhaíochtaí comhair as Ciste Forbraíochta na hEorpa bunaithe ar théarmaí Chomhaontú Cotonou*.
  • Is é príomhchuspóir ghníomhaíochtaí comhair an Aontais Eorpaigh an bhochtaineacht a laghdú agus a dhíothú ar deireadh.
  • Ní mór go gcuirfeadh comhar leis an méid seo a leanas chomh maith:
    • forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú;
    • an daonlathas, an smacht reachta, dea–rialachas, cearta an duine agus na prionsabail ábhartha um dhlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo;
    • cur chuige bunaithe ar chearta ina gcuimsítear gach ceart daonna a chur i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Maoinítear CEF trí ranníocaíochtaí díreacha ó Bhallstáit AE de réir scaireanna ranníocaíochta sainiúla (“scálaí”) agus tá sé cumhdaithe faoina rialacha airgeadais féin. Níl sé ina chuid de bhuiséad AE.
  • Is ionann iomlán acmhainní airgeadais an 11ú CEF agus €30.5 billiún don tréimhse 2014-2020. (Ba cheart a thabhairt faoi deara, ó 2021 i leith, gur comhtháthaíodh an CEF i mbuiséad AE.)
  • Cuirfidh an Banc Eorpach Infheistíochta €2.6 billiún eile ar fáil i bhfoirm iasachtaí óna acmhainní féin.
  • Faoin 11ú CEF, rinneadh “scálaí ranníocaíochtaí” Bhallstáit AE a ailíniú leis an scála a úsáideadh do bhuiséad AE (bunaithe ar an ollioncam náisiúnta in aghaidh an duine).
  • Tháinig an 10ú CEF roimh an 11ú CEF, a mhair ar feadh 6 bliana ó 2008 go 2013, agus bhí buiséad €22.7 billiún ag gabháil leis. B’ionann é sin agus thart ar 30% de chaiteachas AE maidir le cúnamh um chomhar forbraíochta, agus tháinig an chuid eile díreach ó bhuiséad AE.
  • Cinneann an Coimisiún Eorpach na leithdháiltí airgeadais do gach tír agus san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus réigiún ACC ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos i gComhaontú Cotonou. Faigheann tíortha ACC comhar sainiúil, saincheaptha bunaithe ar:
    • a riachtanais;
    • a gcumas acmhainní airgeadais a ghiniúint agus a rochtain, mar aon lena gcumas ionsúcháin;
    • a gceangaltais agus a bhfeidhmíocht; agus
    • tionchar féideartha an chúnaimh ó AE.
  • Tugtar tús áite do na tíortha is mó gátar, go háirithe na tíortha beagfhorbartha, tíortha ísealioncaim agus tíortha a bhfuil géarchéim iontu, tíortha iar–ghéarchéime, cásanna leochaileacha agus soghonta sa phróiseas leithdháilte acmhainní.

Géarchéim slándála bia agus turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin i ndiaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

  • Féadfar cistí CEF a athúsáid i ndiaidh a ndílsithithe de bhun Chinneadh (AE) 2022/1223 d’aon toil ón gComhairle. Is é sin an cás faoin 11ú CEF chun an tSaoráid um Shíocháin san Afraic a mhaoiniú agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha ACC i ndiaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
  • Tacóidh na cistí sin le tíortha ACC trí chúnamh daonnúil (€150 milliún), táirgeadh inbhuanaithe agus athléimneacht na gcóras bia (€350 milliún) agus tacaíocht mhaicreacnamaíoch (€100 milliún).
  • Tá an maoiniú ina chuid de fhreagairt dhomhanda AE ar an tslándáil bia chun cuidiú le dul i ngleic leis an ngéarchéim bia. Comhlánaítear leis cúnamh daonnúil a mbaintear leas as cheana féin ar fud an domhain agus cistí ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda atá curtha ar leataobh i gcomhair tionscadal maidir le talmhaíocht inbhuanaithe, cothú bunúsach, uisce agus sláintíocht, agus cosaint sábháilteachta sóisialta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 6 Márta 2015, agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an dáta deiridh do chur i bhfeidhm Chomhaontú Inmheánach an 11ú CEF.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhaontú Cotonou. Comhaontú comhpháirtíochta idir baill Eagraíocht na Stát ACC — ar a dtugtar Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin anois — agus an tAontas Eorpach, arna shíniú an 23 Meitheamh 2000 in Cotonou, Beinin, lena soláthraítear an creat do chaidreamh AE le 79 tír ACC. Tá an chomhpháirtíocht bunaithe ar thrí cholún chomhlántacha:
  • comhar forbraíochta;
  • comhar eacnamaíoch agus trádála; agus
  • an ghné pholaitiúil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta an ACC-AE (IO L 58, 3.3.2015, lgh. 1-16).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lgh. 1-78).

Rinneadh ceartúcháin comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/947 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan ceartaithe seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme don 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lgh. 1-21).

Rialachán (CE) Uimh. 617/2007 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2007 maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta an ACC-AE (IO L 152, 13.6.2007, lgh. 1-13).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 24.08.2022

Top