Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht árthaí brú simplí in AE

Sábháilteacht árthaí brú simplí in AE

Tá dhá phríomhchuspóir ag dlí an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le hárthaí brú simplí (mar shampla, sorcóirí tumadóireachta) a chur ar an margadh agus iad a chur ag obair: (i) chun daoine, ainmhithe clóis agus réadmhaoin a chosaint ar na guaiseacha a eascraíonn as sceitheadh nó pléascadh; (ii) chun na rialacha céanna a chur i bhfeidhm ar fud AE maidir leis na hárthaí brú sin a dhíol.

ACHT

Treoir 2014/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú rialacha na mBallstát a bhaineann le hárthaí brú simplí a chur ar fáil ar an margadh.

ACHOIMRE

Tá dhá phríomhchuspóir ag dlí an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le hárthaí brú simplí (mar shampla, sorcóirí tumadóireachta) a chur ar an margadh agus iad a chur ag obair: (i) chun daoine, ainmhithe clóis agus réadmhaoin a chosaint ar na guaiseacha a eascraíonn as sceitheadh nó pléascadh; (ii) chun na rialacha céanna a chur i bhfeidhm ar fud AE maidir leis na hárthaí brú sin a dhíol.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Leagtar síos inti rialacha comhionanna maidir le hárthaí brú simplí a chur ar an margadh agus iad a chur ag obair.

Baineann an treoir le hárthaí a ndéantar iad a mhonarú i sraitheanna, amhail aon árthach táite le brú tomhsaire inmheánach níos airde ná 0.5 bar ann a ceapadh chun aer nó nítrigin a choimeád istigh ann agus nár ceapadh chun bheith scaoilte. Baineann an treoir freisin leis na codanna agus na cóimeálacha a chuireann le cumhacht an árthaigh faoi bhrú déanta de cháilíochtaí áirithe cruach nó alúmanaim.

Ní bhaineann an treoir le: (i) árthaí atá deartha go speisialta le haghaidh úsáide núicléiche; (ii) árthaí atá suiteáilte ar longa agus ar aerárthaí; (iii) múchtóirí dóiteáin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainítear faoin treoir freagrachtaí monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí na n-árthaí brú simplí.

  • 1.

    Ni mór an comhartha comhréireachta CE a bheith ar an gcuid is mó de na hárthaí brú simplí laistigh de raon na treorach chun a thaispeáint go gcomhlíonann siad na ceanglais riachtanacha sábháilteachta i leith reachtaíocht AE.

  • 2.

    Ní mór don mhonaróir measúnú comhréireachta a dhéanamh agus doiciméadúchán teicniúil mionsonraithe a leagadh amach do na hárthaí.

  • 3.

    Ní mór d’allmhaireoirí a sheiceáil cé acu an bhfuil measúnuithe comhréireachta cearta déanta ag na monaróirí agus ní mór dóibh an t-údarás a dhéanann monatóireacht ar shábháilteacht a chur ar an eolas má mheasann siad nach gcloíonn an t-árthach leis na ceanglais riachtanacha sábháilteachta.

  • 4.

    Ni mór an doiciméadúchán riachtanach go léir a thaifeadadh agus é a choimeád ar feadh deich mbliana.

  • 5.

    Ní mór na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta a bheith scríofa i dteanga a mbeidh úsáideoirí deiridh ábalta í a thuiscint go héasca.

  • 6.

    Ní mór do na monaróirí agus do na hallmhaireoirí iad seo a leanas a léiriú ar a n-árthaí: ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh poist teagmhála.

  • 7.

    Sonraítear faoin treoir cad is gá do na húdaráis fhaireachas margaidh náisiúnta a dhéanamh chun táirgí neamhchomhlíontacha a aithint agus chun a chinntiú nach gcuirfear na táirgí seo ar an margadh nó nach gcuirfear ag obair iad ar mhargadh AE.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR SEO?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 18 Aibreán 2014 agus cuirfear chun feidhme í ón 20 Aibreán 2016. Aisghairfear Treoir 2009/105/CE le héifeacht ón 20 Aibreán 2016.

CÚLRA

Nuashonraíonn an treoir na rialacha AE atá ann cheana féin maidir le hárthaí brú simplí a chur ar an margadh agus a chur ag obair. Is cuid den iarracht í seo dlí na hEorpa a nuachóiriú i réimse leathan earnálacha tionsclaíochta chun rialacha a shimpliú, chun ualaí riarachán a laghdú agus chun rialacha níos soiléire agus níos comhsheasmhaí a leagadh amach.

Féach ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hárthaí brú simplí chun tuilleadh faisnéise a fháil.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/29/AE

18.4.2014. Beidh feidhm ag Airteagail 1, 3, 4 agus 5 agus ag Iarscríbhinní I agus III ón 20.4.2016

19.4.2016

IO L 96, 29.03.2014, lgh. 45-78.

Nuashonraithe 17.02.2015

Top