Rialacha nós imeachta maidir le státchabhair
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2015/1589 — cur i bhfeidhm rialacha maidir le státchabhair AE
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar síos leis na nósanna imeachta chun na rialacha maidir le státchabhair* an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Mar riail ghinearálta, cuirtear cosc ar státchabhair faoi dhlí AE toisc go bhféadfadh sé buntáiste míchothrom a thabhairt do chuideachta amháin nó do ghrúpa cuideachtaí thar cheann eile, rud a shaobhann an iomaíocht in AE. Faoi thosca áirithe, mar sin féin, ceadaítear státchabhair chun tacú le hearnálacha eacnamaíocha áirithe a mbíonn deacrachtaí acu, cuir i gcás. Leagtar síos sa rialachán seo na rialacha nós imeachta ábhartha maidir le státchabhair AE a chur i bhfeidhm.
- Nós imeachta maidir le cabhair ar tugadh fógra ina leith: Ní mór do thíortha AE fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le haon phleananna atá acu cabhair nua a thabhairt. I gcásanna den sórt sin, áirítear leis na nósanna imeachta an dualgas atá ar an gCoimisiún an tír AE lena mbaineann a chur ar an eolas gan mhoill go bhfuair sé an fógra agus cinneadh a dhéanamh laistigh de 2 mhí faoi cibé an bhfuil an chabhair dleathach nó nach bhfuil nó cibé an bhfuil gá le nós imeachta imscrúdaithe breise nó nach bhfuil.
- Maidir le haon nós imeachta imscrúdaithe den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar aon tír AE, cuideachta nó grúpa cuideachtaí an fhaisnéis mhargaidh go léir a theastaíonn uaidh a thabhairt dó d’fhonn cinneadh a dhéanamh ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an chabhair dleathach faoi rialacha AE. Féadfaidh sé fíneálacha a ghearradh ar aon chuideachta a sholáthraíonn faisnéis bhréagach nó mhíthreorach. Ní mór don Choimisiún iarracht a dhéanamh teacht ar chinneadh laistigh de 18 mí ó chuirtear an nós imeachta imscrúdaithe ar bun.
- Nós imeachta maidir le cabhair neamhdhleathach: féadfaidh an Coimisiún, dá stuaim féin, scrúdú a dhéanamh ar aon fhaisnéis a fhaigheann sé maidir le haon chabhair neamhdhleathach a líomhnaítear. I gcásanna den sórt sin áirítear leis na nósanna imeachta an ceart atá ag an gCoimisiún chun an fhaisnéis riachtanach go léir a fháil chun cinneadh a dhéanamh. Féadfaidh sé urghairí a eisiúint freisin ag iarraidh ar thír AE faisnéis ábhartha a sholáthar (urghaire faisnéise) nó aon chabhair neamhdhleathach a chur ar fionraí go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún maidir le hoiriúnacht na cabhrach leis an margadh inmheánach (urghaire fionraíochta).
- Tréimhsí teorannaithe: an chumhacht atá ag an gCoimisiún chun cabhair a fháil ar ais teoranta go 10 mbliana ón lá a ndeonaítear an chabhair neamhdhleathach don chuideachta nó don ghrúpa cuideachtaí ábhartha.
- Imscrúduithe ar earnálacha den gheilleagar: féadfaidh an Coimisiún imscrúdú a sheoladh i gcás go bhfuil amhras air go bhfuil an iomaíocht á saobhadh mar gheall ar státchabhair a tugadh d’earnáil áirithe den gheilleagar. Féadfaidh sé faisnéis a iarraidh ar thíortha AE agus ar chuideachtaí ábhartha. Nuair a dhéanann sé é sin, ní mór dó na cúiseanna atá lena fhiosrúchán a lua agus tuairisc maidir lena chuid torthaí a fhoilsiú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 14 Deireadh Fómhair 2015.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Státchabhair: aon chineál buntáiste (mar shampla deontas, faoiseamh cánach nó úis) a thugann tír AE do chuideachta a thugann buntáiste eacnamaíoch don chuideachta sin thar a cuid iomaitheoirí.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 ina leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lgh. 9-29)
Nuashonraithe 17.10.2016
Top