EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Common EU rules for imports
Comhrialacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh allmhairí
Comhrialacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh allmhairí
Comhrialacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh allmhairí
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?
Oibríonn an Aontas Eorpach (AE) ar an bprionsabal gur cheart táirgí a allmhairiú faoi shaoirse gan a bheith faoi réir srianta cainníochtúla ar bith (e.g. cuótaí), mura bhfuil bearta* cosanta i bhfeidhm. Chun críche trédhearcachta, in 2015 d’fhoilsigh AE leagan códaithe* dá chomhrialacha le haghaidh allmhairí chun na leasuithe éagsúla a rinneadh le déanaí a chuimsiú i bpíosa amháin reachtaíochta.
Leagtar síos ann:
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an rialachán maidir le hallmhairí táirgí a thionscnaítear i dtíortha neamh-AE, ach amháin le haghaidh:
Ní mór do thíortha AE a chur in iúl don Choimisiún Eorpach má tá an chuma air de réir treochtaí in allmhairí go dteastaíonn faireachán nó bearta cosanta a dhéanamh.
Nósanna imeachta imscrúdaithe AE
Féachtar san imscrúdú lena dhearbhú an bhfuil nó nach bhfuil díobháil thromchúiseach* á déanamh ag allmhairí táirge (nó go mbaineann bagairt leo díobháil thromchúiseach a dhéanamh) do tháirgeoirí AE lena mbaineann. Ní mór imscrúdú a chur i gcrích i 9 mí de ghnáth ach, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí é a shíneadh go 11 mhí.
Déanfar imscrúdú ann ar an treocht in allmhairí, na dálaí ina ndéantar iad agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil díobháil thromchúiseach á déanamh acu nó go mbaineann bagairt leo díobháil thromchúiseach a dhéanamh do tháirgeoirí de chuid AE mar thoradh ar tháirgí dá leithéid.
Breithnítear ann ar na fachtóirí seo a leanas:
Má thaispeántar san imscrúdú go bhfuil an oiread méadaithe tagtha ar tháirgí go ndéanann siad díobháil thromchúiseach (nó go mbaineann bagairt leo díobháil thromchúiseach a dhéanamh) do tháirgeoirí de chuid AE, féadfaidh an Coimisiún bearta cosanta a fhorchur.
Bearta cosanta
D’fhéadfadh srianta cainníochtúla ar allmhairí táirge ó thír neamh-AE ar bith a bheith mar thoradh ar imscrúdú AE. Níor chóir do chuótaí allmhairí a bheith níos ísle ná meánleibhéal na n-allmhairí le linn na 3 bliana ionadaíocha a chuaigh thart a bhfuil staitisticí ar fáil ina leith.
Baineann cosaintí le gach allmhaire den táirge lena mbaineann, ó gach tír.
Bearta faireachais
D’fhéadfadh réamhfhaireachas nó faireachas cúlghabhálach AE ar tháirge a bheith mar thoradh ar an imscrúdú. Is éard is faireachas ann ceadúnú allmhairiúcháin uathoibríoch thar thréimhse ama. Ní chuirtear srian ar allmhairí go cúlghabhálach nó roimhe ré leis. D’fhéadfaí táirgí ar a ndearnadh réamhfhaireachas a chur i saorchúrsaíocht, ach i ndiaidh doiciméad allmhairiúcháin arna fhormhuiniú ag údarás inniúil arna ainmniú ag tír AE agus atá bailí ar fud AE a thabhairt amháin.
Faisnéis agus próiseas comhairliúcháin
Roimh nós imeachta imscrúdaithe AE agus ina dhiaidh, téann an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Choimircí (ionadaithe na dtíortha AE uile). Ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt do thíortha AE maidir le cinneadh ar bith a dhéanann sé maidir le bearta cosanta. Mar phointe tosaigh, is féidir bearta cosanta a fhorchur má thugann tíortha AE tacaíocht ina leith le tromlach cáilithe. Déantar foráil sa rialachán chomh maith i leith cúinsí sonracha vótála eile.
Tíortha i mbéal forbartha
Ní féidir beart cosanta ar bith a chur i bhfeidhm ar tháirge a thionscnaítear i dtír i mbéal forbartha atá ina bhall den Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar an gcoinníoll nach mó sciar tíre tháirgí de chuid AE an táirge lena mbaineann ná 3 % agus nach ionann sciar allmhairiúcháin gach tíre i mbéal forbartha agus níos mó ná 9 %.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 16 Aibreán 2015.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: “Allmhairiú isteach in AE” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* Bearta cosanta: tá siad sin beartaithe do chásanna ina ndeachaigh méadú géar agus tobann le déanaí i gcion ar thionscal de chuid AE, i ngeall ar fhorbairtí gan choinne. Ceaptar iad chun tréimhse shealadach a thabhairt do thionscal leis féin a athstruchtúrú.
* Códú: an próiseas um acht reachtach agus a leasuithe ar fad a thabhairt le chéile in acht aonair úr.
*Díobháil thromchúiseach: bearnú suntasach foriomlán i staid tháirgeoirí AE.
GNÍOMH
Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 16-33)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (AE) 2015/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile an Aontais i dtaca le hallmhairiú (IO L 160, 25.6.2015, lgh. 1-54)
Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 33-49)
Nuashonraithe 31.03.2016