Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Poist and fás a chruthaítear buíochas leis na farraigí (an geilleagar gorm)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Poist and fás a chruthaítear buíochas leis na farraigí (an geilleagar gorm)

Aithnítear roinnt saincheisteanna sa teachtaireacht seo a chuireann bac ar an nuálaíocht sa gheilleagar gorm. Leagtar amach inti freisin pleananna an Choimisiúin Eorpaigh chun dul i ngleic le príomhbhacainní. Spreagfar nuálaíocht sa gheilleagar gorm chun cabhrú le cumas eacnamaíoch ár bhfarraigí agus ár n-aigéan a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, rud a chruthóidh poist agus fás.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Nuálaíocht sa gheilleagar gorm: cumas post agus fáis ár bhfarraigí agus ár n-aigéan a bhaint amach (COM(2014) 254 final/2 an 8 Bealtaine 2014).

ACHOIMRE

Aithnítear roinnt saincheisteanna sa teachtaireacht seo a chuireann bac ar an nuálaíocht sa gheilleagar gorm. Leagtar amach inti freisin pleananna an Choimisiúin Eorpaigh chun dul i ngleic le príomhbhacainní. Spreagfar nuálaíocht sa gheilleagar gorm chun cabhrú le cumas eacnamaíoch ár bhfarraigí agus ár n-aigéan a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, rud a chruthóidh poist agus fás.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

  • Moltar líonra sonraí oscailte agus furasta le húsáid inti a bhaineann leis na farraigí agus na haigéin trí bhunachair shonraí reatha a chur le chéile agus trína n-inrochtaineacht a fheabhsú.
  • Féachtar léi mapa de ghrinneall na farraige a fhorbairt do na huiscí go léir san Eoraip faoi 2020.
  • Iarrtar léi ardán faisnéise a chruthú de na tionscadail uile um thaighde muirí faoi dheireadh na bliana 2015, ar mheascán é den obair a dhéantar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) agus ar leibhéal náisiúnta.
  • Cruthaítear “Fóram Gnó agus Eolaíochta an Gheilleagair Ghoirm” fúithi a thiocfaidh le chéile sa bhliain 2015 chun smaointe agus torthaí a roinnt idir an tionscal, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí eile a bhfuil suim acu i bhfarraigí agus in aigéin na hEorpa.
  • Cuirtear “Comhghuaillíocht Scileanna Idir Earnálacha” chun cinn inti, ar chomhpháirtíocht tionscail agus oideachais í a bhfuil mar chuspóir aici an t-athrú idir foghlaim/oiliúint agus an obair a dhéanamh níos fusa. Cuirtear “Comhghuaillíocht Eolais” chun cinn inti freisin, a thugann scoláirí agus gnóthais le chéile chun cur leis an nuálaíocht trí bhíthin ardoideachais.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • 1

    Tá easpa faisnéise ann faoi láthair maidir le farraigí agus le haigéin na hEorpa. Cuireann sé seo teorainn leis an nuálaíocht agus le fás post, agus sin an fáth go n-iarrtar sa pháipéar seo ar bhunachair shonraí fheabhsaithe agus ar mhapa de ghrinneall na farraige a chruthú do na huiscí go léir san Eoraip.

  • 2

    Cé gur éirigh go maith den chuid is mó leis an taighde maidir le “ fás gorm ”, tá roinnt constaicí ann, amhail taighde dúbailte, drochrochtain ar chistí taighde, agus easpa comhoibrithe phríobháidigh phoiblí.

  • 3

    Déanfar taighde ar chaoi ar féidir poist agus fás geilleagrach a chruthú buíochas le hacmhainní muirí, agus úsáid inbhuanaithe á baint as na hacmhainní sin.

  • 4

    Té easpa scileanna ann i láthair na huaire sa mhargadh fostaíochta a bhaineann le farraigí agus le haigéin na hEorpa, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar an easpa scileanna sin mura ndéanfar beart.

CÚLRA

Leanann an teachtaireacht seo teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach ó 2012 ina dtaispeántar gur féidir le farraigí, le haigéin agus le cóstaí na hEorpa cur leis an straitéis Eoraip 2020 i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tagraíonn “geilleagar gorm” don chuid den gheilleagar AE atá bunaithe ar na farraigí agus ar na haigéin, agus tagraíonn “fás gorm” don nuálaíocht agus do chruthú post san earnáil mhuirí.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, i bpreaseisiúint agus i bpreasmheabhrán.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Deiseanna fáis ghoirm ar mhaithe le fás inbhuanaithe muirí (COM(2012) 494 final an 13 Meán Fómhair 2012).

Nuashonraithe 08.12.2014

Top