This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU Consumers, Health, Agriculture and Food Executive Agency
Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an AE um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia
Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an AE um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia
This summary has been archived and will not be updated. See 'Cláir AE — gníomhaireachtaí' for an updated information about the subject.
Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an AE um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia
Agus í ag obair i gcomhar le roinn an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as beartas sláinte agus tomhaltóra, déanann an ghníomhaireacht bainistíocht ar chláir oibre an Aontais Eorpaigh a bhaineann le sláinte phoiblí, le cosaint tomhaltóirí agus le sábháilteacht bia.
GNÍOMH
Cinneadh Cur Chun Feidhme an Choimisiúin 2013/770/AE le Gníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte agus Bia a bhunú agus le Cinneadh 2004/858/CE a aisghairm.
ACHOIMRE
Agus í ag obair i gcomhar le roinn an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as beartas sláinte agus tomhaltóra, déanann an ghníomhaireacht bainistíocht ar chláir oibre an Aontais Eorpaigh a bhaineann le sláinte phoiblí, le cosaint tomhaltóirí agus le sábháilteacht bia.
Agus í lonnaithe i Lucsamburg, gníomhaireacht neamhspleách is ea An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (CHAFEA) atá freagrach as líon clár oibre de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a chur i bhfeidhm. Feidhmíonn sí taobh leis an gCoimisiún Eorpach, atá freagrach as ceapadh beartais sna réimsí sin.
Déantar in obair de chuid CHAFEA codanna de na cláir mar seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Is iad príomhthascanna CHAFEA:
Gabhann CHAFEA in ionad an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Sláinte agus Tomhaltóirí. Cuimsítear an tréimhse suas le 31 Nollaig 2024 sa chinneadh seo.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh 2013/770/AE |
19.12.2013 |
- |
Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh 2014/927/AE |
7.1.2015 |
- |
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 58/2003 lena leagtar an reacht síos le cúram tascanna áirithe i mbainistíocht chláir an Chomhphobail a chur ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin. [Iris Oifigiúil L 11 an 16.1.2003, lgh. 1-8].
Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1653/2004 maidir le rialachán airgeadais caighdeánach do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 58/2003 lena leagtar an reacht síos le cúram tascanna áirithe i mbainistíocht chláir an Chomhphobail a chur ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin (Iris Oifigiúil L 297 an 22.9.2004, lgh. 6-16).
Nuashonraithe 07.07.2015